DNA, sin "aigéad dí-ocsairibeanúicléasach " atá ina lorg don chomhdhéanamh géiniteach. Tá DNA déanta suas as patrún bandaí (beagainín cosúil le barrachód) agus tá socrú na mbandaí seo éagsúil i ngach duine. Tá tréithe coitianta faoi leith i bpatrúin na mbandaí atá ag tuismitheoirí agus ag a gcuid leanaí.
Tastáil DNA
Ní theastaíonn ach sampla beag bídeach fola, síol nó aon fhiochán coirp eile le tastáil DNA a dhéanamh air. Nuair a dhéantar tástáil DNA tógtar "próifíl" den DNA. Bíonn tástáil DNA fíor thábhachtach mar fhianaise i ndá chás:
Leagann an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 síos nach féidir a dhearbhú
níos mó gur "samplaí príobháideacha" iad maipíní béil nó samplaí
gruaige. Mar sin ní gá do chead a iarraidh iad a thógáil.
Nuair a bhíonn fianaise DNA tarraingte anuas sa chúirt is finné saineolaí a dhéanann í a mhíniú i gcónaí. Inseoidh an saineolaí don chúirt cé chomh minic a fhaightear an "próifíl" sin sa daonra ginearálta. Mar shampla, d'fhéadfadh sé go n-inseodh an saineolaí don chúirt go bhfuil an "próifíl" seo le fáil i dtuairim duine i ngach 1,000,000 daoine.
D’fhoilsigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí páipéar comhairliúcháin faoi bhunachar sonraí DNA a bhunú i Márta 2004. Lean foilseachán an pháipéir chomhairliúcháin seo iarratas ó Ard-Aighne na hÉireann i 2003 go ndéanfar an cheist seo a mheas. De bharr moltaí a tháinig ón choimisiún, rinneadh mionscrúdú ar cheisteanna leathana agus casta a bhaineann le cearta bunreachtúla agus cearta daonna a d’fhéadfadh a theacht aníos; agus ar an dara dul síos, an tsaincheist sin faoi céard iad na ranganna próifíle DNA a n-úsáidfí chun bunachar sonraí ar bith a chur le chéile.
Leag Páipéar an Choimisiúin um Athchóiriú An Dlí amach idirdhealuithe soiléire idir na moltaí a rinneadh idir samplaí DNA agus próifílí DNA, ag beartú go mbeadh próifílí amháin á gcoinneáil sa bhunachar sonraí. Rinne an coimisiún moladh sealadach faoi bhunachar sonraí DNA teoranta a bhunú, ina mbeadh próifílí díobh siúd a bhfuil amhras réasúnta fúthu go ndearna siad coireanna tromchúiseacha, agus iad siúd a ciontaíodh, á gcoinneáil ar an mbunachar sonraí.
Dhírigh an Páipéar Comhairliúcháin ar an gceist faoi cé ar chóir dóibh bunachar sonraí DNA a rialú agus a chothabháil, ag moladh gur chóir Gníomhaireacht Stáit Fhóiréinseach neamhspleách a bhunú chuige seo.
Tá rún ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí tuairisc ar an ábhar seo a fhoilsiú ag deireadh 2005 (pdf). Beidh tuilleadh eolais á fhoilsiú chomh luath agus a bheidh sé ar fáil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.