Láithreacha Coireanna

Réamhrá

Nuair a dhéantar tromchoir in Éirinn, is gnách go ndéanfaidh na Gardaí tródam a chur in airde timpeall ar an limistéar ina ndearnadh an choir. Déantar é seo de ghnáth chun láthair na coire a chaomhnú chun gur féidir scrúdú mionsonraithe fóiréinseach a dhéanamh. Déanann na Gardaí scrúdú ar an láthair choire le fianaise a bhailiú a chabhróidh leis an gcoire a réiteach.

Tá údarás dleathach ag na Gardaí aon áit a ainmniú mar láthair choire faoi Chuid 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 2006 (Imscrúdú Cionta).

Cad is féidir leis na Gardaí a dhéanamh le láthair choire a chaomhnú?

Cad is féidir leis na Gardaí a dhéanamh le láthair choire a chaomhnú?

Tá cumhachtaí ag na Gardaí is féidir leo a úsáid lena chinntiú nach gcailltear fianaise ríthábhachtach ag láthair choire. Ní féidir na cumhachtaí seo a chur i bhfeidhm ach fad a bhítear ag feitheamh le Garda ar chéim níos sinsearaí (ceannfort nó os a chionn) teacht i láthair agus an láthair a ainmniú mar láthair choire. Is féidir leo na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh:

  • Tródam a chur in airde timpeall na láithreach coire trí úsáid a bhaint as fógraí, marcanna nó bacainní
  • Ordú a thabhairt do dhaoine láthair na coire a fhágáil nó cosc a chur orthu an láthair choire a iontráil
  • Aon duine a bhaint den láthair má theipeann orthu cloí lena n-ordú an láthair choire a fhágáil
  • Cead a thabhairt d’aon duine údaraithe láthair na coire a iontráil
  • Cosc a chur ar dhuine cur isteach ar an láthair choire nó ar aon rud ag an láthair a d’fhéadfaí a rangú ina dhiaidh sin mar fhianaise
  • Láthair na coire a chosaint ó aon chur isteach neamhúdaraithe
  • Cuardach agus scrúdú a dhéanamh ar an láthair choire agus ar aon rud atá inti
  • Grianghraif a thógáil den láthair choire nó d’aon rud atá inti nó an láthair a thaifeadadh ar bhealach eile

Ordú le láthair choire a chaomhnú

Is féidir leis an gCeannfort a ordú áit nó láthair choire a ainmniú ó bhéal, ach caithfear é a chur i dtaifead i scríbhinn a luaithe agus is féidir. Caithfidh na rudaí seo a leanas a bheith sa taifead scríofa seo:

  • Cur síos ar an áit a ainmnítear mar láthair choire
  • An dáta agus an t-am a tugadh an t-ordú
  • Ainm agus céim an Gharda a thug an t-ordú
  • Na forais lena chreidiúint go dteastaíonn an t-ordú a thabhairt

Teorainneacha ama láthair choire

Ainmnítear áit go hoifigiúil i dtreoir Cheannfoirt mar láthair choire. Maireann an treoir seo ar feadh 24 uair an chloig ón tráth a thugtar é, má bhaineann sé le réadmhaoin agus áiteanna faoi úinéireacht phríobháideach. Má tá an láthair choire in áit phoiblí, ní chuirtear aon teorainn ama i bhfeidhm uirthi.

Cad a tharlaíonn má éagann na 24 uair an chloig agus má tá scrúdú á dhéanamh go fóill ag na Gardaí?

Tá dhá bhealach ag na Gardaí le tréimhse na láithreach coire a shíneadh.

Is féidir leo iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ar ordú go leanfaidh an treoir de bheith i bhfeidhm ar feadh 48 uair an chloig sa bhreis. Is féidir é seo a dhéanamh trí huaire, a chiallaíonn go bhfuil an chumhacht ag an gCúirt Dúiche treoir a shíneadh ar feadh sé lá, ar an iomlán.

Faoi chúinsí eisceachtúla, is féidir leis na Gardaí iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt. Is féidir leis an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh d’aon tréimhse a mheasann sí is cuí, agus sonrófar an tréimhse san ordú cúirte.

Is féidir leat cur in aghaidh an ordaithe, ach ní dóchúil go ndiúltóidh an chúirt an t-ordú a dheonú. Is féidir leis an gcúirt coinníollacha áirithe a cheangal leis an ordú, áfach.

Pionóis agus cionta a bhaineann le láithreacha coire

Bíonn smacht iomlán ag na Gardaí ar láthair choire. Is cion é bac a chur ar Gharda nó má theipeann ort cloí le treoracha Garda nuair a bhíonn a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu ag láthair choire. B’fhéidir go ndlitear ort fíneáil nach mó ná €3,000 a íoc nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí a chaitheamh, nó an dá rud. Má bhíonn amhras réasúnta ar na Gardaí go ndearna tú cion a bhaineann le láthair choire, is féidir thú a ghabháil gan bharántas.

Eolas breise

Ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe air seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Iúil 2022