Anseo atá tú: Baile > Dlí > Fianaise > Fianaise imthoisceach

Print Page Send to a Friend

Fianaise imthoisceach

Eolas

Tugtar fianaise imthoisceach ar fhianaise a bhaineann le fíricí gur féidir conclúidí nó tuairimí a bhaint astu.

Mar shampla, i gcás ionsaithe nuair a tharla an choir ar Shráid Uí Chonaill ag 6.16i.n. is féidir leat fianaise a thabhairt go bhfaca tú an cúisí ag siúl ar Shráid Uí Chonaill ag 6.i.n. Sa chás sin is fianaise imthoisceach atá dhá thabhairt agat don chúirt.

D'fhéadfaí conclúidí nó tuairimí a bhaint as an bhfíric go raibh an cúisí ar Shráid Uí Chonaill ag 6i.n. ach níl fianaise tugtha agat maidir leis an bhfíric atá i gceist sa chás - ar ionsaigh an cúisí duine.

Más goid atá i gceist, seo a leanas samplaí de fhianaise imthoisceach:

  • Fianaise go raibh méarloirg an chúisí ar láthair na coire
  • Go raibh suim mhór airgid ag an gcúisí nach raibh sé/sí in ann a mhíniú go sásúil.

I gcás dúnmharaithe, seo a leanas samplaí de fhianaise imthoisceach:

  • Nár thaitin an té a d'fhulaing an choir ró-mhór leis an gcúisí
  • Go raibh iompar an chúisí aisteach agus amhrasach tar éis na coire
  • Gur inis an cúisí bréag maidir lena (h)ailibí
  • Go raibh sé/sí sa cheantar ag an am ar tharla an choir
  • Gur ionann fuil an chúisí nó DNA agus fuil nó DNA a fuarthas ar chorp an té a dúnmharaíodh.

Rialacha

Mar riail ghinearálta tá fianaise imthoisceach ceadaithe. Ach, bíonn na cúirteanna cúramach nuair nach bhfuil de fhianaise i gcás ach fianaise imthoisceach.

Ní mór scrúdú géar a dhéanamh ar fhianaise imthoisceach agus ní mór breathnú air go carnach. I bhfocail eile, bheadh leisce ar chúirt cosantóir a chiontú bunaithe ar phíosa amháin fianaise imthoisceach inti féin, mar shampla, go raibh a m(h)éarloirg faighte ag láthair na coire.

Ach, má bhíonn roinnt píosaí éagsúla fianaise imthoisceach ann, tógtha lena chéile, bíonn údarás níos mó acu. Mar shampla, más goid a bhí ann, má chonacthas an cosantóir sa cheantar ag an am, má bhí a m(h)éarloirg faighte ag láthair na coire agus má bhí suim mhór airgid aige/aici ina dhiaidh sin nach raibh sé/sí in ann a mhíniú, bheadh níos mó seans ann go mbeadh an chúirt sásta an duine sin a chiontú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Fianaise aitheantais
    Fianaise a thugann an té a d'fhulaing nó fianaise a thugann finné a ainmníonn an cúisí mar an té a rinne an choir í fianaise aitheantais.
  • Taifeadadh téip/físe mar fhianaise
    Déantar plé anseo ar úsáid a bhaint as taifid chaiséid/físe mar fhianaise sa chúirt.
  • Fianaise DNA
    Is iondúil go mbaintear úsáid as fianaise DNA i dtrialacha le aitheantas daoine a chruthú. Faigh amach anseo cén chaoi a mbaintear úsáid as an bhfianaise seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.