Scrúdú taobh amuigh den chúirt ar láthair nó ar ábhar nach féidir a thabhairt isteach sa chúirt é "Radharc". Mar shampla, is féidir leis an mbreitheamh (agus an giúiré más cás coiriúil atá ann) agus na páirtithe sa chás an chúirt a fhágáil le scrúdú a dhéanamh ar inneall mór nó ar fheithicil mhótair atá tábhachtach don chás.
Is féidir radharc a tharraingt anuas mar fhianaise i gcás coiriúil nó i gcás sibhialta. Sa chuid is mó cásanna, ní bhíonn aon ghá an chúirt a fhágáil le láthair nó ábhar a scrúdú mar gheall go nglacann an chúirt le grianghraf nó taifead físe den radharc atá i gceist.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.