Ciontuithe spíonta

Réamhrá

A luaithe a mhaitheann duine ag a bhfuil ciontú coiriúil a bhfiacha don tsochaí, téann sé chun mórshochair na sochaí agus an chiontóra go ndéantar iad a ath-chomhtháthú isteach sa tsochaí a thapúla agus is féidir. Is dóchúil, áfach, go n-imreoidh nochtadh ciontaithe choiriúil tionchar diúltach ar ionchais fostaíochta duine agus féadfaidh sé tionchar a imirt ar shaol duine ar roinnt mhaith bealaí eile, chomh maith:

  • Diúltaítear iontráil isteach i ngairmeacha áirithe, ar nós an dlí nó leighis
  • Diúltaítear ceadúnas ar nós ceadúnas tiomána FSP (feithicil seirbhíse poiblí) nó ceadúnas arm tine
  • Féadtar cumhdach árachais a dhiúltú

D’fhéadfadh na hiarmhairtí a bheith fiú níos tromchúisí sa chás go dteipeann ar an duine an ciontú a nochtadh ach go dtagann a láithreacht chun solais ag dáta níos déanaí.

Faoi Alt 258 d’Acht na Leanaí, 2001, féadtar cion a rinne leanbh a bhaint go huathoibríoch ón taifead amhail is nach ndearnadh riamh é, a luaithe a chomhlíontar coinníollacha áirithe. Féadfaidh tú teacht ar bhreis faisnéise inár gcáipéis ar leanaí agus an córas ceartais choiriúil.

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Ciontuithe Spíonta agus Nochtadh Áirithe), 2016, a tháinig i bhfeidhm an 29 Aibreán 2016, beidh réimse mionchionta spíonta i ndiaidh 7 mbliana. Ciallaíonn seo nach gá do dhuine fásta atá ciontaithe i leith ciona a cumhdaíonn an tAcht an ciontú a nochtadh i ndiaidh 7 mbliana, seachas faoi chúinsí airithe.

Cionta

Leagtar amach na cionta ar féidir a mheas go bhfuil siad spíonta i ndiaidh 7 mbliana in Alt 5 den Acht. Is iad siúd:

  • Gach ciontú sa Chúirt Dúiche i ngeall ar chionta tiomána, seachas i dtaobh ciontuithe i ngeall ar thiomáint chontúirteach atá teoranta do chiontú aonair
  • Gach ciontú sa Chúirt Dúiche i ngeall ar mhionchionta oird phoiblí
  • Ciontú aonair (seachas cion tiomána nó oird phoiblí) sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda ónar eascair téarma príosúnachta 12 mhí nó níos lú (nó fíneáil)

Ní bhaineann an tAcht le haon chiontú i ngeall ar chion gnéasach nó cion a rinneadh a thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.

Bíonn an tréimhse 7 mbliana i gceist ón dáta a bhí an phianbhreith choinneála nó neamhchoinneála oibríoch agus ní mór gur chomhlíon tú an phianbhreith nó an t-ordú a gearradh.

Nochtadh

Go ginearálta, níl ort ciontú spíonta a nochtadh nuair a sholáthraíonn tú faisnéis ar chiontuithe roimhe seo. B’fhéidir go mbeidh ort ciontú spíonta a nochtadh, áfach, in imeachtaí cúirte agus leagtar amach na cúinsí in Alt 7 den Acht.

Ní mór duit aon chiontuithe spíonta a nochtadh chomh maith:

  • In agallamh leis an nGarda Síochána i ndiaidh gur gabhadh thú maidir le himscrúdú ciona
  • Nuair a dhéanann tú iarratas

    - chun an Stát a iontráil, nó fanacht sa Stát

    - ar shaoránacht Éireannach,

  • In iarratas nó i rith imscrúdú faoi Chuid 3 den Acht um Athchóiriú an Bhainc Cheannais, 2010

Má ciontaíodh thú i leith calaoise, meabhail nó caimiléireachta maidir le héileamh faoi pholasaí árachais nó polasaí ráthaíochta, tá ort an ciontú sin a nochtadh ar aon togra nó foirm árachais nó ráthaíochta.

Teastaíonn nochtadh má bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar shaghsanna áirithe de cheadúnas. I measc na gceadúnas seo, tá ceadúnais feithicil seirbhíse poiblí, slándála príobháidí, tacsaí agus airm thine.

Fostaíocht

Go ginearálta, níl ort ciontú spíonta a nochtadh nuair a bhíonn fostaíocht á cuardach agat. Tá ort aon chiontuithe spíonta a nochtadh má bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar obair ó roinnt comhlachtaí, ar nós an Gharda Síochána, na Seirbhís Cúirteanna agus roinnt ranna rialtais, áfach. Tugtar an liosta comhlachtaí i Sceideal 2 den Acht.

Ní bhaineann an córas neamhnochta faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Ciontuithe Spíonta agus Nochtadh Áirithe), 2016 le fostaíocht a bhaineann le leanaí nó le daoine fásta leochaileacha. Ní mór grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ar na hiarratasóirí siúd agus tá a chóras féin neamhnochta ag Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Nochtadh i stáit eile

Ní féidir reachtaíocht um chiontuithe spíonta na hÉireann a úsáid chun cosc a chur ar nochtadh nuair a bhíonn ort faisnéis a nochtadh faoi do chiontuithe coiriúla do stát eile, mar shampla, SAM nó an Astráil. Bíonn tú faoi réir dhlíthe na tíre sin agus b’fhéidir go mbeidh ort na ciontuithe siúd a nochtadh.

Measúnú a dhéanamh ar thaifid choiriúla atá á gcoimeád ag na Gardaí

Faoin Acht um Chosaint Sonraí, 1988, bronntar an ceart ort chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta fút atá á gcoimeád ag an nGarda Síochána. Má iarrann tú ar chóip de do thaifead coiriúil ón nGarda Síochána, soláthrófar an taifead in 2 chuid, agus soláthrófar na ciontuithe spíonta ar leithligh ó na ciontuithe eile (más ann dóibh). Ciallaíonn seo go mbeidh tú in ann taifead glan a sholáthar má tá do chiontuithe spíonta.

Page edited: 25 October 2016