Tá réimse leathan de phianbhreitheanna ar fáil do bhreitheamh atá ag cur pianbhreithe ar dhuine a fuarthas ciontach i gcion coiriúil in Éirinn. Is féidir le pianbhreith a bheith ina pianbhreith choimeádta nó eile, agus áirítear na pianbhreitheanna seo a leanas leo:
Ag brath ar an gcion, d'fhéadfadh go mbeadh roghanna oiriúnach nach
pianbhreitheanna coimeádta iad, mar shampla dícháiliú, coigistiú agus
cúiteamh. Tá roghanna eile ann do chiontóirí gnéis nó gáinneála
drugaí.
Tá trí chineál shainiúla de roghanna príosúnachta ar fáil do bhreitheamh:
Is éard is pianbhreith shainordaitheach ann ná pianbhreith a gcaithfear í
a chur ar dhuine gan aird ar aon chúinsí eile. In Éirinn, tá pianbhreith
shainordaitheach de phríosúnacht saoil ag baint le
dúnmharú. Maireann pianbhreith saoil ar feadh an tsaoil. Mar a tharlaíonn i
roinnt tíortha áfach, ní hiondúil go ndéantar gach cuid den phianbhreith
saoil a chaitheamh i bpríosún in Éirinn. Is gné de chórais príosúin go
hidirnáisiúnta agus in Éirinn é príosúnaigh faoi phianbhreith a
scaoileadh go sealadach nó go luath.
Déanann an tAire Dlí agus
Cirt agus Comhionannais comhairle agus moltaí an Bhoird Parúil a
chur san áireamh i gcónaí agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le
príosúnach faoi phianbhreith saoil a scaoileadh as príosún. Faoi láthair,
déanann an Bord athbhreithniú ar phríosúnaigh faoi phianbhreith saoil i
ndiaidh dóibh 7 mbliana a chaitheamh sa phríosún.
Go hiondúil, déantar roinnt athbhreithnithe ar phríosúnaigh faoi
phianbhreith fhada (lena n-áirítear pianbhreith saoil) thar roinnt blianta
sula ndéanfadh an Bord moladh maidir le lamháltais thábhachtacha. Is faoin
Aire amháin atá sé an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le príosúnach
faoi phianbhreith saoil a scaoileadh. D'fhéadfadh go mbeadh éagsúlachtaí
móra ag baint leis na tréimhsí ama faoi choimeád a chaitheann ciontóirí
faoi phianbhreith saoil. Is é 12 bhliain go neasach an mheántréimhse a
chaitear sa phríosún ag daoine faoi phianbhreith saoil ar scaoileadh saor
iad. Níl anseo ach an mheántréimhse áfach; tá príosúnaigh faoi
phianbhreith saoil in Éirinn atá sa phríosún le os cionn tríocha bliain.
Tá uas-phianbhreitheanna maidir le gach coir leagtha amach ag an dlí. Mar
shampla, má fhaightear ciontach thú i mí-ord foréigneach faoi Alt
15 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994, is é príosúnacht
10 mbliana an uas-phianbhreith ar féidir a chur ort.
Úsáideann an breitheamh an uas-phianbhreith mar phointe tosaithe agus
cinneadh á dhéanamh aige maidir leis an bpianbhreith a ghearradh.
Fágtar an phianbhreith faoi rogha an bhreithimh go hiondúil. Tá roinnt
dlíthe ann áfach, a bhaineann an discréid seo den bhreitheamh agus a
chuireann iallach air íos-phianbhreith áirithe ar a laghad a
ghearradh.
Mar shampla, tá foráil ann d'íos-phianbhreith de phríosúnacht 10 mbliana
má fhaightear ciontach thú i sealbhú drugaí ar €13,000 nó níos mó a
luach faoi Alt
15A den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977, Alt 27 den Acht arna leasú ag
Alt 33 den Acht um
Cheartas Coiriúil 2007 (pdf). Ar an gcaoi chéanna, tá cionta nua tugtha
isteach ag an Acht um
Cheartas Coiriúil 2006 (pdf) maidir le hairm tine lena mbaineann
íos-phianbhreith má chiontaítear
thú ar díotáil. Más é do chéad chion é, tá sé de rogha ag an
mbreitheamh pianbhreith níos lú a ghearradh, ag féachaint do nithe eile, mar
shampla, pléadáil chiontach nó cúnamh a tugadh do na Gardaí. Más é do
dara cion nó níos mó é maidir le drugaí nó le hairm tine áfach, cuirfear
an íos-phianbhreith i bhfeidhm.
Feach "Tuilleadh eolais" thíos maidir le híos-phianbhreitheanna
sainordaitheacha do chionta airm tine.
Is éard atá i bpianbhreith ar fionraí ná go ndéanann an breitheamh pianbhreith phríosúin a ghearradh ach go gcuireann sé ar fionraí í ar choinníollacha áirithe. Mar sin, ní théann tú go príosún mura mbriseann tú na coinníollacha. Tá 3 chomhpháirt i gceist le pianbhreith ar fionraí:
Má bhriseann tú ceann de na coinníollacha laistigh den tréimhse ama lena
bhfuil an phianbhreith ar fionraí, beidh ort an téarma príosúnachta a
ghearradh ort ar dtús a fhulaingt.
Forálann An tAcht
um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail) 1983 d'orduithe seirbhíse pobail.
Caithfidh tú obair éigin a dhéanamh do leas an phobail mar phionós.
Gearrann breitheamh orduithe seirbhíse pobail in áit phianbhreitheanna
príosúnachta.
Ní mór roinnt comaoineacha a chomhlíonadh sula féidir le breitheamh ordú
seirbhíse pobail a ghearradh:
Ní féidir le líon iomlán na n-uaireanta don ordú seirbhíse pobail a
bheith os cionn 240 uair, agus ní mór duit an tseirbhís phobail a
chríochnú laistigh d'aon bhliain amháin den ordú.
Forálann go leor cionta d'fhíneáil a ghearradh. Go minic, forálfaidh
cionta d'fhíneáil agus/nó do phionós eile (pianbhreith príosúin de
ghnáth), agus ní bheidh i gceist le cionta eile ach fíneáil amháin. Má
bhíonn méid na fíneála os cionn méid áirithe (rang A fíneáil),
d'fhéadfadh go mbeadh an cion lasmuigh de dhlínse na Cúirte Dúiche, toisc nach
bpléann sé ach le mionchionta.
Nuair a ghearrtar fíneáil, is iondúil go sonraíonn an breitheamh tréimhse
ama ina gcaithfidh tú an fhíneáil a íoc. Mura n-íoctar an fhíneáil
laistigh den tréimhse ama sonraithe ag an mbreitheamh, d'fhéadfaí thú a
chur i bpríosún ar feadh tréimhse d'éagmais na híocaíochta. Is iad seo a
leanas na tréimhsí íocaíochta réamhshocraithe sa Chúirt Dúiche:
Tréimhsí réamhshocraithe i bpríosún de bharr gan fíneálacha a
íoc
| Méid na Fíneála | Príosúnacht d'éagmais |
| Faoi bhun €64 | 5 lá |
| Idir €64 agus €318 | 15 lá |
| Idir €318 agus €635 | 45 lá |
| Os cionn €635 | 90 lá |
Uaireanta, baineann breithiúna úsáid as cuirfiúnna agus/nó orduithe
eisiata mar rogha pianbhreithe. Go minic, beidh ordú mar seo i bhfoirm
coinníll bannaí nó de phianbhreith ar fionraí.
D'fhéadfadh an chúirt ordú a dhéanamh a chuirfeadh iallach ort a bheith sa
bhaile ag seoladh ar leith idir uaireanta áirithe den lá nó den oíche. Ar
an gcaoi chéanna, d'fhéadfadh an breitheamh cosc a chur ort a bheith ar
shráid áirithe nó dul isteach in áitreabh áirithe, mar shampla teach
tabhairne nó áitreabh ceadúnaithe.
Is féidir leis an gcúirt orduithe srianta gluaiseachta a ghearradh faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006. Is féidir iad a ghearradh má chiontaítear thú i gcionta áirithe (cionta a bhaineann le hord poiblí agus le hionsaí den chuid is mó) agus má ghearrtar príosúnacht de níos mó 3 mhí ort. Forálann an tAcht freisin gur féidir monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh orduithe dá leithéid go leictreonach. Níl an fhoráil seo curtha i bhfeidhm go fóill áfach. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa doiciméad maidir le horduithe srianta gluaiseachta.
Soláthraíonn an Probation of Offenders Act 1907 (pdf) bealach do na cúirteanna déileáil le ciontóirí céaduaire agus le ciontóirí nach cosúil go mbeidh i dtrioblóid arís, trí chineál de rabhadh oifigiúil a thabhairt dóibh gan pianbhreith a ghearradh orthu. Dá ndéanfaí ordú promhaidh, d'fhéadfadh sé coinníollacha áirithe eile a chur ort, chomh maith le héileamh ort a bheith dea-iomprach, mar seo a leanas:
I dteannta le cumhacht na cúirte ordú promhaidh a dhéanamh, tá seanchumhacht ann a cheadaíonn don chúirt banna a chur ort an tsíocháin a choinneáil agus a bheith dea-iomprach. Is éard atá i gceist ná go dtéann tú i gcúirtbhanna (nó banna airgeadais) at feadh tréimhse ama. Má bhíonn tú in achrann laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san ordú, beidh ort an méid sin airgid a íoc nó tá seans go gcuirfear i bpríosún thú.
Is bealach eile é an Bosca Déirce atá ag breithiúna chun déileáil le cionta nach cionta tromchúiseacha iad sa Chúirt Dúiche. D'fhéadfaí iallach a chur ort, dá n-aontófá, méid airgid a íoc isteach i mBosca Déirce na Cúirte. De ghnáth, déantar é seo mar mhalairt ar chion a thaifeadadh i d'aghaidh. Is dóigh nach ndéanfaidh breithiúna an rogha seo a bhreithniú ach amháin maidir le ciontóirí céaduaire a rinne mionchionta, mar shampla bruscar a chaitheamh nó cionta páirceála. Níl an rogha seo ar fáil ach amháin má phléadálann tú ciontach nó má bhíonn cúinsí áirithe ann a mhíníonn d'iompar. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa doiciméad maidir le Bosca Déirce na Cúirte.
Tugann dlíthe éagsúla an chumhacht do bhreithiúna orduithe a dhéanamh maidir le sealúchas a bhaineann leis an gcion inar ciontaíodh thú a fhorghéilleadh nó a choigistiú. Mar shampla, d'fhéadfaí foilseacháin thoirmiscthe a choigistiú faoi Alt 10 den Acht um Scrúdóireacht Fhoillseachán 1929.
Tugann an tAcht um Cheartas Coiriúil 1993 an chumhacht do bhreithiúna ordú duit cúiteamh a íoc nuair a chiontaítear thú. D'fhéadfadh é seo a bheith i dteannta, nó in áit, aon phionóis eile. Tá méid an chúiteamh ar féidir le cúirt a ordú teoranta leis an méid ar féidir leis an gcúirt a dhámhachtain i gcás sibhialta.
Teorainneacha cúitimh na gcúirteanna
| Cúirt | Uaschúiteamh |
| An Chúirt Dúiche | €6,350 |
| An Chúirt Chuarda | €38,100 |
Ní pionós atá i gceist le horduithe dícháiliúcháin, ach cinneadh nach
bhfuil duine inniúil don fheidhm óna bhfuil siad dícháilithe, mar shampla
carr a thiomáint.
Is iad ciontuithe maidir le cionta tiomána na dícháilithe is coitianta. Faoi
Alt 7 d'Acht na
gCuideachtaí 1990 áfach, d'fhéadfaí duine ar ciontaíodh é i gcion
coiriúil maidir le cuideachta, a dhícháiliú ó phostanna áirithe a
bhaineann le cuideachta a reáchtáil, mar shampla stiúrthóir.
Forálann na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre do chóras formhuinithe. Is éard is formhuiniú ann ná iontráil ar thaifead ceadúnais duine d'ordú cúirte dícháilithe nó pointe pionóis. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa doiciméad maidir le pointe pionóis.
I dteannta leis na roghanna ginearálta pianbhreithe atá ar fáil maidir le
gach cion, is féidir le breitheamh roinnt sainorduithe a dhéanamh nuair atá
cionta gnéis i gceist. Forálann an tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001 do seo.
Is iad seo a leanas na horduithe ar féidir le breitheamh a dhéanamh más
ciontóir gnéis ciontaithe thú:
Is féidir tuilleadh eolais a fháil sna doiciméid maidir le Clár na gCiontóirí Gnéis agus maidir
le monatóireacht
a dhéanamh ar chiontóirí gnéis.
Thug an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 córas isteach do gháinneálaithe
drugaí ciontaithe cosúil lena bhfuil i gceist do chiontóirí gnéis.
Ceadaíonn sé don chúirt ordú a dhéanamh a chuireann iallach a chur ort
d'ainm agus do sheoladh a chur in iúl do na Gardaí.
Ní dhéantar an t-ordú ach amháin má bhíonn an chúirt den tuairim go
mbeadh a leithéid d'ordú cuí ar mhaithe le leas an phobail, agus cúinsí do
cháis a gcur san áireamh. Tá tuilleadh eolais le fáil sa cháipéis ar Chlár na gCiontóirí
Drugaí.
Baineann íos-phianbhreitheanna sainordaitheacha le cionta áirithe airm tine. Is iad seo a leanas na cionta lena mbaineann na pianbhreitheanna seo. Tá discréid ag an mbreitheamh i gcás an chéad chiona.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.