Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Coiriúil > An Triail Choiriúil > Teorainneacha ama chun imeachtaí coiriúla a thosú

Print Page Send to a Friend

Teorainneacha ama chun imeachtaí coiriúla a thosú

Réamhrá

Tá rialacha áirithe a bhaineann leis an uasthréimhse ama a cheadaítear idir an dáta a rinneadh coir agus an dáta deiridh ar féidir leis na Gardaí tús a chur le himeachtaí coiriúla. Mura raibh a leithéidí seo de theorainneacha ann agus gur cuireadh coir i do leith, d'fhéadfadh go mbeadh an choir seo ag cur isteach ort ar feadh tréimhse gan deireadh, agus gan fhios agat an raibh na Gardaí chun tú a ionchúiseamh nó nach raibh.

Rialacha

Cionta achomair

I gcás ciona achomair (cion a triaileadh sa Chúirt Dúiche os comhair bhreitheamh gan aon giúiré) ní mór do na Gardaí gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche taobh istigh de sé mhí den chion a bheith déanta. I measc na gcionta seo tá formhór Cionta Tráchta ar Bhóithre ar nós ró-luas, pairceáil neamhdhleathach agus cionta fógra muirir sheasta.


Cionta Indíotáilte

Deir Alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil 1951 nach mbaineann na teorainneacha ama a chuirtear ar fáil i gcomhair cionta achomair le cion indíotáilte (an chion atá le triail ag breitheamh agus giúiré sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil). Go teicniúil, dá bhrí sin, níl aon teorainn ama ar thús a chur le himeachtaí i gcás chion indíotáilte mura gcuireann reachtaíocht ar leith ceann ar fáil.

Má tá moill rófhada ann ag ionchúiseamh ciona, áfach, is féidir leis an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh gan an cás a éisteacht. Nuair atá an cinneadh seo á dhéanamh aige/aici, tógann an breitheamh san áireamh an baol go laghdódh an mhoill an seans atá agat triail chóir a fháil, mar shampla má chiallaíonn an mhoill nach bhfuil fáil ar phríomh fhinnéithe níos mó chun fianaise a thabhairt nó dá bhféadfadh an mhoill cur isteach ar an gcuimhne a bhí acu den méid a tharla.


Teorainneacha ama speisialta

Baineann an teorainn ama ginearálta de 6 mhí chun tús a chur le himeachtai, a luadh thuas, le formhór cionta a láimhseáiltear sa Chúirt Dúiche. Tá eisceachtaí áirithe leis seo, áfach. Mar gheall ar chineál agus deacracht imscrúdaithe i gcás chionta ar leith agus dóthain fianaise a bhailiú chun tús a chur le himeachtaí, baineann teorainneacha ama speisialta leo faoin dlí. Seo a leanas samplaí de na cionta sin:

  • Faoi na hAchtanna Raidio-Thelegrafaíochta, is féidir le An Post tús a chur le himeachtaí i gcomhair teilifiseáin gan ceadúnas ag tréimhse ar bith taobh istigh de 12 mhí ó dháta an chiona.
  • Faoi Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992 is féidir tús a chur le himeachtaí maidir le cion ag tréimhse ar bith taobh istigh de 2 bhliain ó dháta an chiona.
  • I gcás cionta faoi na hAchtanna Ioncaim, is féidir tús a chur le himeachtai taobh istigh de 10 mbliana ó dháta an chiona.
  • I gcomhair cionta faoi na hAchtanna Custaim, is féidir tús a chur le himeachtaí taobh istigh de 3 bliana ó dháta an chiona.


An t-am a ríomh

Go hiondúil, má fhaigheann tú toghairm agus go lorgaíonn tú comhairle dlí, seiceálann do dhlíodóir na dátaí ar an toghairm chun a chinntiú gur chuir na Gardaí isteach ar an toghairm taobh istigh den teorainn ama atá ceadaithe. Má rinneadh an t-iarratas taobh amuigh den teorainn ama, caithfear an cás amach as an gcúirt.

Is é an dáta ríthábhachtach ná an dáta a ndéanann na Gardaí an gearán le breitheamh na Cúirte Dúiche nó an dáta a ndéanann siad iarratas chuig an gcléireach cúirte cuí chun toghairm a eisiúint, seachas an dáta ar eisíodh an toghairm ná an dáta ar seirbheáladh an toghairm ortsa.

Is é an dáta ríthábhachtach eile ná an dáta a rinneadh an cion. I bhformhór cásanna, bíonn sé seo an-soiléir, mar shampla i gcás tiomána ró-thapa nó gadaíochta.

Tá ciontaí áirithe atá beagán difriúil, áfach. Sampla de seo ná nuair a stopann na Gardaí tú agus tú ag tiomáint ar an 1 Eanáir agus go n-iarrtar do theastas mótarárachais ort. Mura dtaispeánann tú láithreach bonn é, tá 10 lá agat chun é a thabhairt isteach chuig stáisiún Garda ar bith de do rogha féin. Má theipeann ort é a thabhairt i láthair taobh istigh de 10 lá ansin tá cion déanta agat. Níl an cion seo curtha i gcrích go dtí tar éis dhul in éag an tréimhse 10 lá seo, agus ní bhíonn an lá a stopadh tú á chomhaireamh mar cheann den 10 lá seo. Mar sin, sa chás seo is é an 12 Eanáir an dáta ríthábhachtach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Toghairmeacha
    Tá cur síos anseo ar thoghairmeacha.
  • Coireanna a aicmiú i gcúiseanna coiriúla
    Déantar imscrúdú ar chion coiriúil agus déantar é a ionchúiseamh bunaithe ar an gcineál coire atá i gceist. Chun na críche seo, féadtar cionta coiriúla a aicmiú i slite difriúla.
  • Coireanna Tíomána
    Tá eolas anseo maidir leis na pionóis a ghearrtar má fhaightear ciontach tú i gCoir Tiomána.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.