Toghairmeacha

Réamhrá

In Éirinn, in áit tú a ghabháil chun tú a thabhairt chun na cúirte chun gearán a fhreagairt, is féidir leis na Gardaí toghairm a sheirbheáil ort a ordaíonn duit a theacht i láthair sa chúirt ar dháta ar leith ag am ar leith. Eisíonn an Chúirt Dúiche toghairmeacha tar éis do ghearán a bheith déanta i do choinne ag Garda (nó ag duine eile in ionchúiseamh príobháideach).

Is iondúil go n-eisítear toghairmeacha i gcásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach nuair nach gceaptar gur gá tú a ghabháil chun a chinntiú go dtiocfaidh tú i láthair sa chúirt.

Rialacha

Tá trí bhealach inar féidir toghairmeacha a eisiúint in Éirinn i gcomhair mionchionta:


Faoin Acht Gearr-Sheisiún (Éire) 1851

Seo é an próiseas a úsáidtear go hiondúil in ionchúisimh príobháideacha, mar shampla, sa chás ina bhfuil deacrachtaí ag daoine aonair lena gcuid comharsana. Ní minic a úsáideann na Gardaí é.

Téann an gearánach os comhair breitheamh Cúirte Dúiche agus déanann sé an gearán ó bhéal nó i scríbhinn, le nó gan mionn, de réir mar a shocraíonn an breitheamh.

Ba cheart mionsonraí a bheith i gceist sa bhfaisnéis a thugann an gearánach maidir le:

  • Ainm agus seoladh an té a bhfuil an cion curtha ina leith.
  • Ainm agus seoladh an ghearánaí
  • Na sonraí bunúsacha a bhaineann leis an gcion líomhnaithe, lena n-áirítear an t-am atá sé líomhnaithe a tharla sé
  • An píosa reachtaíochta a bhaineann leis an gcion, más féidir.

Nuair a chuirtear an fhaisnéis ós comhair an bhreitheamh, ní mór dó/di an cinneadh a dhéanamh an dtugann sé údar le toghairm. Má eisíonn an breitheamh toghairm, cuirfidh sé seo ceangailt ar an té a bhfuil an cion curtha ina leith.

Faoi Acht na gCúirteanna (Uimh. 3) 1986

Is é an próiseas riaracháin foi Acht na gCúirteanna (Uimh 3) 1986 an nós imeachta a úsáideann na Gardaí go hiondúil agus ceadaíonn sé seo do oifig na Cúirte Dúiche toghairmeacha a eisiúint. Is próiseas riaracháin é seo inar féidir iarratais a dhéanamh ar son an Ard-Aighne, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, baill den Gharda Síochána nó aon duine eile atá cead reachtúil acu cionta a ionchúiseamh.

Toghairm

Toghairm a eiseofar faoin Act 1851 nó a eisíodh faoi Acht 1986 ní mór do na nithe seo a leanas a bheith san toghairm:

  • Ainm an ghearánaí nó an ionchúisitheoir (mar shampla, ainm Gharda)
  • Ainm agus seoladh an té ina bhfuil an gearán déanta ina leith
  • Sonraí, i ngnáth-theanga, maidir leis an gcion líomhnaithe, lena n-áirítear an t-am, an dáta agus an suíomh inar tharla an cion líomhnaithe
  • Am, dáta agus ionad na cúirte
  • An bhreithimh síniú má eisiúint ag breitheamh nó ainm an gcléireach Cúirte Dúiche

Sa chás ina n-eisítear an toghairm faoi Acht 1986, bíonn na nithe seo a leanas san toghairm freisin:

  • breac-chuntas ar an dlí atá sé líomhnaithe a briseadh
  • An dáta ar a ndearnadh iarratas ar an toghairm

Is é an ceann deiridh seo é an ceann is tábhachtaí maidir leis na teorainneacha ama i leith tús a chur le himeachtaí coiriúla. Léireoidh an dáta seo ar cuireadh isteach ar an toghairm taobh istigh den teorainn ama dlíthiúil atá ann chun tús a chur le himeachtaí.

I gcomhair neamh-íocaíocht fhíneálacha ráta seasta

Nuair a eisítear fógra ráta seasta chugat i gcomhair cion trácht ar bhóithre agus go dteipeann ort an fíneáil a íoc taobh istigh den am atá ceadaithe, eisítear toghairm chugat go huathoibríoch agus seolfar chugat é sa ghnáth-phost. Ní gá sa phróiseas seo go ndéanfadh an Garda iarratas go n-eiseofaí an toghairm, mar tarlaíonn an toghairm mar thoradh ar neamh-íocaíocht an fhíneáil ráta seasta.


An toghairm a sheirbheáil

Tá fáil ar na rialacha a rialaíonn seirbheáil toghairmeacha in Rialacha na Cúirte Dúiche (Ordú 10). Go bunúsach, is féidir toghairm a sheirbheáil ort sna bealaí seo a leanas:

  • Seachadadh pearsanta: trí chóip den toghairm a shíneadh chugat nó é a fhágáil ag an áit chónaithe is déanaí is eol duit nó do áit oibre, le do chéile, do leanbh nó gaol eile.
  • Seachadadh sa phost: trí post cláraithe chuig do áit chónaithe is déanaí nó is iondúil duit nó chuig do áit gnó nó an áit ina bhfuil tú fostaithe.

Nuair atá seirbheáil á dhéanamh trí sheachadadh pearsanta, ní mór don toghairm a bheith seirbheáilte ar a laghad 7 lá roimh an dáta atá socraithe dod' chás cúirte. I gcás phost cláraithe, is tréimhse 21 lá atá i gceist.

Murar seirbheáladh toghairm i gceart, níl aon iachall ort a theacht i láthair sa chúirt mar fhreagra air. Má tá tú i láthair sa chúirt, áfach, níl aon chúis nach féidir leis na himeachtaí i do choinne dul chun cinn. I bhfocail eile, tá aon locht a bhí ar sheirbheáil na toghairme arna cheartú ag do láithreas sa chúirt.

Lochtanna nó dearmadaí ar an toghairm

Is fíor-annamh a dhíbhíonn an chúirt cás mar gheall ar dhearmad nó easnamh i dtoghairm. Ní iondúil go gcosctar ionchúiseamh an cháis mar thoradh ar neamhréiteach nó difríochtaí idir na fíorais ar an toghairm agus na fíorais a chuireann an Garda atá i mbun an ionchúisimh i láthair na cúirte maidir le ham agus áit an eachtra. Go deimhin, tá sé de dhiscréid ag an gCúirt Dúiche toghairm lochtach a leasú.

Atráthanna

Mura dtagann tú i láthair sa chúirt ar an dáta atá sonraithe ar an toghairm, is féidir leis an gCúirt Dúiche:

  • Dul ar aghaidh leis an éisteacht i d'uireasa nó
  • Cinneadh a dhéanamh an ábhar a chur ar atráth. Cuirfear ar an eolas tú maidir leis an dáta nua don éisteacht

Má tharlaíonn sé ar dháta an atráth, nach bhfuil tú tagtha sa gcúirt fós, agus go bhfuil an breitheamh sásta gur tugadh fógra réasúnta duit maidir leis an éisteacht ar atráth, is féidir leis an gcúirt

  • Barántas a eisiúint chun tú a ghabháil agus a thabhairt chun na cúirte nó
  • Dul ar aghaidh leis an éisteacht i d'uireasa

Page edited: 22 April 2016