Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Coiriúil > An Triail Choiriúil > An Triail Achomaire

Print Page Send to a Friend

An Triail Achomaire

Eolas

Má tá coir achomaire curtha i do leith, beidh do chás ós comhair breitheamh gan aon ghiúiré i láthair. Beidh sé ar siúl sa Chúirt Dúiche.

Rialacha

Beidh an leagan amach seo ar thriail achomaire

  • Glaofaidh Cláraitheoir na Cúirte Dúiche amach do chás de réir ainm.
  • Seasfaidh tú féin agus do ionadaí dlí suas chun sibh féin a chur in aithne don chúirt.
  • Seasfaidh an Gárda a rinne an gearán i do choinne ag clár na mionn agus tabharfaidh sé fianaise faoin gcoir atá curtha i do leith - sé sin, céard a thárla.
  • Is féidir leis an abhcóide cosanta an Gárda a cheistniú.
  • Cuirfidh na cúisitheoirí fios ar fhinné agus ceistneoidh siad iad chun deis a thabhairt dóibh fianaise a thabhairt maidir leis an gcoir.
  • Tá cead ag an abhcóide cosanta finné na gcúisitheoirí a chroscheistniú nuair a bhíonn a bhfianaise tugtha acu.
  • Is féidir leis an abhcóide cosanta finné a ghlaoch chun fianaise a thabhairt ar do shon. Is féidir leat féin fianaise a thabhairt, freisin, cé nach bhfuil aon iallach ort sin a dhéanamh.
  • Tá cead ag na cúisitheoirí gach duine de do fhinné a chroscheistniú.
  • Is féidir leis na cúisitheoirí agus le do thaobh cosanta áiteamh deireadh a dhéanamh maidir leis an gcás.
  • Déanfaidh an Breitheamh cinneadh an bhfuil tú ciontach nó neamhchiontach ag brath ar an bhfianaise atá curtha ós a chomhair/a comhair. Sula bhfaigheann sé/sí ciontach tú ní mór go gcreidfeadh sé/sí gur cruthaíodh thar aon amhras reasúnta go bhfuil tú ciontach.
  • Má fhaigheann an Breitheamh ciontach tú sa choir a cuireadh i do leith, is féidir leis/lei réiteach cad é an bhreithatá le dhul ort.
  • Má fhaigheann an Breitheamh neamhchiontach tú, caithfidh sé/sí amach an cás a bhí curtha i do leith.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Conas a Stiúrtar Triail Ghiúiré in Éirinn
    Go hiondúil stiúrtar triail ghiúiré in Éirinn de réir fhormáid faoi leith. Faigh eolas ar ord imeachtaí agus faoin méid ar féidir leat a bheith ag súil leis.
  • Finné naimhdeach
    Is éard is finné naimhdeach ann ná finné a bhfuil an cuma air/uirthi nach bhfuil sé/sí toilteanach an fhírinne a insint. Faigh amach anseo conas a chaitear le finné naimhdeach sa chúirt.
  • Cineálacha Finnéithe
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na cineálacha finnéithe gur féidir a fháil i gcúirt dlí in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.