Monatóireacht agus cóireáil ciontóirí gnéis in Éirinn

Réamhrá

Má chiontaítear thú i gcion gnéasach, beidh ort d’ainm agus do sheoladh a chur in iúl don Gharda Síochána (póilíní na hÉireann) ar feadh tréimhse a mheasann an chúirt léireoidh tromchúis do chiona, fiú mura ngearrtar aon phianbhreith príosúin .

Má ghearrtar pianbhreith príosúin ort, d’fhéadfá a bheith faoi réir monatóireachta breise nuair a scaoilfear saor tú chun cabhrú le d’ath-imeascadh sa phobal agus chun an dóchúlacht go ndéanfaidh tú athchiontú a laghdú.

Tá na rialacha lena rialaítear monatóireacht agus maoirseacht ar chiontóirí gnéis in Éirinn leagtha amach san Acht um Chiontóirí Gnéis 2001.

Tá eolas sa doiciméad seo faoi chóireáil agus faoi mhonatóireacht ciontóirí gnéis in Éirinn. Tá mionsonraí ann ar:

  • Chlár na ciontóirí gnéis
  • Orduithe maoirseachta iar-scaoilte
  • Orduithe ciontóra gnéis; agus
  • Chóireáil do chiontóirí gnéis

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn trialacha coiriúla in Éirinn

Clár na gciontóirí gnéis

Ar tú a chiontú i gcion gnéis, eiseoidh an chúirt Deimhniú Ciontachta duit ag leagan amach fad do phianbhreithe agus do riachtanais tuairiscithe.

Cuirfidh an chúirt cóip de do theastas ar fáil freisin don Aonad um Fhaisnéis agus Bainistiú Ciontóirí Gnéis (SOMIU), roinn an Gharda Síochána atá freagrach as taifead a choinneáil díobh siúd go léir atá faoi réir Chuid 2 den Acht um Chiontóirí Gnéis. De ghnáth tugtar an ‘clár na gciontóirí gnéis’ ar an taifead seo, cé nach bhfuil aon bhunús foirmiúil dlíthiúil leis an téarma.

Is iad na cionta gnéis atá faoi réir riachtanas tuairiscithe:

  • Éigniú
  • Ionsaí Gnéis
  • Tromionsaí Gnéis
  • Ciorrú coil
  • Cailín faoi 15 bliana d'aois a thruailliú
  • Cailín idir 15 - 17 mbliana d'aois a thruailliú
  • Gníomhaíochtaí gnéis eile bainteach le leanaí nó daoine leochaileacha
  • Iarrachtaí a dhéanamh nó cúnamh a thabhairt i ndáil le haon cheann de na rudaí thuas

I gcás ionsaithe gnéis agus ciorrú coil, níl feidhm ag an Acht um Chiontóirí Gnéis 2001:

  • Má bhí an t-íospartach nó páirtí eile sa chion 17 mbliana d’aois nó níos mó nuair a rinneadh an cion; agus
  • Mura gearradh pianbhreith ar an duine a ciontaíodh in aon phionós a bhain le príosúnacht nó níor cuireadh faoi réir aon bhearta é a bhain le saoirse a bhaint.

Níl feidhm ag an Acht i gcásanna ina ndearnadh leanbh faoi 17 mbliana a thruailliú:

  • Má tá an t-íospartach idir 15 agus 17 mbliana d’aois nuair a dhéantar an cion; agus
  • Ma tá an duine atá ciontach sa chion níos lú ná 3 bliana níos sine ná an t-íospartach

Cén t-eolas a chaithfidh an ciontóir gnéis a thabhairt?

Má chiontaítear thú i gcion gnéasach agus má thagann tú faoi réir cheanglais tuairiscithe an Achta um Chiontóirí Gnéis 2001, ní mór duit an t-eolas seo a leanas a thabhairt do na Gardaí:

  • D'ainm, do dháta breithe agus do sheoladh baile laistigh de 7 lá ó bheith faoi réir na gceanglas. (Ciallaíonn sé seo de ghnáth laistigh de 7 lá ó scaoileadh saor ón bpríosún tú).
  • Aon athrú ar d’ainm nó ar do sheoladh baile laistigh de 7 lá ón athrú.
  • Pleananna ar bith atá agat chun cónaí áit éigin eile in Éirinn nó Éire a fhágáil ar feadh níos mó ná 7 lá. Má tá sé ar intinn agat é seo a dhéanamh, caithfidh tú an seoladh a mbeidh tú ag fanacht ann a thabhairt do na Gardaí.

Má tá duine faoi réir riachtanas fógra maidir le ciontóir gnéis agus má tá sé sa phríosún mar gheall ar aon chion, caithfidh an príosún fógra a thabhairt do Choimisinéir an Gharda Síochána 10 lá ar a laghad sula mbeidh an príosúnach le scaoileadh.

Conas a chaithfidh ciontóir fógra a thabhairt do na Gardaí?

Má iarrtar ort faisnéis áirithe a sholáthar do na Gardaí faoin Acht um Chiontóirí Gnéis 2001, féadfaidh tú fógra a thabhairt ar cheachtar de na bealaí seo a leanas:

  • Trí dhul chuig aon stáisiún Garda atá ina Cheanncheathrú Rannáin nó Dúiche agus an fhaisnéis a thabhairt go pearsanta do bhall den stáisiún Garda sin
  • Trí fhógra i scríbhinn a bhfuil an t-eolas riachtanach ann a sheoladh tríd an bpost chuig Ceanncheathrú Rannáin nó Dúiche ar bith

Nuair a fhaigheann na Gardaí an fógra, admhaíonn siad é i scríbhinn. Comhlánaíonn na Gardaí Foirm Fógra do Chiontóirí Gnéis freisin, ar a bhfuil seoladh an chiontóra gnéis agus sonraí eile. Seoltar cóip den fhoirm chuig an gciontóir agus coimeádtar cóip ag stáisiún an Gharda Síochána. Seoltar an fhoirm bhunaidh chomhlánaithe chuig SOMIU.

Déanann SOMIU monatóireacht ar chiontóirí gnéis trí chrostagairt a dhéanamh idir foirmeacha Fógra agus Deimhnithe Ciontaithe. Faigheann SOMIU fógraí ríomhphoist freisin nuair a chuirtear eolas isteach ar PULSE (ríomhbhunachar sonraí na nGardaí) faoi chiontóir gnéis, ionas gur féidir leo gníomhú ar aon eolas ar gá aird a thabhairt air.

Ag leibhéal áitiúil tá Cigirí ainmnithe ag na Gardaí i ngach ceantar áitiúil atá freagrach as monatóireacht agus bainistíocht a dhéanamh ar chiontóirí gnéis ina gceantar féin.

Cá fhad a mhaireann an ceanglas fógra a thabhairt do na Gardaí?

Tá sé de dhualgas ort an t-eolas fút féin seo a thabhairt do na Gardaí:

Gan teorainn ama má gearradh príosúnacht saoil ort nó téarma níos faide ná 2 bhliain

  • Ar feadh 10 mbliana má gearradh téarma príosúnachta idir 6 mhí agus 2 bhliain (5 bliana má bhí an ciontóir faoi 18 mbliana d’aois)
  • Ar feadh 7 mbliana ma gearradh téarma príosúnachta níos lú ná 6 mhí (3.5 bliana má bhí an ciontóir faoi 18 mbliana d’aois)
  • Ar feadh 5 bliana má cuireadh an phianbhreith a gearradh ar fionraí nó mura gearradh aon phianbhreith príosúin (2.5 bliana má bhí an ciontóir faoi 18 mbliana d’aois)

Má ghearrtar téarma príosúnachta ort agus má chuirtear cuid den téarma sin ar fionraí, ní chuirtear an chuid ar fionraí san áireamh agus an téarma príosúnachta á ríomh chun críche fad na gceanglas maidir le fógra a thabhairt.

An féidir le ciontóir iarratas a dhéanamh go gcuirfear an oibleagáid ar ceal?

Féadfaidh aon chiontóir gnéis a bhfuil ceanglas air/uirthi tuairisciú chuig na Gardaí ar feadh tréimhse ama gan teorainn iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda chun an ceanglas a chealú. Mar sin féin, ní mheasfar iarratas den sórt sin ach 10 mbliana ar a laghad tar éis duit a bheith scaoilte ó choimeád.

Déanann tú iarratas ar do cheanglas tuairiscithe a chealú ar an bhforas nach bhfreastalaíonn sé ar leas an phobail a thuilleadh. Caithfidh tú réamhfhógra a thabhairt do do Cheannfort Garda áitiúil go bhfuil sé ar intinn agat iarratas a dhéanamh ar do cheanglas a chealú.

Cad a tharlóidh mura gcomhlíonann ciontóir na ceanglais maidir le fógra a thabhairt?

Má theipeann ort (gan leithscéal réasúnach) na ceanglais maidir le fógra a chomhlíonadh, lena n-áirítear eolas bréagach nó míthreorach a thabhairt, féadfar tú a ionchúiseamh.

Má chiontaítear thú tá tú faoi dhliteanas:

  • Ar chiontú achomair, fíneáil nó príosúnacht aicme A ar feadh suas le 12 mhí, nó iad araon
  • Ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil suas le €10,000 nó príosúnacht ar feadh suas le 5 bliana, nó iad araon

An mbaineann na ceanglais fógra seo le duine a ciontaíodh lasmuigh den Stát?

Baineann. Má chiontaítear thú i gcion gnéasach lasmuigh d’Éirinn agus gur cion gnéasach é an cion sin in Éirinn, tá tú faoi réir na gceanglas céanna maidir le fógra a thabhairt don Gharda Síochána má thagann tú chun cónaí in Éirinn. Má theipeann ort do chuid sonraí a thabhairt do na Gardaí, féadfaidh na Gardaí tú a ionchúiseamh mar gheall ar neamhchomhlíonadh na gceanglas

Fostaíocht

Faoin Acht um Chiontóirí Gnéis 2001, ní mór do chiontóirí gnéis fostóirí ionchasacha a chur ar an eolas faoi chineál a gciontaithe má tá siad ag déanamh iarratais ar obair a chuimsíonn rochtain gan mhaoirsiú ar leanbh nó leanaí nó teagmháil le leanbh nó duine a bhfuil lagú meabhrach air/uirthi. Má theipeann ar an gciontóir fógra a thabhairt d’fhostóir féadfar fíneáil suas le €12,697 a ghearradh air/uirthi nó pianbhreith suas le 5 bliana i bpríosún nó iad araon.

An féidir liom a fháil amach an bhfuil ciontóir gnéis ina chónaí i mo cheantar?

Ní féidir. Níl na sonraí atá i seilbh na nGardaí faoi dhaoine atá ciontach i gcionta gnéis faoi réir reachtaíochta um shaoráil faisnéise. Dá bhrí sin, ní féidir leat na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a úsáid chun eolas a fháil faoi chiontóirí gnéis atá ina gcónaí i do cheantar.

Ní cheadaíonn cearta cosanta sonraí duit ach eolas s a choinnítear fút féin a iarraidh. Cuimsíonn sé seo eolas atá i seilbh na nGardaí (le roinnt eisceachtaí). Ní féidir iarratas cosanta sonraí a dhéanamh maidir le duine eile.

Orduithe maoirseachta iar-scaoilte

Má chiontaítear thú i gcionta gnéis áirithe breithneoidh an chúirt ar cheart pianbhreith a ghearradh le maoirseacht iar-scaoilte.

Agus í faoi mhaoirseacht na Seirbhíse Promhaidh, ciallaíonn maoirseacht iar-scaoilte go ndéantar monatóireacht ar chiontóir nuair a scaoiltear saor ón bpríosún é/í lena chinntiú go gcomhlíonann sé/sí coinníollacha ordaithe maoirseachta iar-scaoilte.

Agus í ag smaoineamh ar cheart maoirseacht iar-scaoilte a fhorchur, is féidir leis an gcúirt fianaise nó aighneachtaí a chloisteáil ó aon duine lena mbaineann agus ní mór di an gá leis an méid seo a leanas a chur san áireamh:

  • An pobal a chosaint ar dhochar tromchúiseach ón gciontóir
  • Cosc a chur ar an gciontóir tuilleadh cionta gnéis a dhéanamh
  • An ciontóir a athshlánú

Féadfaidh an chúirt coinníollacha sonracha a áireamh san ordú maoirseachta freisin. Mar shampla is féidir leo:

  • Cosc a chur ar an gciontóir gnéis freastal ar áiteanna áirithe, mar shampla scoileanna, clubanna spóirt agus páirceanna súgartha
  • A éileamh go bhfaighidh an ciontóir gnéis comhairleoireacht shíceolaíoch nó cóireáil iomchuí eile le linn na tréimhse maoirseachta

Mar sin féin, ní féidir le téarma na príosúnachta agus le fad an ordaithe maoirseachta iar-scaoilte a bheith níos faide ná an phianbhreith is mó is féidir a ghearradh. Féadfaidh oifigeach promhaidh an chiontóra iarratas a dhéanamh chun na cúirte freisin chun coinníollacha an ordaithe maoirseachta iar-scaoilte a athrú. Is féidir iarratas den sórt sin a dhéanamh sa mhí sula mbeidh an ciontóir le scaoileadh saor ón bpríosún nó le linn na tréimhse maoirseachta.

Má tá ordú maoirseachta iar-scaoilte á fhorchur aici, ní mór don chúirt éifeacht an ordaithe, na hiarmhairtí do neamhchomhlíonadh agus an ceart ar iarratas a dhéanamh go n-athrófaí é a mhíniú.

Is cion é gan ordú maoirseachta a chomhlíonadh. Mura gcloíonn tú le téarmaí d’ordaithe, féadfaidh tú, ar chiontú achomair, a bheith faoi dhliteanas fíneáil aicme C nó phríosúnacht ar feadh 12 mhí ar a mhéad, nó iad araon.

Orduithe ciontóirí gnéis

Má tá cúis réasúnach ag ball de na Gardaí (nach bhfuil faoi bhun céim an Ard-Cheannfoirt) le meas go bhfuil ciontóir gnéis atá faoi mhaoirseacht sa phobal ina bhagairt do shábháilteacht phoiblí, féadfaidh sé/sí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda ar ordú a fhorchur a choscfaidh an ciontóir ó rudaí áirithe a dhéanamh.

Cad a dhéanann ordú ciontóra gnéis?

Braitheann téarmaí gach ordaithe ciontóra gnéis ar an bhfianaise a thugann an Príomh-Cheannfort don chúirt.

Más rud é, mar shampla, go ndéanann na Gardaí iarratas chuig an gcúirt ar ordú ciontóra gnéis toisc go bhfuil imní orthu go bhfuil ciontóir gnéis ag crochadh thart gar do chlós súgartha scoile, ansin is féidir leis an gcúirt coinníoll a chur san ordú a choisceann ciontóir ó bheith laistigh de achar áirithe ó chlóis súgartha scoile.

Déanann na Gardaí iarratas ar orduithe ciontóra gnéis agus cinntíonn siad go gcomhlíonann ciontóirí na horduithe seo. Má tá ordú ciontóra gnéis i bhfeidhm, tá an ciontóir faoi réir na gceanglas maidir le fógra atá leagtha amach i gCuid 2 den Acht um Chiontóirí Gnéis 2001 (le haghaidh tuilleadh féach ‘clár na gciontóirí gnéis’ thuas).

Cathain a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm?

Tiocfaidh ordú ciontóra gnéis i bhfeidhm nuair a chuirtear an ciontóir gnéis ar an eolas faoi. Is féidir é/í a chur ar an eolas ar na bealaí seo a leanas:

  • Cuirtear in iúl ó bhéal don chiontóir gnéis, nó dá (h)ionadaí, go ndearnadh ordú agus nuair a chuirtear cóip den ordú ar fáil; nó
  • Bíonn an ciontóir gnéis i láthair sa chúirt nuair a dhéantar an t-ordú

Cá fhad a mhaireann ordú ciontóra gnéis?

Fanann ordú ciontóra gnéis i bhfeidhm ar feadh:

  • 5 bliana ón dáta a cuireadh an t-ordú in iúl don chiontóir; nó
  • Tréimhse níos faide má chinneann an chúirt gurb iomchuí é

Féadfaidh na Gardaí iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda freisin chun an t-ordú bunaidh a athrú. Tarlaíonn sé seo de ghnáth má chreideann na Gardaí go bhfuil cúis imní eile ann mar thoradh ar iompar an chiontóra gnéis nach dtugann an t-ordú bunaidh aghaidh air.

Mainneachtain ordú ciontóra gnéis a chomhlíonadh

Faoin Acht um an Dlí Coiriúil 1997, is féidir leis na Gardaí ciontóir gnéis a ghabháil gan bharántas gabhála nó gan cead a fháil ó na cúirteanna má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint nach bhfuil téarmaí ordaithe ciontóra gnéis á chomhlíonadh ag an duine.

Is féidir fíneáil nó príosúnacht ar feadh suas le 5 bliana (nó an dá rud) a ghearradh ar dhuine ar bith a fhaightear ciontach as ordú ciontóra gnéis a shárú.

Ordú ciontóra gnéis a chealú nó a athrú

Faoin Acht um Chiontóirí Gnéis 2001 má tá ordú ciontóra gnéis agat is féidir leat iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an t-ordú a athrú, nó é a chur ar ceal.

Féadfaidh an Chúirt an t-ordú a athrú nó a chealú má tá sí sásta nach gá leis an ordú a thuilleadh chun an pobal a chosaint ar dhochar tromchúiseach nó go bhfuil sé ag déanamh éagóra trí bheith i bhfeidhm.

Mar shampla, d’fhéadfadh an chúirt ordú a athrú a choisceann ar chiontóir gnéis dul ar thailte na scoile má dhéanann an ciontóir gnéis iarratas ar chead chun freastal ar chruinniú tuismitheoirí/múinteoirí a linbh ar a scoil. Sa chás seo féadfaidh an chúirt breathnú go fabhrach ar an ordú do lá an chruinnithe a athrú.

Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh cúirt ordú ciontóra gnéis a chealú má thugann síceolaí a chuir comhairle ar an gciontóir fianaise nach bhfuil an ciontóir i mbaol don tsochaí a thuilleadh.

Déantar iarratais chun ordú ciontóra gnéis a athrú nó a chealú chuig an gCúirt Chuarda sa limistéar ina gcónaíonn an ciontóir nó chuig an gCúirt Chuarda sa limistéar ina forchuireadh ordú an chiontóra gnéis mar thoradh ar iompar an chiontóra.

Tá ciontóirí gnéis a bhfuil baint acu le himeachtaí ordú ciontóra gnéis i dteideal cúnamh dlíthiúil saor in aisce ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha.

An féidir liom a fháil amach an bhfuil ordú ciontóra gnéis ag duine?

Ní féidir. Tá se luaite go sonrach san Acht um Chiontóirí Gnéis 2001 nach n-éistfear go poiblí aon imeachtaí maidir le hordú ciontóra gnéis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil feidhm ag an riail ‘i seomra iata’ agus ní cheadaítear don phobal freastal ar na himeachtaí cúirte seo

Cóireáil do chiontóirí gnéis

Feidhmíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann raon seirbhísí teiripeacha duine-le -duine agus grúpabhunaithe atá dírithe ar an dóchúlacht go ndéanfaidh na rannpháirtithe athchiontú a laghdú.

Soláthraíonn foireann speisialaithe síceolaithe agus oifigigh phromhaidh an príomhchlár cóireála, ‘Building Better Lives’. I measc na gcritéar rannpháirtíochta tá:

  • Pianbhreith príosúin níos faide ná 18 mí
  • Admháil iomlán, ar pháirt an phríosúnaigh, ar an gcion agus ar an dochar a rinneadh don íospartach
  • Cumas agus toilteanas páirt a ghlacadh i ngrúpatheiripe
  • Sláinte mheabhrach chobhsaí
  • Roinnt litearthachta

I measc na seirbhísí cóireála malartacha príosúin-bhunaithe tá teiripe duine le duine, idirghabhálacha trí sheirbhísí ceadaithe ‘ionrochtana’ agus na hidirghabhálacha atá ar fáil do phríosúnaigh i gcoitinne.

Faoi Bheartas Bainistíochta Ciontóirí Gnéis Sheirbhís Phríosúin na hÉireann (PDF), ainmnítear Príosún Choc an Arbhair mar an t-ionad náisiúnta do chiontóirí gnéis atá i bpríosún a bhfuil raon iomlán idirghabhálacha teiripeacha ar fáil ann. Ta Príosún Lár Tíre agus Áit Coinneála Pháirc na Cruithneachta ainmnithe mar ionaid satailíte ina bhfuil raon níos cúinge d’idirghabhálacha teiripeacha ar fáil. Aistrítear príosúnaigh atá cimithe i dtosach do phríosúin eile chuig na hionaid satailíte mura bhfuil imthosca eisceachtúla i gceist.

Tuilleadh eolais

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Márta 2021