Gearradh pionóis ag trialacha coiriúla in Éirinn
Réamhrá
Is éard atá i gceist le gearradh pionóis ná breitheamh ag déanamh cinneadh faoi
céard ba cheart don chóras ceartas coiriúil a dhéanamh le duine a fuarthas
ciontach i gcion. Má chinneann cúirt in Éirinn go bhfuil tú ciontach i
gcoir nó go bhfuil tú tar éis pléadáil ciontach, déanfaidh an breitheamh
cinneadh faoin bpianbhreith atá le gearradh ort.
I gcás chionta áirithe, tá íos-phianbhreith agus uas-phianbhreith nach mór
don bhreitheamh a ghearradh. Mar shampla, i gcás cionta tráchta ar bhóithre
áirithe, ní mór don bhreitheamh ciontóirí a dhícháiliú ó thiomáint ar
feadh dhá bhliain ar a laghad.
Tá pianbhreitheanna éigeantacha ann i gcomhair cionta áirithe. Mar shampla,
má chinneann cúirt go bhfuil tú ciontach as dúnmharú, ní mór don
bhreitheamh pianbhreith príosúnacht saoil a ghearradh ort.
Faoin Probation
of Offenders Act 1907, is féidir le breitheamh sa Chúirt Dúiche cinneadh a
dhéanamh go bhfuil na fíorais atá curtha i do leith cruthaithe ach cinneadh
a dhéanamh freisin gan tú a chiontú. Is cineál dara seans atá i gceist
anseo a bhfuil an discréid ag an mbreitheamh é a chur i bhfeidhm. Is féidir
an cúiseamh i do choinne a dhíbhiú nó is féidir go ndéanfaí tú a
urscaoileadh ar choinníolla.
Gearradh pionóis ar leanaí
Baineann an fhaisnéis a thugtar anseo le cionta a rinne daoine fásta. Is
féidir leanaí (is é sin, daoine faoi 18 bliana d'aois) a chúiseamh agus
pionós a ghearradh orthu ar an mbealach a ndéantar cur síos air anseo, ach
tá rudaí eile nach mór a thógáil san áireamh. Rialaíonn Acht na
Leanaí 2001 ionchúiseamh leanaí.
I gcleachtas, is fíor-annamh a ionchúisítear leanaí faoi 12 bliana d'aois.
Tá sé mar bheartas ionchúiseamh leanaí faoi 18 bliana d'aois a sheachaint
mura bhfuil na coinníollacha do Chlár
Atreoraithe an Gharda bainte amach nó más cion an-tromchúiseach atá i
gceist. Cuireann Acht na Leanaí 2001 raon pionós malartach ar fáil do
leanaí a bhfuil cionta déanta acu.
Leagann An tAcht
um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf) síos an aois maidir le freagracht
choiriúil Ní féidir leanaí faoi 12 bliana d'aois a chúiseamh as formhór
cionta coiriúla ach is féidir leanaí atá 10 nó 11 bliana d'aois a
chúiseamh as cionta dúnmharaithe, dúnorgana, éignithe nó tromionsaithe
gnéis . Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi fhreagracht choiriúil sa
doiciméad Leanaí
agus an Córas Ceartais Choiriúil.
Gearradh Pionóis
Faoi chóras dlí na hÉireann, is breitheamh (nó painéal breithiúna i
gcás na Cúirte Coiriúla Speisialta nó na Cúirte Achomhairc) a ghearann an
pionós i gcónaí. I dtrialacha giúiré sa Chúirt Chuarda Choiriúil agus sa
Phríomh-Chúirt Choiriúil, is é an ról atá ag an ngiúire ná cinneadh a
dhéanamh an bhfuil tú ciontach nó neamhchiontach. Níl aon pháirt ag an
ngiúiré i ngearradh pionóis ort. Fágtar an cinneadh sin faoin mbreitheamh i
ndiaidh dó/di éisteacht le haighneacht d'ionadaí dlí (is é sin do aturnae nó do abhcóide).
Conas a dhéanann breitheamh cinneadh maidir le pianbhreith?
Nuair atá cinneadh á dhéanamh aige/aici faoin bpianbhreith atá le gearradh ort, leanann an breitheamh nós imeachta ina bhfuil dhá chéim:
- Cinneadh a dhéanamh cén pianbhreith ar chóir a bheith ann mar gheall ar cé chomh tromchúiseach is a bhí an cion.
- Laghdú a dhéanamh ar an bpianbhreith sin mar gheall ar aon fhachtóirí maolaitheacha a thugtar ar do shon.
Tá roinnt fachtóirí tábhachtacha nach mór don bhreitheamh a thógáil
san áireamh agus é ag gearradh pionóis ort. Is faoi d'aturnae nó
d'abhcóide atá sé iarraidh ar an mbreitheamh iad seo a thógáil san
áireamh, agus an tábhacht ar chóir a thabhairt do gach ceann acu.
Nuair atá cinneadh á dhéanamh aige faoin bpianbhreith atá le gearradh ort,
tógann an breitheamh na nithe seo a leanas san áireamh:
- Ar phléadáil tú ciontach as an gcion nó nár dhéan
- Fíorais an chiona - na cúinsí inar tharla an cion
- An raibh aon fachtóirí a dhéanfadh forthromú ann maidir leis an gcion - mar shampla iompar cruálach nó foréigneach thar an ngnáth
- Do thaifead coiriúil roimhe sin
- Do charachtar
- D'aois
- Do chúinsí teaghlaigh
- An bhfuil tú fostaithe nó nach bhfuil
- An bhfuil aiféala ort as an méid a rinne tú
- An dtabharfaidh cineálacha áirithe cóireála cúnamh duit nó an ndéanfaidh siad athleasú ort
- An tionchar a bhí ag an gcion ar an íospartach
- Aon fhaisnéis ábharthach eile fút (mar shampla, an bhfuil droch-shláinte ag dul duit)
Féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos ar na fachtóirí a thógtar san
áireamh.
Cineálacha Pianbhreithe
Tá réimse leathan pianbhreitheanna ar fáil do bhreithiúna gur féidir a ghearradh ar dhuine a fhaightear ciontach i gcion. Is féidir iad seo a rangú mar seo a leanas:
- Príosúnacht
- Pianbhreitheanna ar fionraí
- Orduithe seirbhíse pobail
- Fíneálacha
- Cuirfiú, eisiamh agus orduithe srianta ar ghluaiseacht
- Promhadh
- Duine a chur faoi bhannaí
- Bosca na mBocht
Tá roinnt roghanna tánaisteacha ar fáil do bhreithiúna, ag brath ar an
gcion:
- Dícháiliú
- Forghéilleadh agus Coigistiú
- Cúiteamh
- Formhuiniú agus pointí pionóis i gcomhair cionta tráchta ar bhóithre
Tá roghanna breise ann i gcomhair ciontóirí gnéis agus gáinneála drugaí.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi ghearradh pionóis sa chaipéis ar chineálacha pianbhreitheanna.
Tá faisnéis maidir le cinntí pianbhreithe atá ar fáil ar láithreán gréasáin
an Phianbhreitheanna na hÉireann Córas Faisnéise.
Tuilleadh eolais
Fachtóirí atá le tógáil san áireamh ag breitheamh agus pionós á ghearradh aige
Tá roinnt fachtóirí tábhachtacha nach mór do bhreitheamh aird a thabhairt orthu agus tú á chiontú aige Is faoi d'aturnae nó d'abhcóide atá sé iarraidh ar an mbreitheamh iad seo a thógáil san áireamh, agus an tábhacht ar chóir a thabhairt do gach ceann acu.
Na cúinsí a bhaineann le cur i gcrích an chiona
I measc na gcúinsí ina bhféadfadh an cion tarlú tá:
- Bríogadh (bríogadh tú chun an cion a dhéanamh)
- Éigeantas nó strus mothúchánach (bhí brú mothúchánach ort)
- Dearmad
- Luach íseal ag na hearraí a goideadh nó a rinneadh damáiste dóibh
- Aisghabháil maoin a goideadh
Is féidir le factóirí den chineál seo tionchar dearfach a bheith acu i gcinneadh an bhreithimh maidir le gearradh pionóis agus tugtar factóirí maolaitheacha orthu. Is féidir fachtóirí a bheith ann freisin go bhfuil tionchar diúltach acu (ar a dtugtar fachtóirí forthromaithe). Ina measc sin, tá na nithe seo a leanas:
- Úsáid airm tine nó arm eile
- Úsáid foréigin
- Ionradh ar bhaile dhuine éigin
- Sárú Iontaobhais
- Ar bannaí mar gheall ar chion eile ag an am
- Luach ard ag na hearraí a goideadh nó a rinneadh damáiste dóibh
- Níor aisghabhadh aon mhaoin a goideadh
Tionchar ag an gcion ar an íospartach
I bhformhór cásanna tromchúiseacha, ordaíonn an breitheamh go
n-ullmhófaí tuairisc
tionchair ar an íospartach. I gcásanna áirithe éisteann an breitheamh
le fianaise díreach ón íospartach trí ráiteas
tionchair íospartaigh (pdf). Bíonn tionchar aige seo ar an bpianbhreith a
shocraíonn an breitheamh a ghearradh.
Freagairt na gciontóirí ar an gcion a bheith déanta acu
A bheith ag súil le pianbhreith laghdaithe má phléadálann tú ciontach.
In go leor cásanna, sábhálfaidh pléadáil chiontach am ar an gcúirt agus
is féidir é a fheiceáil mar chomhartha doilís nó bróin. I gcásanna
gnéis nó cásanna ina bhfuil foréigean i gceist, ciallóidh pléadáil
chiontach nach mbeidh ar an íospartach dul tríd an tráma a bhainfeadh le dul
tríd an eachtra arís sa chúirt.
Cé gur fachtóir maolaitheach atá i bpléadáil chiontach, tá tú fós i
dteideal do chás a throid gan é a bheith feicithe mar fhachtóir
forthromaithe. Tá ceart bunreachtúil ann triail a bheith agat in am is i
dtráth an dlí agus ní chuirfear pionós ar aon duine as ucht úsáid a
bhaint as an gceart bunreachtúil seo.
Admháil luath chiontachta
Feiceann an chúirt admháil luath chiontachta do na Gardaí mar fhachtóir maolaitheach os rud é go sábhálann sé am agus acmhainní ar na Gardaí.
Comhoibriú leis na Gardaí
Tugann comhoibriú leis na Gardaí cúnamh duit sa phróiseas gearradh
pionóis, go háirithe má thug sé cabhair do na Gardaí breith ar
chiontóirí eile. Mar shampla, déanann Alt 27
den Acht um Mí-úsáid Drugaí 1977 arna leasú foráil gur fachtóir é
seo atá le tógáil san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh an bhfuil an
íos-phianbhreith 10 mbliana ar dhrugaí thar luach áirithe a bheith i do
sheilbh agat ceart agus feiliúnach.
Cúinsí pearsanta an chiontóra
Tá do chúinsí pearsanta ar cheann de na fachtóirí is tábhachtaí a thógann an breitheamh san áireamh sula ngearrann sé/sí pionós agus is féidir leis iarratas ar thuairisc promhaidh a dhéanamh. Nuair atá do chúinsí pearsanta á meas aige/aici, tógann an breitheamh iad seo a leanas san áireamh:
- Andúil i ndrugaí
- Aois
- Míchumas nó tinneas
- Cúinsí Teaghlaigh
- Pionóis eile mar thoradh ar chiontú (mar shampla, post a chailleadh)
- Do charachtar (Is féidir fianaise a thabhairt go raibh carachtar maith agat go dtí sin)
- Ciontithe roimhe sin
