Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Coiriúil > An Triail Choiriúil > Ag Pléadáil Ciontach

Print Page Send to a Friend

Ag Pléadáil Ciontach

Eolas

Is féidir leat pléadáil ciontach ag aon am le linn an cháis atá curtha i do leith.

Rialacha

Coir Achomaire

Má tá coir achomaire curtha i do leith - sé sin, coir a thiocfaidh ós comhair breitheamh gan giúiré, pléadáilfidh tú ciontach sa Chúirt Dúiche .

Tabharfaidh an Breitheamh sa Chúirt Dúiche a bhreith/breith agus gearrfaidh sé/sí breith ort tar éis dó/di éisteacht le do ionadaí dleathach agus lena bhfuil le rá ag na cúisitheoirí (Gárda a bhíonn ann de ghnáth).

Coir Inchúisithe

Má tá coir inchúisithe curtha i do leith - sé sin., coir a thagann ós comhair breitheamh agus giúire, agus go bhfuil tú ag pléadáil ciontach sa Chúirt Dúiche, beidh ort "pléadálanna an chiontaigh" a shiniú.

Sula síníonn tú an cáipéis seo déanfaidh an breitheamh cinnte de go bhfuil a fhios agat céard í an choir atá curtha i do leith agus go dtuigeann tú na fíricí a bhaineann leis an gcás.

Cuirfear ar aghaidh ansin tú chuig an Chúirt Chuardaáit a dtabharfar breith ort. Má thagann athrú intinne ort is féidir leat do phléadáil ciontach a tharraingt siar agus rachaidh an triail ar aghaidh ansin.

Má phléadáil tú "neamh chiontach" sa Chúirt Dúiche agus go bhfuil tú seolta ar aghaidh chun trialach faoi bhreitheamh agus giúiré, is féidir leat ansin pléadáil "ciontach" don choir atá curtha i do leith. Má deireann tú go bhfuil tú ciontach sa Chúirt Chuarda, beidh tú ciontaithe agus déanfaidh an chúirt cinneadh faoin mbreith atá le tabhairt ort.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.