Tá dhá chineál cás coiriúil ann; coir achoimre gur féidir le Breitheamh sa Chúirt Dúiche a éisteacht leis féin gan aon ghiúiré a bheith i láthair, agus coir inchúisithe a éistear sa Chúirt Chuarda nó san Ard Chúirt ós comhair breitheamh agus giúire.
Má chuirtear coir achoimre i do leith is féidir le aturnae agus/nó abhcóide ionadaíocht a dhéanamh ar do shon. De ghnáth níl Cúnamh Dlí Choiriúil le fáil sa Chúirt Dúiche.
Má tá coir inchúisithe curtha i do leith, déanfaidh aturnae agus abhcóide (consailéir) ionadaíocht ar do shon. De ghnáth beidh aturnae, abhcóide sóisir , agus abhcóide sinsir i láthair ar do shon.
Íocfaidh an Stáit costaisí do chuid dlíodóirí má tá tú i dteideal Cúnamh Dlí Choiriúil.
Más tusa an té go bhfuil an choir curtha ina leith i gcás choiriúil, beidh ar do chonsailéir cosanta cloí leis na rialacha seo leanas.
An príomh dhualgas atá ar an gconsailéir cosanta ná tusa a chosaint is cuma an gceapann sé/sí an bhfuil tú ciontach nó nach bhfuil.
Tá ar an gConsailéir Cosanta tús áite a thabhairt do chás choiriúil.
Tá ar an gConsailéir Cosanta fanacht leat fiú muna bhfuil tú ag glacadh lena chomhairle.
Níl cead ag an gConsailéir Cósanta do chás a thabhairt suas toisc go ndéanann nó go ndeireann an breitheamh atá ag triail an cháis rud éigin.
Ba chóir don Chonsailéir Cosanta a bheith i láthair i rith an triail ina iomláine. Más gá dó/di a bheith as láthair, áfach, caithfidh sé/sí déanamh cinnte de nach bhfuil tú fágtha gan ionadaíocht ag aon am agus caithfidh sé/sí cead imeachta a fháil ó do aturnae.
Sa chás go bhfuil beirt chonsailéir i láthair níl cead ag ceachtar acu bheith imithe ach ar bhun sealadach agus caithfidh cúis mhaith a bheith acu a bheith as láthair.
Ní mór don chonsailéir cosanta miontheagaisc iomlán do chása a bheith acu, ar a laghad, seachtain sula dtosnaíonn do chás sa chúirt.
Tá dualgas, freisin, ar an gconsailéir don chúirt. Níl cead aige/aici bréag a lua sa chúirt, má thuigeann sé/ sí gur bréag é. Ag tús na trialach má deireann tú le do abhcóide go bhfuil tú "Ciontach", fós, is féidir leis/lei ionadaíocht a dhéanamh ort. Má deireann tú go bhfuil tú "Neamh Chiontach" tá sé/sí cosctha ina a lán bealaí maidir leis an gcás cosanta gur féidir leis/lei a dhéanamh ar do shon.
Má theitheann tú, is féidir le do ionadaíocht dlí éirí as an gcás.
Is tú féin a dhéanann an cinneadh maidir le fianaise a thabhairt nó gan é a thabhairt agus ní dhéanann do chonsailéir an cinneadh seo duit.
Má fhaightear ciontach tú, tá ar do chonsailéir cosanta seasamh leat agus ionadaíocht a dhéanamh ort má bhíonn athchomharc i gceist munar chuir sé/sí comhairle ort gan achomharc a éileamh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.