Clár na gCiontóirí Drugaí

Eolas

Tháinig cuid 9 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 i bhfeidhm i Mí Dheireadh Fómhair 2006 agus thug sé isteach oibleagáidí nua orthu sin a ciontaíodh as cionta gáinneála drugaí in Éirinn d’fhonn faisnéis éigin a thabhairt do na Gardaí fúthu féin. Tá an fhoráil seo bunaithe ar an bprionsabal céanna le Clár na gCiontóirí Gnéis agus cuireann sé ar chumas na nÚdarás gluaiseachtaí gáinneálaithe drugaí a thaifeadadh ar an dóigh chéanna. Lena chois sin, cuidíonn an Clár leis na Gardaí agus iad ag déanamh monatóireachta ar ghníomhaíocht mhídhleathach agus cuireann sé faisnéis úsáideach ar fáil faoi chiontóirí a ciontaíodh.

Leagann an doiciméad seo amach na dualgais atá ar chiontóirí faisnéis a chur in iúl do na Gardaí. Cuirtear faisnéis ar fáil chomh maith faoi phionóis dóibh siúd nach gcomhlíonann na dualgais seo.

Rialacha

Cé chomh luath i ndiaidh ciontaithe a mbeidh orm é a chur in iúl do na Gardaí?

Má chiontaítear thú as cion gáinneála drugaí ní mór duit roinnt faisnéise fút féin a thabhairt do na Gardaí laistigh de 7 lá. Nuair a ghearrtar téarma príosúnachta ort i ndiaidh ciontaithe drugaí, ní thosaíonn an dualgas atá ort na é a chur in iúl do na Gardaí go dtí go scaoiltear as an bpríosún thú. Ansin beidh 7 lá agat ó dháta do scaoilte leis na Gardaí a chur ar an eolas. Tá oibleagáid ar Ghobharnóir an phríosúin a chur in iúl do na Gardaí go bhfuil tú le scaoileadh saor ar a laghad 10 lá sula scaoiltear saor thú.

Cén fhaisnéis a chaithfidh mé a thabhairt do na Gardaí?

Nuair a dhéanann cúirt ordú go gcaithfidh tú na Gardaí a chur ar an eolas tá oibleagáid ort an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar leis na riachtanais a chomhlíonadh:

  • D’ainm agus má úsáideann tú ainm(neacha) eile, gach ceann de na hainmneacha sin.
  • Do sheoladh baile
  • Má athraíonn tú d’ainm ó cheann a tugadh roimhe sin do na Gardaí beidh ort an t-ainm nua a sholáthar laistigh de 7 lá ó aon athrú ainm den chineál sin.
  • Aon athrú ar do sheoladh baile.
  • Má tá rún agat an stát a fhágáil ar feadh tréimhse leanúnach de 7 lá nó níos mó beidh ort an rún sin a chur in iúl do na Gardaí agus a chur in iúl dóibh cá bhfuil sé de rún agat stopadh agus tú lasmuigh den stát.
  • Do dháta breithe

Cá fhad a mhaireann na riachtanais maidir leis na Gardaí a fhaisnéisiú?

Braitheann sé ar fhad na pianbhreithe a fhaigheann tú ón chúirt. Dá fhaide an phianbhreith, is amhlaidh is faide a mhaireann na riachtanais. Seo treoir ar fhad an ama a mhaireann na riachtanais:

  • 12 bliana: má bhí príosúnacht saoil ort (de ghnáth ciallaíonn saol 14 bliana nó níos lú i bpríosún)
  • 7 mbliana: má tugadh níos mó ná 10 mbliana príosúnachta duit (ach ní príosúnacht saoil)
  • 5 bliana: má gearradh níos mó ná 5 bliana príosúnachta ort (ach gan níos mó ná 10 mbliana)
  • 3 bliana: má gearradh níos mó ná aon bhliain príosúnachta ort (ach ní níos mó ná 5 bliana)
  • 1 bhliain: má chuir an chúirt do phríosúnacht ar fionraí

An gcaithfidh ciontóirí faoi 18 na Gardaí a chur ar an eolas chomh maith?

Caithfidh. Tá daoine faoi 18 mbliana d’aois iad faoi oibleagáid na Gardaí a chur ar an eolas nuair a ghearrtar pianbhreith orthu chomh maith, ach tá na tréimhsí níos gairide. Tá siad mar a leanas:

  • 6 bliana: má gearradh príosúnacht saoil ort, (a chiallaíonn de ghnáth 14 bliana nó níos lú i bpríosún)
  • 3.5 bliain: má gearradh príosúnacht níos mó ná 10 mbliana ort (ach ní príosúnacht saoil)
  • 2.5 bliain: má gearradh príosúnacht níos mó ná 5 bliana ort (ach níos lú ná 10)
  • 1.5 bliain: más amhlaidh gur gearradh príosúnacht ort de níos mó ná aon bhliain amháin (ach nach raibh níos mó ná 5 bliana)
  • Sé mhí: má chuir an chúirt do phríosúnacht ar fionraí

An féidir liom iarratas a dhéanamh le riachtanais an fhaisnéisithe a chur ar ceal?

Is féidir. Is féidir le duine ar bith atá faoi réir na riachtanas le haghaidh tréimhse 12 bliana (nó 6 bliana i gcás duine faoi 18 mbliana d’aois) ordú a iarraidh ar an gcúirt iad a úrscaoileadh ón riachtanas na Gardaí a chur ar an eolas ar an bhforas nach mbeadh sé chun tairbhe na maitheasa poiblí oibleagáid a bheith ort leanúint leat ag faisnéisiú. Ba chóir duit iarratas a chur isteach chuig an gcúirt a ghearr an pianbhreith príosúnachta sa chéad áit. Is féidir leatsa iarratas a dhéanamh nó is féidir le aturnae an t-iarratas a dhéanamh ar do shon. Cuideoidh foireann na cúirte leis an iarratas a dhéanamh má bhíonn deacrachtaí ar bith ann. Ní chosnaíonn sé rud ar bith iarratas a dhéanamh.

Tá cead ag aon duine atá ag cur iarratais chuig an gcúirt aon fhinné a thabhairt leo chuig an gcúirt a thabharfaidh fianaise ar a son nó maidir lena gcarachtar, mar shampla, dochtúir a thug cóireáil duit nó stiúrthóir clár athshlánaithe ar fhreastail tú air.

Má tá rún agat a iarraidh ar an gcúirt na riachtanais maidir le tuairisciú chuig na Gardaí a urscaoileadh, ní mór duit a chur in iúl do Cheannfort do stáisiúin áitiúil Ghardaí go bhfuil sé de rún agat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt.

Cé chomh luath a thig liom iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt?

Daoine atá faoi réir riachtanais faisnéisithe na nGardaí do thréimhse de 12 bliana, ní féidir leo urscaoileadh a iarraidh ar an gcúirt go dtí go bhfuil 8 mbliana thart. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú an riachtanas maidir le tuairisciú leis na Gardaí a chomhlíonadh go ceann 8 mbliana ar a laghad. Ar an mbealach céanna, caithfidh aon duine atá faoi 18 mbliana d’aois nuair a dhaortar iad agus atá faoi réir na riachtanas faisnéisithe ar feadh 6 bliana, caithfidh siad fanacht faoi réir na riachtanas seo go ceann 4 bliana sula mbeidh siad in ann urscaoileadh an ordaithe a iarraidh ar an gcúirt.

Cad é a tharlóidh mura gcomhlíonann duine na riachtanais faisnéisithe?

Tá aon duine nach gcomhlíonann an riachtanas faisnéisithe (gan leithscéal réasúnta a bheith acu) ciontach i gcion. Is é an pionós ná fíneáil suas le €3000 nó príosúnacht suas le 12 mhí, nó an dá rud.

An bhfuil na riachtanais faisnéisithe seo i bhfeidhm ar dhaoine a ciontaíodh lasmuigh den stát?

Tá. Má chiontaítear thú i gcion gáinneála drugaí taobh amuigh d’Éirinn agus dá mbeadh an cion céanna ina chion gáinneála drugaí in Éirinn, beidh tú faoi réir riachtanas faisnéisithe céanna na nGardaí má thagann tú le cónaí in Éirinn ina dhiaidh sin. Mura gcuireann tú do shonraí in iúil do na Gardaí, is féidir leis na Gardaí tú a chúiseamh as neamh-chomhlíonadh nó loiceadh cloí leis na riachtanais. Beidh ar na Gardaí, áfach, doiciméad a thabhairt ar aird don chúirt ag cruthú shonraí do chiontaithe.

Page edited: 26 May 2015