Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Coiriúil > An Triail Choiriúil > Nochtadh i gcásanna coiriúla

Print Page Send to a Friend

Nochtadh i gcásanna coiriúla

Réamhrá

I dtriail choiriúil ní mór do lucht an ionchúisimh an fhianaise ábhartha go léir atá acu a nochtadh don lucht cosanta roimh an triail. Má chúisítear tú as cion coiriúil, tá sé de cheart agat an fhianaise a bhfuil sé beartaithe ag lucht an ionchúisimh a úsáid ag do thriail a fháil, chomh maith leis an bhfianaise atá acu nach bhfuil sé beartaithe acu a úsáid, dá bhféadfadh an fhianaise sin cabhrú le do chosaint.

Tá an dualgas nochtaithe bunaithe ar cheartas nádúrtha agus bunreachtúil, cásdlí agus prionsabail reachtúla. Ach baineann dualgas difriúil le ionchúisimh achoimre a thriailtear sa Chúirt Dúiche os comhair breithimh ach gan giúiré, agus ionchúisimh ar díotáil, a thriailtear os comhair breithimh agus giúiré sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.

Rialacha

Ionchúisimh Achoimre

I gcás achomair ní bhíonn dualgas ginearálta ar lucht an ionchúisimh ráitis finnéithe a sholáthar duit roimh ré, bíodh go bhfuil siad á lorg agat nó nach bhfuil. Má déanann tú iarratas leis an gcúirt ar na ráitis a fháil, is faoin gcúirt socrú an ceart iad a sholáthar duit ar mhaithe le ceartas. Leag an Chúirt Uachtarach na hábhair a d'fhéadfadh go mbeadh ar an gcúirt a mheas i i Director of Public Prosecutions v Garry Doyle [1994] 2 IR 286.

Agus iad ag smaoineamh ar cheart nó nár cheart fianaise a scaoileadh, ní mór do lucht an ionchúisimh prionsabail chosúlacha a mheas. Má iarrann tú go soláthrófaí ráitis duit, is é tú féin go príomha nó do aturnae atá freagrach as fáthanna dóthanacha leis an nochtadh a sholáthar.

Ionchúisimh ar díotáil

I gcás trialach ar díotáil tá dualgas reachtúil ar lucht an ionchúisimh ábhair áirithe a sholáthar duit roimh do thriail a leagann amach an fhianaise a bhfuil sé beartaithe a thabhairt sa triail i do choinne. Is gnách go dtugtar an Leabhar Fianaise ar na doiciméid sin. Má bheartaíonn lucht an ionchúisimh fianaise nó finnéithe breise a ghairm ina dhiaidh ní mór na doiciméid bhreise a chur ar fáil duit freisin.

D'fhéadfadh go mbeadh ábhar breise ag lucht an ionchúisimh ar shocraigh siad gan a úsáid ag do thriail. Ba cheart an fhianaise sin a nochtadh duit, gan iarratas, má bhaineann an fhianaise le do chosaint.

Tá tuilleadh eolais ar nochtadh ar fáil san fhoilseachán Guidelines for Prosecutors (pdf) atá ar fáil ar Láithreán gréasáin an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.