Trialacha coiriúil

Eolas

Tá dhá chineál coir choiriúil ann;

  • Cionta Achomaire, sé sin, cionta a thagann ós comhair Breithimh atá ina aonar
  • Cionta indíotáilte , sé sin, cionta a thagann ós comhair Breithimh agus giuiré le chéile.

Is féidir cionta indíotáilte áirithe a thriail go hachomair.

Má tá cion coiriúil curtha i do leith b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal cúnamh dlí choiriúil, rud a thugannionadaíocht dlí i gcásanna coiriúla saor in aisce duit.

Tá dhá chineál trialach ann:

Chloiseann siad trialacha achoimre sa Chúirt Dúiche. Má tá tú cúisithe i gcion indíotáilte, cuireann an Chúirt Dúiche Breitheamh tú ar aghaidh chuig an gCúirt ChuardaPhríomh-Chúirt Choiriúil (Ard-Chúirt) chun trialach le giúiré má aontaíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP). Braitheann sé ar an gcinneál cion atá i gceist cén chúirt a éisteann an cás.

Sula dtagann an cás chun trialach, tá roinnt nithe eile nach mór a bheith ullamh, ina measc seo tá fianaise a nochtadh agus an rogha maidir le pléadáil ciontach.

Tar éis na trialach, tagann an bhreith.

Ag Pléadáil Ciontach

Is féidir leat pléadáil ciontach ag aon am le linn an cháis atá curtha i do leith.

Cionta achomaire

Má tá cion achomaire curtha i do leithpléadáilfidh tú ciontach sa Chúirt Dúiche .

Tabharfaidh an Breitheamh sa Chúirt Dúiche a bhreith/breith agus gearrfaidh sé/sí breith ort tar éis dó/di éisteacht le do ionadaí dleathach agus lena bhfuil le rá ag na cúisitheoirí (Gárda a bhíonn ann de ghnáth).

Cionta indíotáilte

Má tá cion indíotáilte curtha i do leith agus go bhfuil tú ag pléadáil ciontach sa Chúirt Dúiche, beidh ort "pléadálanna an chiontaigh" a shiniú.

Sula síníonn tú an cáipéis seo déanfaidh an breitheamh cinnte de go bhfuil a fhios agat céard í an choir atá curtha i do leith agus go dtuigeann tú na fíricí a bhaineann leis an gcás.

Cuirfear ar aghaidh ansin tú chuig an Chúirt Chuarda áit a dtabharfar breith ort. Má thagann athrú intinne ort is féidir leat do phléadáil ciontach a tharraingt siar agus rachaidh an triail ar aghaidh ansin.

Má phléadáil tú "neamh chiontach" sa Chúirt Dúiche agus go bhfuil tú seolta ar aghaidh chun trialach faoi bhreitheamh agus giúiré, is féidir leat ansin pléadáil "ciontach" don choir atá curtha i do leith. Má deireann tú go bhfuil tú ciontach sa Chúirt Chuarda, beidh tú ciontaithe agus déanfaidh an chúirt cinneadh faoin mbreith atá le tabhairt ort.

Triail achomaire

Má tá cion achomaire curtha i do leith, beidh do chás ós comhair breitheamh gan aon ghiúiré i láthair. Beidh sé ar siúl sa Chúirt Dúiche. Beidh an leagan amach seo ar thriail achomaire:

  • Glaofaidh Cláraitheoir na Cúirte Dúiche amach do chás de réir ainm.
  • Seasfaidh tú féin agus do ionadaí dlí suas chun sibh féin a chur in aithne don chúirt.
  • Seasfaidh an Gárda a rinne an gearán i do choinne ag clár na mionn agus tabharfaidh sé fianaise faoin gcoir atá curtha i do leith - sé sin, céard a thárla.
  • Is féidir leis an abhcóide cosanta an Gárda a cheistniú.
  • Cuirfidh na cúisitheoirí fios ar fhinné agus ceistneoidh siad iad chun deis a thabhairt dóibh fianaise a thabhairt maidir leis an gcoir.
  • Tá cead ag an abhcóide cosanta finné na gcúisitheoirí a chroscheistniú nuair a bhíonn a bhfianaise tugtha acu.
  • Is féidir leis an abhcóide cosanta finné a ghlaoch chun fianaise a thabhairt ar do shon. Is féidir leat féin fianaise a thabhairt, freisin, cé nach bhfuil aon iallach ort sin a dhéanamh.
  • Tá cead ag na cúisitheoirí gach duine de do fhinné a chroscheistniú.
  • Is féidir leis na cúisitheoirí agus le do thaobh cosanta áiteamh deireadh a dhéanamh maidir leis an gcás.
  • Déanfaidh an Breitheamh cinneadh an bhfuil tú ciontach nó neamhchiontach ag brath ar an bhfianaise atá curtha ós a chomhair/a comhair. Sula bhfaigheann sé/sí ciontach tú ní mór go gcreidfeadh sé/sí gur cruthaíodh thar aon amhras reasúnta go bhfuil tú ciontach.
  • Má fhaigheann an Breitheamh ciontach tú sa choir a cuireadh i do leith, is féidir leis/lei réiteach cad é an bhreith atá le dhul ort.

Má fhaigheann an Breitheamh neamhchiontach tú, caithfidh sé/sí amach an cás a bhí curtha i do leith.

Triail ghiúré

An Chúirt Chuarda agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil a éisteacht trialacha giúiré coiriúla agus leanann siad de ghnáth an fhormáid seo a leanas:

  • Léifear amach an díotáil, ina léirítear na cionta (scóir) ar phléadáil an cosantóir neamhchiontach dóibh.
  • Is é an lucht ionchúisimh a thugann óráid tosaigh na trialach. Cuireann an t-abhcóide tús leis an gcás agus insíonn don ghiúiré faoi nithe ar mian leis na hionchúisitheoirí a chruthú. Imlíníonn an t-abhcóide na fíricí agus an fhianaise a bhfuil sé ar intinn ag na cúisitheoirí a thaispeáint. Míníonn sé nó sí na cúiseanna atá líomhanta i leith an chosantóra.
  • Tar éis an aithisc thosaigh, glaonn na cúisitheoirí ar fhinnéithe, de réir ord an leabhair fhianaise de ghnáth. Fiafraíonn an t-abhcóide ceisteanna díobh le ligean dóibh a scéal agus a bhfianaise a insint ina bhfocail féin. Féadtar cáipéisí agus ráitis a thabhairt i gcás. Féadtar fianaise fhóiréinseach a chur faoi bhráid na cúirte mar fhoilseáin agus de ghnáth tugtar deis don ghiúiré na foilseáin sin a scrúdú.
  • Nuair a bhíonn an t-abhcóide ionchúisimh críochnaithe ag cur ceisteanna ar gach finné, féadann abhcóide an chosantóra an fhinné a "chroscheistiú". Má bhíonn sé ar intinn ag an lucht cosanta dúshlán a thabhairt faoi fhianaise fhinné na gcúisitheoirí, caitheann an t-abhcóide cosanta bunús an dúshláin a mhíniú don fhinné.
  • Nuair a bhíonn deireadh curtha ag an abhcóide ionchúisimh le cur i láthair an cháis ionchúisimh, is ansin a thosóidh an chosaint. Osclóidh an t-abhcóide cosanta an chosaint agus glaofaidh sé nó sí ar fhinnéithe agus tabharfaidh fianaise isteach. Is féidir leis an lucht ionchúisimh gach finné a chroscheistiú. Ní gá don chúisí aon fhianaise a thabhairt.
  • Ag deireadh an cháis déanann na cúisitheoirí agus na cosantóirí araon achoimriú ar na fíricí don ghiúiré agus leagann siad béim ar bhuanna a gcás féin.
  • Ag deireadh na trialach coimríonn an breitheam an cás don ghiúiré. Míníonn sé nó sí feidhm an ghiúiré dóibh agus treoraíonn sé nó sí don ghiúiré a n-aird a dhíriú ar an bhfianaise a cuireadh faoi bhráid na cúirte amháin agus neamhaird a dhéanamh d’aon tuairiscí sna meáin chumarsáide.
  • Caithfidh an breitheamh an giúiré a threorú maidir le haon phointe dlí a thagann aníos. Mar shampla, féadann sé nó sí bunábhair dhlíthiúla chion an dúnmharaithe a mhíniú ionas gur féidir leis an ngiúiré a theacht ar fhíorasc a chloíonn leis an riail dhlíthiúil sin.
  • Más cás coiriúil atá ann, caithfidh an breitheamh a mhíniú don ghiúiré gur ghá go mbeidís sásta faoi chiontacht an chúisithe thar aon amhras réasúnta. Ciallaíonn thar aon amhras réasúnta má thugtar dhá fháth sa chás, agus más míniú féideartha ar ar tharla araon iad, ba chóir don ghiúiré, i dteannta leis an bhfianaise a cuireadh i láthair, sochar an amhrais a thabhairt don chúisí. (Más cás sibhialta atá ann, míneoidh an breitheamh don ghiúiré nach mór dóibh a bheith sásta faoina bhfíorasc ar chothrom na dóchúlachta.)
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Iúil 2016