Gealtacht choiriúil agus meabhairshláinte

Eolas

Déileáiltear le daoine a chúisítear le cion coiriúil agus atá thíos le neamhord meabhrach faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006 arna leasú ag an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2010.

D’fhéadfadh an cheist maidir le staid mheabhrach duine a chúisítear le coir eascairt ag dhá chéim ar leith – ag tús na trialach agus nuair a bhíonn an cinneadh á dhéanamh maidir le ciontacht. Má tá duine thíos le neamhord meabhrach, féadtar a mheas nár cheart iad a thriail ag tús na trialach. Sa chás sin, ní ghabhtar ar aghaidh leis an triail. Má bhíonn triail ar siúl agus má mheastar go ndearna an duine an cion ach go raibh siad gealtach ag an tráth sin, d’fhéadfadh go mbainfí an breithiúnas amach go bhfuil siad neamhchiontach toisc bheith gealtach. I gcásanna dúnmharaithe, d’fhéadfaí coincheap na freagrachta laghdaithe a úsáid chun breithiúnas dúnorgana a ionadú.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar neamhord meabhrach san Acht 2006 galar meabhrach, míchumas meabhrach, néaltrú nó aon ghalar intinne nach n-áirítear meisce (bheith ar meisce).

Oiriúnach nó neamhoiriúnach le triail

Déanann breitheamh an cinneadh ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil duine oiriúnach le triail. Murar féidir leis an duine an cúiseamh a thuiscint nó murar féidir leo foireann dlí a ordú, dúshlán a chur faoi na giúróirí nó an fhianaise a leanúint, féadtar a mheas nach bhfuil siad oiriúnach le triail.

Ní hionann an cinneadh seo, (is é sin, go meastar go bhfuil duine neamhoiriúnach le triail) agus cinneadh ar an ngníomhaíocht líomhnaithe choiriúil. Má dheimhnítear go bhfuil duine neamhoiriúnach le triail, cuirtear an triail ar athló. Is é an breitheamh a dhéanann an cinneadh faoi céard a dhéantar ina dhiaidh sin. Mar shampla, d’fhéadfaí an duine a chur in ospidéal nó in aonad síciatrach má mheastar go bhfuil siad thíos le neamhord meabhrach agus go dteastaíonn cóireáil othair chónaithigh uathu faoi théarmaí an Achta Meabhair-Shláinte 2001. Mar mhalairt air sin, d’fhéadfaí an duine a chur ar aghaidh chun cúram othair sheachtraigh shíciatraigh a fháil. Féadtar an duine a chur in ospidéal nó in aonad síciatrach ar feadh 14 lá d’fhonn a dheimhniú cibé acu ar cheart nó nár cheart iad a chur ar aghaidh chun cóireáil a fháil. Féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh i leith ordú cimithe.

Má mheasann an breitheamh gurb ann d’amhras réasúnta go ndearna an duine an choir líomhnaithe, féadtar an duine a éigiontú. Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc a dhéanamh i leith cinnidh go bhfuil duine neamhoiriúnach le triail.

Neamhchiontach mar gheall ar ghealtacht

Má mheastar go ndearna an duine an cion ach go raibh siad gealtach ag an tráth sin, d’fhéadfadh go mbainfí an breithiúnas amach go bhfuil siad neamhchiontach toisc bheith gealtach. Déanann giúiré an cinneadh seo. Má bhaintear an breithiúnas seo amach, féadfaidh an breitheamh a ordú go gcuirtear an duine in ospidéal nó in aonad síciatrach ar an mbealach nach mór céanna a chuirtear daoine nach bhfuil oiriúnach le triail in ospidéal nó in aonad síciatrach.

Freagracht laghdaithe i gcásanna dúnmharaithe

Má chúisítear duine le dúnmharú, breithiúnas féideartha amháin is ea neamhchiontach mar gheall ar ghealtacht. Forálann an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht), 2006 do choincheap na freagrachta laghdaithe i gcásanna dúnmharaithe. Gearrtar pianbhreith uathoibríoch shaoil ar chiontú le haghaidh dúnmharú. I gcoireanna eile, tá an lánrogha ag an mbreitheamh i dtaca le pianbhreith a ghearradh agus, ar an ábhar sin, féadfaidh sé/sí aon fhreagracht laghdaithe a chur san áireamh a d’fhéadfadh bheith ann. Má phléadálann duine a chúisítear le dúnmharú le freagracht laghdaithe, is é dúnorgain an breithiúnas. Ansin is féidir leis an mbreitheamh pianbhreith d’aon fhad sa phríosún a ghearradh ar an duine.

An Bord Athbhreithnithe Meabhair-Shláinte

Is í príomhfheidhm an Bhoird Athbhreithnithe Meabhair-Shláinte (an Dlí Coiriúil) athbhreithniú a dhéanamh ar choinneáil iad siúd a dheimhnítear nach bhfuil ciontach mar gheall ar ghealtacht nó a dheimhnítear nach bhfuil oiriúnach le triail, a coinníodh in ionad sannta le hordú cúirte. Is An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar é an t-aon ionad sannta amháin láithreach. Anuas air sin, tá an Bord Athbhreithnithe freagrach as daoine a ciontaíodh i leith cionta agus ar tháinig breoiteacht mheabhrach orthu fad a bhí a bpianbhreitheanna á seirbheáil acu. Ní mór go mbeidh aird ag an mBord Athbhreithnithe ar leas agus ar shábháilteacht an duine a ndéanann siad athbhreithniú ar a gcoinneáil agus ar leas an phobail. Féadfaidh siad ionadaí dlí a shannadh don duine mura mbeartaíonn an duine ionadaí dlí a fhostú.

Is éard atá sa Bhord ná cathaoirleach dlíthiúil agus líon daoine eile, ar gá go mbeadh duine amháin, ar a laghad, díobh ina s(h)íciatraí comhairleach. Tá dualgas orthu athbhreithniú a dhéanamh ar gach coinneáil ar a laghad uair amháin gach 6 mhí.

Page edited: 4 November 2015