Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Coiriúil > An Triail Choiriúil > Leabhar na Fianaise

Print Page Send to a Friend

Leabhar na Fianaise

Eolas

Má tá tú os comhair na Cúirte Dúiche cúisithe le cion indíotáilte (cion atá le triail ag breitheamh agus giúiré), d'fhéadfadh an Chúirt Dúiche nó caithfidh siad (ag brath ar an gcion) tú a chur ar aghaidh le triail sa Chúirt Chuarda Choiriúil nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil. Caithfear doiciméid áirithe a aithnítear go ginearálta mar an Leabhar Fianaise a sheirbheáil ort nó ar do aturnae. Ní féidir tú a chur ar aghaidh le triail sa Chúirt Dúiche go dtí go mbíonn na doiciméid seo seirbheáilte.

Rialacha

Nuair a thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) go gcuirfear ar aghaidh thú le triail, caithfidh an SIP an Leabhar Fianaise a sheirbheáil ort (nó ar d'aturnae) laistigh de 42 lá tar éis duit a bheith sa Chúirt Dúiche den chéad uair. Is féidir leis an SIP iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche chun síneadh a chur leis an tréimhse 42 lá, agus déanfaidh an Chúirt Dúiche an síneadh seo a dheonú go hiondúil sna cúinsí a leanas:

  • Cúis mhaith lena leithéid a dhéanamh
  • Bheadh sé chun leasa an cheartais a leithéid a dhéanamh

Ní leagann an dlí síos teorainn ar bith faoi fhad an tsínidh. Mar sin féin, caithfidh cúis mhaith a bheith le síneadh, cosúil le fiosrúchán na nGardaí a bheith casta agus mórán finnéithe a bheith bainteach leis an gcás.

Má dhiúltaíonn an Chúirt Dúiche síneadh ama a thabhairt do sheirbheáil an Leabhair Fianaise, caithfear na himeachtaí i do choinne maidir leis an gcion a scriosadh amach. Ní chiallaíonn sé seo go bhfuil an cás dúnta nó tugtha chun críche. Nuair a dhéanann an Chúirt Dúiche imeachtaí a scriosadh amach, tarlaíonn sé gan dochar do thionscnamh imeachtaí ar bith i do choinne ag an SIP. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an SIP tú a thógáil os comhair na cúirte arís ar na cúisimh chéanna.

Má tá sé beartaithe agat a bheith ag brath ar fhianaise ailibí ar bith le linn trialach, caithfear an ailibí a fhógairt don ionchúiseamh laistigh de 14 lá ó sheirbheáil an Leabhair Fianaise.


Cad atá cuimsithe sa Leabhar Fianaise?

Is iad na doiciméid seo a leanas a chaithfear a sheirbheáil ort nó ar d'aturnae:

  • Ráiteas maidir leis na cúisimh i do choinne
  • Cóip d'fhaisnéis faoi mhionn (i scríbhinn) ónar eascair na himeachtaí, is é sin gearán scríofa a rinneadh chuig na Gardaí Síochána
  • Liosta na bhfinnéithe a bhfuil beartaithe ag an SIP glaoch orthu le linn na trialach
  • Ráiteas an fhianaise atáthar ag súil go dtabharfaidh gach finné ag an triail
  • Liosta na bhfoilseán atá le cur i láthair le linn na trialach.


Chomh luath agus atá an Leabhar Fianaise ullmhaithe, déantar é a sheirbheáil ort. Ní chiallaíonn seirbheáil an Leabhair Fianaise nach féidir leis an SIP doiciméid bhreise a sheirbheáil ort níos déanaí.

Ag am ar bith ina dhiaidh sin, caithfidh an SIP doiciméid áirithe a sheirbheáil ort má tá a leithéidí ann. Áirítear na doiciméid bhreise seo a leanas ina measc:

  • Liosta d'fhinnéithe breise ar bith a bhfuil beartaithe ag an SIP glaoch orthu le linn na trialach
  • Ráiteas faoin bhfianaise atáthar ag súil go dtabharfaidh gach finné atá ar an liosta d'fhinnéithe breise
  • Ráiteas faoin bhfianaise bhreise ar bith atáthar ag súil go dtabharfaidh finné ar bith atá ar an liosta finnéithe roimhe
  • Liosta na bhfoilseán breise ar bith

Tá sé de cheart agat gach foilseán a scrúdú, atá luaite ar liosta na bhfoilseán.


Cé a chuireann an Leabhar Fianaise le chéile?

Cé go bhfuil an Leabhar Fianaise curtha le chéile agus seirbheáilte ar son an SIP, is iondúil gurb é/í an Garda imscrúdaithe atá freagrach as an Leabhar Fianaise a chur le chéile. Tosaíonn obair ar an Leabhar Fianaise láithreach tar éis do chéad láithreas sa Chúirt Dúiche.

Mar atá luaite thuas, is féidir le cur le chéile an leabhair fianaise a bheith ina phróiseas fadálach, go háirithe nuair atá an cás casta agus líon mór finnéithe i gceist. Bíonn ráitis na bhfinnéithe go hiondúil ar an aicme doiciméad is mó sa Leabhar Fianaise. Tá na ráitis ar fad ó Ghardaí, finnéithe na coire agus finnéithe saineolacha (cosúil le saineolaithe fóiréinseacha agus saineolaithe míochaine) bailithe le chéile ag an nGarda imscrúdaithe le háireamh sa Leabhar Fianaise.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 July 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.