Cionta oird phoiblí

Réamhrá

Leagtar an dlí maidir le cionta oird phoiblí síos go príomha san Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994. Déileálann sé leis an saghas iompair a bhíonn ar bun ag daoine in áiteanna poiblí, mar shampla, bheith ar meisce in áit phoiblí, agus déanfar foráil ann chomh maith do rialú slua ag imeachtaí poiblí. Faoin dlí, áirítear le ‘áit phoiblí’ bóithre, páirceanna poiblí nó limistéir áineasa, reiligí, clóis séipéil, traenacha, busanna agus feithiclí eile iompair phoiblí.

Má bhíonn amhras ar Gharda go ndearna tú cion oird phoiblí faoin Acht seo, caithfidh tú d’ainm agus seoladh a thabhairt dóibh má iarrtar ort dóibh. I bhfírinne, is cion é má theipeann ort d’ainm agus seoladh a thabhairt sa chás seo, agus is féidir thú a ghabháil gan bharántas dó seo.

Foráiltear san Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 2003, má dhéantar thú a chiontú i leith cionta áirithe faoi Acht 1994, gur féidir thú a eisiamh ó áitreabh ar feadh a fhaide le bliain. Déantar é seo anuas ar an bpionós faoi Acht 1994.

Meisce (bheith ólta) in áit phoiblí

Cion oird phoiblí é a bheith ólta in áit phoiblí Má bhíonn amhras ar Gharda go bhfuil tú ar meisce in áit phoiblí, is féidir leo an tsubstaint mheisciúil a bhaint díot.

Is é an pionós a ghearrtar ar bheith ar meisce in áit phoiblí:

  • Fíneáil muirir sheasta €100, nó
  • Is í an fhíneáil is mó fíneáil aicme E €500, má dhéanann na Gardaí an cinneadh thú a ionchúiseamh as an gcion, agus má chiontaítear thú

Iompar neamhordúil in áit phoiblí

Is cion é tabhairt faoi iompar colúil in áit phoiblí:

  • Idir meán oíche agus 7 a chlog ar maidin an lá dar gcionn, nó
  • Aon tráth eile, tar éis do Gharda iarraidh ort an t-iompar sin a stopadh

Is é is iompar colúil ann ná iompar mí-réasúnta is dóchúil a bheith ina chúis le masla tromchúiseach nó cur isteach tromchúiseach ar dhaoine eile. Is é cuspóir an chiona oird phoiblí seo ná déileáil le hiompar neamhordúil nach bhfuil chomh holc le hiompar bagrach ach a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt fós féin ar chaighdeán beatha daoine. Mar shampla, daoine ag scairteadh go mall san oíche tar éis dóibh club oíche a fhágáil nuair a bheadh seo ina chrá mór croí ag áitritheoirí na háite.

Is é an pionós a ghearrtar ar an gcion seo:

  • Fíneáil mhuirir sheasta €140, nó
  • Is í an fhíneáil is mó fíneáil aicme D, má dhéanann na Gardaí an cinneadh thú a ionchúiseamh as an gcion, agus má chiontaítear thú

Caithfidh tú d’ainm agus seoladh a thabhairt don Gharda, más mian leat go gcaithfear leis an gcion seo mar chion muirir sheasta. Mura dtugann tú d’ainm agus seoladh, is féidir thú a ghabháil gan bharántas dó seo agus thú a chiontú i leith cion achomair arb é an pionós uasta fíneáil aicme C.

Iompar bagrach agus drochídeach

Iompar bagrach, drochídeach nó maslach in áit phoiblí

Is cion é focail nó iompar bagrach, drochídeach nó maslach a úsáid in áit phoiblí agus é ar intinn an tsíocháin a bhriseadh. Mar shampla, más dóchúil go mbeidh d’fhocail nó do ghníomhartha ina gcúis le troid leis an duine atá á mhaslú agat, nó má tá grúpa ógánach ag dul sa tóir ar thrioblóid mar gheall ar a n-iompar bagrach i dtreo daoine eile. Má fhaightear ciontach sa chion seo thú, is féidir leat bheith faoi dhliteanas fíneáil Aicme D a íoc agus is féidir pianbhreith príosúin a fhaide le 3 mhí a ghearradh ort.

Ag lorg déirce ar bhealach is cúis le himeagla nó le bagairt

Cion oird phoiblí é déirc a lorg ar bhealach is cúis le himeagla nó le bagairt. Má fhaightear duine ciontach sa chion seo, beidh siad faoi dhliteanas ar ciontú achomair fíneáil Aicme E a íoc nó a fhaide le mí amháin a chaitheamh i bpríosún, nó an dá rud. Is féidir leis na Gardaí daoine a bhfuil déirc á lorg acu i gceantair áirithe an ceantar sin a fhágáil, mar shampla, daoine atá ag lorg déirce ag Uathmheaisín Bainc (ATM), taisceadán oíche, meaisín díola nó ag bealach isteach go siopa. Mura sásaíonn an duine an iarraidh chun an láthair a fhágáil, is féidir iad a chúiseamh i gcion agus fíneáil aicme E a ghearradh orthu ar é nó í a chiontú go hachomair.

Is cion freisin é duine eile a eagrú nó a ordú chun déirc a lorg. Bíonn tú faoi dhliteanas ar ciontú achomair don chion seo fíneáil Aicme A a íoc, nó a fhaide le 12 mhí a chaitheamh i bpríosún, nó an dá rud.

Ábhar a dháileadh nó a thaispeáint áit phoiblí atá bagrach, drochídeach, maslach nó graosta

Cion oird phoiblí é ábhar a dháileadh nó a thaispeáint in áit phoiblí atá maslach. Is é an pionós a ghearrtar ar an gcion seo fíneáil aicme D, nó pianbhreith príosúin a fhaide le 3 mhí, nó an dá rud.

Is í an phríomhdheacracht leis an gcion seo go bhféadfadh duine amháin a cheapadh go bhfuil rud éigin graosta agus go gceapfadh duine eile gur gnáthrud, tríd is tríd, atá ann. Dhéileáil an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine le ceist na híogaireachta i gcás Muller v. an Eilvéis (1991) 13 E.H.R.R.. Rinne an cás sin breithniú ar chiontú san Eilvéis in éadan an Uasail Muller as péintéireachtaí graosta a thaispeáint. Léirigh na péintéireachtaí, ar dhóigh gháirsiúil, caidreamh collaí idir fir agus ainmhithe. Ba é cinneadh na cúirte gur dhócha go gcuirfeadh na péintéireachtaí col mór ar nósmhaireacht ghnéasach daoine a bhfuil gnáthíogaireacht acu. Is féidir a rá mar sin go gcuirfidh na cúirteanna tástáil “an ghnáthfhir” i bhfeidhm nuair a chinneann siad cibé acu an bhfuil an t-ábhar atá á dháileadh nó á thaispeáint graosta nó nach bhfuil.

Achrann

Is ionann achrann agus nuair a úsáideann beirt daoine nó níos mó foréigean neamhdhleathach nó nuair a bhagraíonn siad ar a úsáid i dtreo a chéile, agus nuair a bheadh a n-iompar ina chúis go mbeadh eagla ar dhuine atá diongbháilte go réasúnta a bhí i láthair ag an áit sin i leith a sábháilteachta nó i leith sábháilteacht duine eile.

Caithfidh an foréigean a bhíonn i gceist in achrann a bheith idir an bheirt daoine nó níos mó atá bainteach ann agus níor cheart é a dhíriú i dtreo daoine eile atá ar an láthair. Bheadh achrann ann, mar shampla, nuair a bhíonn grúpa daoine ag troid in aghaidh a chéile ar an tsráid. Is féidir le hachrann titim amach in áit phoiblí nó phríobháideach. Ní dhéantar cion an achrainn ach nuair a úsáidtear foréigean iarbhír neamhdhleathach. Ní hionann bagairtí leo féin agus cion an achrainn. Is féidir pionós uasta fíneála neamhtheoranta, nó téarma príosúnachta a fhaide le cúig bliana, nó an dá rud, a ghearradh ar dhuine a chiontaítear in achrann.

Dúmhál, sracaireacht agus airgead a éileamh le bagairtí

Is cion é go ndéanann duine éilimh gan údar le bagairtí chun gnóthachain phearsanta a dhéanamh dóibh féin nó dá chéile, nó le hintinn go mbeidh duine eile thíos le caillteanas. Is í an eisceacht atá leis an gcion seo má chreideann an duine a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh acu an méid seo a leanas:

  • Tá forais réasúnta acu leis an éileamh a dhéanamh, agus
  • Bealach ceart iad bagairtí a úsáid leis an éileamh a neartú

Cé nach bhfuil aon sainmhíniú san Acht ar “bagairtí”, rinne na cúirteanna an cinneadh:

“tá brí le baint ar bhealach scaoilte as an bhfocal bagairt, agus níl sé teoranta do bhagairtí foréigin ach ba cheart a áireamh leis bagairtí ar aon ghníomh a dhéanann díobháil don duine atá i gceist nó atá gránna ar an duine atá i gceist”.

Ar an ábhar sin, d’áireofaí leis an sainmhíniú ar bhagairt bagairtí ar shonraí faoi shaol gnéasach duine a chur in airde ar an idirlíon, nó bagairtí ar ghrianghraif ghraosta de dhuine a fhoilsiú. Ní fhéadfaí a mhaíomh gur bealach ceart é ceachtar de na gníomhartha seo leis an méid a bheadh ina éileamh dlisteanach ar fhiachas a íoc, ar bhealach eile. Má chiontaítear duine sa chion seo, is fíneáil neamhtheoranta, nó téarma príosúnachta a fhaide le 14 bliana, nó an dá rud, an pionós uasta.

Teip ar ordú comhalta den Gharda Síochána a chomhlíonadh

Is cion é mura gcomhlíonann tú iarraidh a dhéanann Garda stopadh d’iompar a chur ar bun ar bhealach a chreideann siad a bhfuil sábháilteacht daoine, réadmhaoin nó an tsíocháin phoiblí á chur i mbaol aige. Má tá iompar á chur ar bun agat ar an mbealach seo, is féidir leis an nGarda iarraidh ort chomh maith “an láthair a fhágáil” le haon trioblóid fhéideartha a sheachaint. Ciallaíonn seo nach gá dóibh fórsa iomlán an dlí choiriúil a chur i bhfeidhm trí thú a ghabháil, thú a chúiseamh agus thú a thabhairt os comhair na gcúirteanna.

Is cion é gan cloí leis na horduithe seo a thugann Garda, murach go bhfuil leithscéal réasúnta nó údarás dleathach agat amhlaidh a dhéanamh. Dlífear aon duine a chiontaítear i dteip ar ordú Garda a chomhlíonadh ar an mbealach seo, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil aicme D a íoc, nó téarma uasta 6 mhí a chaitheamh i bpríosún, nó an dá rud.

Bac Toiliúil

Is cion é duine a chosc nó cur isteach air/uirthi nó feithicil a chosc nó cur isteach uirthi d’aon turas ó ghluaiseacht gan srian in áit phoiblí, murach go bhfuil an t-údarás dlíthiúil nó leithscéal réasúnta agat é seo a dhéanamh. Is é an pionós a ghearrtar ar an gcion seo fíneáil a mhéid le €400. Cruthaíodh an cion seo chun cearta bunreachtúla an duine aonair a chosaint chun gluaiseacht ar bhóthar poiblí. Cé nach bhfuil aon chumhacht ag na Gardaí duine a ghabháil don chion seo, is féidir leo an duine a ordú stop a chur leis an mbac. Is cion é má theipeann orthu an t-ordú sin a chomhlíonadh.

Foirgneamh a iontráil agus é ar intinn cion a dhéanamh

Is cion é foirgneamh nó an limistéar timpeall ar fhoirgneamh a iontráil le hintinn cion a dhéanamh nó le hintinn cur isteach ar mhaoin. Faoin sainmhíniú ar an gcion seo, is leor a bheith sa mhaoin, mar shampla, i ngairdín cúil nó ar chabhsán tí. Ach is faoin ionchúiseamh in aon imeachtaí in aghaidh an chúisí a bhíonn sé a chruthú go raibh an cúisí ann agus é ar intinn aige/aici cion a dhéanamh nó cur isteach ar an maoin. Má fhaightear ciontach sa chion seo thú, beidh tú faoi dhliteanas ar ciontú achomair fíneáil Aicme C a íoc nó téarma uasta 6 mhí a chaitheamh i bpríosún, nó an dá rud.

Foghail

Is cion é foghail a dhéanamh ar bhealach is dóchúil a bheidh ina chúis le heagla a chur ar dhuine eile. Ní chuimsítear aon intinn cion a dhéanamh ná cur isteach ar mhaoin sa chion seo. Má fhaightear duine ciontach sa chion seo, beidh siad faoi dhliteanas ar ciontú achomair fíneáil Aicme C a íoc nó téarma uasta 12 mhí a chaitheamh i bpríosún, nó an dá rud.

Is féidir le Garda ordú a thabhairt d'aon duine a dtagann siad orthu agus foghail á déanamh acu ar mhodh a chuireann eagla nó ar dhóigh dó eagla a chur, ar dhuine eile, scor de bheith ag gníomhú ar an modh sin agus imeacht láithreach as an limistéar ar mhodh sítheach agus ordúil. Má theipeann ar an duine an t-ordú seo a chomhlíonadh, tá siad ciontach i gcion, murach go bhfuil leithscéal réasúnta nó údarás dleathach acu gan an t-ordú a chomhlíonadh. Má fhaightear ciontach sa chion seo thú, beidh tú faoi dhliteanas fíneáil Aicme D a íoc nó téarma uasta 6 mhí a chaitheamh i bpríosún, nó an dá rud.

Círéib

Meastar go bhfuil an chíréib ar cheann de na cionta in aghaidh ord poiblí is mó agus is tromchúisí. Is é an sainmhíniú a thugtar air ná nuair a bhíonn 12 dhuine nó níos mó le chéile in aon áit amháin agus úsáideann siad foréigean neamhdhleathach nó nuair a bhagraíonn siad ar a úsáid ar chuspóir coiteann, agus nuair a bheadh a n-iompar ina chúis go mbeadh eagla ar dhuine atá diongbháilte go réasúnta a bhí i láthair ag an áit sin i leith a sábháilteachta nó i leith sábháilteacht duine eile. Mar sin, bíonn aon duine a úsáideann foréigean neamhdhleathach ar an gcuspóir coiteann seo ar an mbealach seo ciontach i gcion na círéibe.

Is iad na codanna tábhachtacha den chion seo:

  • Caithfidh ar a laghad 12 dhuine foréigean a úsáid nó bagairt ar fhoréigean a úsáid
  • Caithfidh cuspóir coiteann a bheith acu agus amhlaidh á dhéanamh acu
  • Bheadh a n-iompar ina gcúis réasúnta le heagla a bheith ar bhreathnóir i leith a sábháilteachta nó i leith sábháilteacht duine éigin eile
  • D’úsáid an cúisí foréigean neamhdhleathach

Is féidir leis an gcion seo titim amach in áit phoiblí nó phríobháideach. Is féidir leis na Gardaí cion na círéibe a úsáid i gcásanna ina dtagann grúpaí móra daoine le chéile chun agóid a dhéanamh agus nuair a thiteann foréigean neamhdhleathach amach ina dhiaidh sin mar chuid den agóid. Is é an pionós uasta do chion na círéibe fíneáil neamhtheoranta, tréimhse phríosúnachta a fhaide le 10 mbliana, nó an dá rud.

Neamhord foréigneach

Cion oird phoiblí é neamhord foréigneach atá cosúil le cion na círéibe. Ach níl sé chomh tromchúiseach leis an gcion sin.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar neamhord foréigneach nuair a bhíonn 3 dhuine nó níos mó le chéile in áit agus úsáideann siad foréigean nó bagraíonn siad ar a úsáid, bheadh an n-iompar ina chúis go mbeadh eagla ar dhuine atá diongbháilte go réasúnta a bhí i láthair ag an áit sin i leith a sábháilteachta nó i leith sábháilteacht duine eile.

Caithfidh gur úsáid an duine a cúisíodh foréigean maidir le cion na círéibe, ach ní gá ach gur bhagair an duine a cúisíodh ar fhoréigean a úsáid maidir le neamhord foréigneach. Maidir le cion an neamhoird fhoréignigh, níl ar an ngrúpa cuspóir coiteann a roinnt, ach is riachtanas é seo le haghaidh círéibe. Is é an pionós uasta do neamhord foréigneach fíneáil neamhtheoranta, nó tréimhse phríosúnachta a fhaide le 10 mbliana, nó an dá rud.

Ionsaí agus é ar intinn díobháil choirp nó cion indíotáilte adhéanamh

Is é an príomhlimistéar den dlí a dhéileálann le hionsaí an tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine, 1997. Ach cruthaítear cion eile ionsaithe agus é ar intinn díobháil choirp nó cion indíotáilte a dhéanamh, áfach, in Alt 18 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994 Cumhdaítear tromionsaithe sa chion seo nuair a dhéanann duine ionsaí ar dhuine eile agus é ar intinn díobháil choirp nó cion indíotáilte a dhéanamh. Is féidir pionós uasta fíneála neamhtheoranta, nó téarma príosúnachta a fhaide le cúig bliana, nó an dá rud, a ghearradh ar dhuine a chiontaítear sa chion seo.

Oifigeach síochána a ionsaí nó bac a chur air/uirthi

Is cion é ionsaí a dhéanamh ar nó bagairt ar oifigeach síochána nó ar dhuine a sholáthraíonn seirbhísí leighis ag ospidéal. Is iad oifigigh shíochána:

  • Comhaltaí den Gharda Síochána
  • Oifigigh phríosúin
  • Comhaltaí den bhriogáid dóiteáin
  • Pearsanra otharchairr
  • Comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann

Cumhdaíonn an cion seo ionsaí ar:

  • Oifigeach síochána a bhfuil a bpost á dhéanamh acu, nó duine a bhfuil seirbhísí leighis á soláthar acu ag ospidéal
  • Aon duine a bhfuil cúnamh á thabhairt acu d’oifigeach síochána, nó do dhuine a bhfuil seirbhísí leighis á soláthar acu

Is cion freisin é na daoine seo a ionsaí chun cosc a chur ar ghabháil nó ar choinneáil dhleathach duine i ngeall ar chion.

Is é an pionós uasta don chion seo fíneáil neamhtheoranta nó téarma príosúnachta 7 mbliana, nó an dá rud.

Tá tú ciontach sa chion seo freisin má chuireann tú bac d’aon turas ar:

  • Oifigeach síochána a bhfuil a bpost á dhéanamh acu, nó duine a bhfuil seirbhísí leighis á soláthar acu ag ospidéal
  • Aon duine a bhfuil cúnamh á thabhairt acu d’oifigeach síochána, nó do dhuine a bhfuil seirbhísí leighis á soláthar acu

Is é an pionós uasta a d’fhéadfaí a ghearradh ort don chion seo fíneáil Aicme C, nó téarma príosúnachta 6 mbliana, nó an dá rud.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Eanáir 2023