Tá réimse cionta gnéis toirmiscithe de réir dlí. Leagann an fhaisnéis seo a leanas amach an chuid is tábhachtaí de na cionta seo. Braitheann an cúiseamh áirithe as na cionta seo ar na tosca go léir a bhaineann leis an gcás seo, aois an íobartaigh agus an fhianaise atá ar fáil. Cuimsíonn na pionóis reatha ar chionta gnéis in Éirinn an méid seo a leanas:
Caithfidh ciontóirí gnéis in Éirinn a rá le fostaitheoirí ionasacha
gur ciontaíodh as cionta den sórt sin iad. Leagtar amach níos mó eolais
faoin dualgas seo inár ndoiciméad faoi Imréiteach
Garda d’Fhostaithe.
Is féidir coir an éignithe a chúiseamh faoi Acht um an Dlí Coiriúil (Éigniú) 1981 nó an Acht um an Dlí Coiriúil (Éigniú) (Leasú) 1990. Cinneoidh imthosca an cháis, aois an íobartaigh agus an fhianaise cén reachtaíocht a bheidh i bhfeidhm.
Is é an t-uasphionós in Éirinn ar chion éignithe ná príosúnacht saoil. Tá cionta gaolmhara faoin dlí maidir le hiarracht ar éigniú, agus ar leithligh maidir le cabhrú agus neartú le héigniú. (Is é sin, cabhrú le duine eile éigniú a dhéanamh).
Leagann Alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Éigniú) (Leasú) 1990 amach an dlí in Éirinn ar ionsaí gnéis. Is é atá in ionsaí gnéis ná ionsaí mígheanasach ar dhuine fireann nó ar dhuine baineann. Is í an uas-phianbhreith ná 10 mbliana de phríosúnacht nó 14 bliana má tá an t-íobartach faoi 17 mbliana d’aois.
Is é atá sa tromionsaí gnéis ná ionsaí gnéis a a bhfuil foréigean tromchúiseach nó bagairt foréigin thromchúisigh ag baint leis. I gcomhar le cionta foréigin, is í príosunacht saoil an uas-phianbhreith as tromionsaí gnéis.
I 2006 d’fhoilsigh an Roinn Sláinte Athbhreithniú Náisiúnta ar Sheirbhísí Cóireála Ionsaithe Gnéis (pdf). Sainaithníonn an tuairisc roinnt limistéar tábhachtach de sheirbhísí cóireála ionsaithe gnéis atá le forbairt. Oibreoidh an FSS i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais lena chintiú go gcuirfear na moltaí sa tuairisc i bhfeidhm.
Níl aon sainchion ann sa dlí ar mhí-úsáid ghnéis leanaí. Is féidir duine a chúiseamh le héigniú, ionsaí gnéis, tromionsaí gnéis nó le ceann de na sainchionta a bhaineann le leanaí. D’athraigh an dlí sa limistéar seo go suntasach i 2006 – tá tuilleadh eolais leagtha amach thíos.
Ní úsáidtear an téarma foréigean reachtúil sa reachtaíocht ach is é sin an téarma atá in úsáid go coitianta ar theagmháil gnéis mhídhleathach le duine faoi 17 mbliana d’aois. Go dtí Meitheamh 2006, cúisíodh as an gcion seo faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Leasú) 1935. I gcás CC v Éire, an tAturnae Ginearálta agus Stiúrthóir Ionchúisimh Poiblí, chinn an Chúirt Uachtarach go raibh Alt 1 Acht um an Dlí Coiriúil (Leasú) 1935 neamhreachtúil. Léigh níos mó faoi cad a tharlaíonn nuair a fhaightear go bhfuil dlí neamhbhunreachtúil anseo. Féach ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás CC v. Éire anseo.
Is í éifeacht chinneadh na Cúirte Uachtaraí nach bhfuil Alt 1 d’Acht 1935 ina chuid den Acht níos mó. Ní dhéarnadh athrú ar bith ar an chuid eile den Acht. Ritheadh Acht nua, Acht um Dhlí Coiriúil (Cionta Gnéis) 2006 (pdf) le dul in áit na bhforálacha neamh-bhunreachtúla in Acht 1935. Chomh maith leis sin d’aisghair sé agus chuaigh sé in aonad Alt 2 d’Acht 1935. Tá bun-Acht 1935 leasaithe a lán uaireanta anois.
De réir an Achta um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéis) 2006, is cion coiriúil é a bheith páirteach i nó iarracht a dhéanamh a bheith páirteach i ngníomh gnéis le leanbh faoi 15 bliana d’aois. Is é seo an chiall atá leis an bhfocal 'truailliú'. Is í an uas-phianbhreith as an gcion seo ná príosúnacht saoil.
Chun críocha an dlí cuimsíonn gníomh gnéasach comhriachtain agus bugaireacht idir dhaoine nach bhfuil pósta lena chéile agus aon ghníomh gnéasach a d’fhéadfadh a bheith ina thromionsaí gnéis.
Forálann Acht 2006 gur féidir leis an gcúisí argóint a dhéanamh gur chreid siad go macánta go raibh an leanbh 15 bliana d’aois nó níos mó. Ansin caithfidh an chúirt a mheas an raibh an tuiscint sin réasúnta nó nach raibh. Ní cosaint é a thaispeáint gur fhorthoiligh an leanbh don ghníomh gnéis.
De réir Alt 3 den Acht um Dhlí Coiriúil (Cionta Gnéis) 2006 (pdf) is cion coiriúil é a bheith páirteach nó iarracht a dhéanamh a bheith páirteach le gníomh gnéis le leanbh faoi 17 mbliana d’aois. Is é an uas-phianbhreith ná cúig bliana, deich mbliana más duine in údarás an cúisí. Ciallaíonn duine in údarás:
Tá an uas-phianbhreith níos mó don dara cion nó do chion eile ina
dhiaidh sin.
Is féidir leis an gcúisí argóint a dhéanamh gur chreid siad go macánta go
raibh an leanbh 17 mbliana d’aois nó níos mó. Ansin caithfidh an chúirt a
mheas an raibh an tuiscint sin réasúnta nó nach raibh. Ní cosaint é a
thaispeáint gur fhorthoiligh an leanbh don ghníomh gnéis.
Tá toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí de dhíth le hon chúiseamh a dhéanamh ar leanbh faoi 17 mbliana d’aois as an gcion seo. Níl duine a chiontaítear sa chion seo agus nach bhfuil níos mó ná dhá bhliain níos sine ná an t-íobartach faoi réir ag riachtanas Acht na gCiontóirí Gnéis 2001. Ciallaíonn sé seo nach gcuirfear a n-ainm ar Chlár na gCiontóirí Gnéis.
Ní féidir cáilín faoi 17 mbliana d’aois a bhfuil comhriochtain déanta
aici a chiontú i gcion ar an bhforas sin amháin.
Forálann an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 le haghaidh cion nua ar cur i mbaol meargánta leanaí é. Tháinig sé seo i bhfeidhm ar 1 Lúnasa 2006.
Is féidir an cion seo a bheith déanta ag duine a bhfuil údarás nó smacht aige ar leanbh nó ag mí-úsáideoir agus a chuireann leanbh i gcóntúirt go hintinneach agus go meargánta trí:
Ní féidir le duine ar bith ach an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an cion seo a chúiseamh. Is é an pionós ná fíneáil (gan uasteorainn) agus/nó uasmhéid de 10 mbliana príosúnachta.
Tagraíonn an téarma ciorrú coil do chaidreamh collaí idir neasghaolta. Cuimsíonn neasghaolta leanbh, siblín nó tuismitheoir. Is cion coiriúil é seo agus cúisítear faoin Acht um Phionós ar Chiorrú Coil 1908 é, mar a leasaíodh ag an Acht um an Dlí Coiriúil (Imeachtaí Ciorruithe Coil) 1995.
Níl aon teorainneacha aoise ann. Ní féidir cailín faoi 17 mbliana d’aois a chúiseamh as ciorrú coil, áfach. Is í an uas-phianbhreith ná príosúnacht saoil do dhaoine fireanna agus seacht mbliana do dhaoine baineanna.
Tá sainfhorálacha in Éirinn le haghaidh cionta gnéis a bhaineann le daoine a bhfuil míchumais orthu. Is féidir duine atá páirteach i ngníomhaíocht ghnéis neamhdhleathach le duine a bhfuil míchumas air a chúiseamh faoi aon cheann de na forálacha a bhfuil cur síos orthu thuas. Tá na sainfhorálacha do dhaoine a bhfuil míchumais orthu le fáil i Alt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéis) 1993.
Forálann sé seo le haghaidh na gcionta seo a leanas:
Is é atá i gceist le lagintinneach de réir an dlí ná duine atá ag fulaingt le mí-ord den intinn, bíodh sin trí mhíchumas meabhrach nó tinneas meabhrach, atá de nádúr nó de chéim nach mbeadh ar a chumas do dhuine dá dheasca saol neamhspleách a bheith acu nó iad féin a chosaint ar throm-dhúshaothrú.
Déileálann An tAcht um Gháinneáil Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998 le roinnt cionta a bhaineann le leanaí faoi aois 17, lena n-áirítear:
Tá tuilleadh faisnéise faoi chinsireacht ar scannáin, chló, thaifid físeán agus DVD agus bearta chun daoine soghonta a chosaint in Éirinn ar fáil anseo.
Is cion in Éirinn do chiontóir gnéis iarratas a dhéanamh ar obair nó sheirbhís a dhéanamh (lena n-áirítear obair nó seirbhís Stáit) a mbeidh rochtain neamh-mhaoirsithe aige/aici ar, nó teagmháil aige/aici le, leanaí nó daoine lagintinneacha mar chuid de gan a rá leis an bhfostaitheoir nó leis an gconraitheoir gur ciontóir gnéis é/í. Cuimsíonn obair nó seirbhís Stáit obair déanta ag státseirbhísigh, Gardaí, na Fórsaí Cosanta, údarás áitiúil agus foireann FSS.
Tá grinnfhiosrú teoranta Garda ann d’iarratasóirí ar fhostaíocht.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.