Coireanna a aicmiú i gcúiseanna coiriúla

Eolas

De réir dlí na hÉireann, is í coir ná gníomhaíocht inphionóis. Déantar imscrúdú ar chion coiriúil agus déantar é a ionchúiseamh bunaithe ar an gcineál coire atá i gceist. Chun na críche seo, féadtar cionta coiriúla a aicmiú mar seo a leanas:

  • Cionta Achomair
  • Cionta Indíotáilte
  • Mionchionta
  • Tromchionta
  • Cionta Inghabhála

Cionta Achomair agus Indíotáilte

Úsáidtear dhá mhodh chun cionta coiriúla a thriail in Éirinn:

Léiríonn teideal na gcionta – cionta achomair agus indíotáilte – an tslí ina ndéantar na cionta seo a thriail nó a phlé sna cúirteanna. Caithfear cion achomair a phlé os comhair breithimh gan coiste dháréag a bheith i láthair - an Chúirt Dúiche - ach caithfear cion indíotáilte a thriail os comhair breithimh agus coiste dháréag.

Féachtar ar chionta faoin dlí coiteann mar chionta indíotáilte, toisc nár leagadh amach difríochtaí idir cionta indíotáilte agus cionta neamhindíotáilte faoin dlí coiteann. Leagtar amach na difríochtaí seo áfach sna reachtanna nó sna dlíthe coiriúla a chur an Oireachtas i bhfeidhm. Soláthraíonn na hathruithe seo faisnéis ar na modhanna difriúla a n-úsáidtear sna cúirteanna chun déileáil le coireanna difriúla.

Nuair a dhéantar cion a phlé sa Chúirt Dúiche, níl cead ag an mbreitheamh pianbhreith ró-fhada a chur ar dhuine de bharr ciona amháin. De réir an Achta um Cheartas Coiriúil 1984 (Alt 11) níl cead ag an gCúirt Dúiche téarma príosúnachta de níos mó ná dhá bhliain a thabhairt do dhuine i leith ciona amháin nó níos mó ná cion amháin. Ar an gcuma chéanna, níl cead ag Cúirt Dúiche téarma príosúnachta de níos mó ná bliain amháin a thabhairt do dhuine i leith ciona amháin.

Is iad seo a leanas roinnt chionta achomair:

  • Cion Oird Phoiblí – Ag lorg déirce ar bhealach is cúis le himeagla nó le bagairt. Pionós de rang E fíneáil atá ciontach nó téarma príosúnachta de mí amháin, nó an dá rud.
  • Cion Oird Phoiblí – Iompar a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha, iompar aibheiseach nó maslaitheach in áit phoiblí. Tá cead ag an mbreitheamh pionós de rang D fíneáil a thabhairt amach don té atá ciontach, nó téarma príosúnachta de thrí mhí, nó an dá rud.

An ndéantar cionta indíotáilte a thriail i gcúirteanna náisiúnta?

Is iad cionta indíotáilte ná cionta a fhéadfar nó a gcaithfear a thriail ar díotáil os comhair breithimh agus coiste dháréag – sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomhchúirt Choiriúil. Ní dhéantar gach cion indíotáilte a thriail os comhair coiste dháréag áfach. Féadtar cionta indíotáilte a chur i roinnt chatagóirí difriúla.

A) Caithfear na cionta seo a leanas a thriail ar díotáil i gcónaí

Caithfear roinnt chionta a thriail os comhair breithimh agus coiste dháréag. Luaitear na cionta seo san Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 agus san Acht um Dhlí Choiriúil (Éigniú) (Leasú) 1990, mar shampla:

  • Cionta faoin Acht Um Thréas 1939
  • Dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg chun dúnmharú a dhéanamh
  • Píoráideacht
  • Éigniú
  • Tromionsaí gnéasach

I dteannta leis na cionta thuasluaite, ní fhéadtar roinnt chionta a thriail sa Chúirt Dúiche (achoimre a chur de láimh). Caithfear déileáil leis na cionta seo ar díotáil, mar shampla:

B) Cionta gur féidir iad a thriail go hachomair nó ar díotáil, ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ón mbreitheamh nó ón duine cúisithe

Forálann Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil 1951, arna leasú ag an Acht um Cheartas Coiriúil 1997 (Forálacha Speisialta), gur féidir déileáil leis na cionta a luaitear sa Chéad Sceideal den Acht 1951, sa Chúirt Dúiche nuair a chomhlíontar an trí choinníoll a leanas:

  1. Bíonn an Chúirt den bharúil gur mionchion atá i gceist toisc na fíorais soiléire nó líomhanta atá ar fáil agus go bhféadfaí in ann an duine a thriail go hachomair (i gCúirt Dúiche)
  2. Níl an duine cúisithe i gcoinne trialach sa Chúirt Dúiche, nuair a thugtar faisnéis dó/di faoina c(h)earta i leith trialach os comhair breitheamh agus coiste dháréag
  3. Tugann Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) cead do na cúirteanna an duine cúisithe a thriail go hachomair i leith ciona dá leithéid

Déanann an breitheamh imscrúdú ar threoracha an DPP agus cuireann sé/sí ceist ar an Garda ionchúisimh achoimre a thabhairt ar fhíorais an cháis. Ansin, caithfear cinneadh a dhéanamh an cás a thriail roimh an Chúirt Dúiche nó é a chur ar aghaidh go cúirt níos airde (ar díotáil). Má dhéantar an cás a thriail sa Chúirt Dúiche, is féidir leis an duine cúisithe roghnú a dhéanamh idir an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda. De ghnáth, is í an Chúirt Dúiche a roghnaíonn an duine cúisithe chun a c(h)ás a thriail, toisc go mbíonn pionós níos lú i gceist sa Chúirt Dúiche, i gcomparáid leis an gCúirt Chuarda.

Is iad seo a leanas roinnt de na cionta a luaitear sa Chéad Sceideal:

C) Cionta gur féidir iad a thriail go hachomair nó ar díotáil, bunaithe ar rogha an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, agus i gcomhaontú le breitheamh na Cúirte Dúiche

Tá an nós imeachta céanna i gceist anseo, a shainmhínítear i (B) thuas, ach amháin nach mbíonn cead ag an duine cúisithe roghnú a dhéanamh idir an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda chun a c(h)ás a thriail. Cruthaítear na cionta sa chatagóir seo de bhua reachta agus leagtar amach sa reacht nó san acht áirithe na pionóis dhifriúla a bhaineann le ciontú ar achomair nó ar díotáil.

Mar chuid den phróiseas seo, eisíonn an DPP treoracha chun an cion a thriail sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda. Nuair a thugann an DPP treoir achomair (Cúirt Dúiche), déanann breitheamh na Cúirte Dúiche imscrúdú ar na bhfíorais ón Garda ionchúisimh chun cinneadh a dhéanamh an cás a thriail ina c(h)úirt féin nó i gcúirt eile. Má cheapann an breitheamh gur tromchion atá i gceist, ní ghlacann sé/sí le dlínse (ní ghlacann sé/sí leis an gcás) agus chuirtear é ar aghaidh chuig an Chúirt Chuarda chun é a thriail ar díotáil.

Mionchionta agus neamhmhionchionta

De réir Airteagail 38.2 de Bhunreacht na hÉireann féadtar mionchionta a thriail i gcúirteanna le dlínse achomair – an Chúirt Dúiche. Ní thugtar cur síos ar mhionchion i mBunreacht na hÉireann, ach déantar é sin san acht iomchuí don chuid is mó. Tá an idirdhealú bunúsach céanna idir na coincheapa bunreachtúla, “mionchionta” agus “neamhmhionchionta”, agus idir na coincheapa reachtúla “cionta achomair” agus “cionta indíotáilte”.

Leagadh amach sa Chúirt Uachtarach áfach cad é mionchion. Is é Melling v Ó Mathghamhna [1962] IR 1 an cás is tábhachtaí maidir leis an saincheist seo. Úsáideann an Chúirt Uachtarach na tástálacha seo a leanas chun scrúdú a dhéanamh ar na critéirí nó rialacha chun a fháil amach an é mionchion atá i gceist:

  • Déine nó tromchúis an phionóis
  • Ciontacht mhorálta an duine cúisithe
  • An dlí i 1937, nuair a glacadh leis an mBunreacht, agus
  • Tuairimí an phobail

Cinnte, is í an tástáil is tábhachtaí ná tromchúis nó déine na breithe.

Is féidir linn a rá go bhfuil mionchion i gceist nuair a bhíonn ar dhuine níos lú ná 6 mhí a chaitheamh sa phríosún (Conroy v an tArd-Aighne [1965] IR 411), agus is neamhmhionchion é nuair a fhaigheann an duine cúisithe 2 bhliain nó níos mó sa phríosún (Mallon v an tAire Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta [1996] 1 IR 517). Is léir áfach, go gceapann na cúirteanna gur mionchion atá i gceist nuair a fhaigheann an duine cúisithe pianbhreith phríosúnachta de 12 mí nó íos lú. Mar thoradh ar seo, is neamhmhionchion é nuair a bhíonn ar dhuine cúisithe níos mó ná 12 mí a chaitheamh i bpríosún.

Tromchionta agus neamhthromchionta

Leagadh amach difríochtaí nua idir tromchionta agus neamhthromchionta san Acht um Bhannaí 1997. Tugann an Acht cead do na cúirteanna bannaí a dhiúltú i gcás tromchiona nó nuair a thaispeántar go bhfuil seans mór ann go mbeidh an duine cúisithe freagrach as tromchionta eile, má ligfear amach ar bhannaí iad. De réir an Achta um Bhannaí 1997, bíonn tromchion i gceist nuair a bhíonn ar an duine cúisithe 5 bliana nó níos mó a chaitheamh sa phríosún.

Cionta inghabhála agus neamhinghabhála

Cruthaíodh na téarmaí tromchionta agus neamhthromchionta san Acht um Bhannaí 1997, agus cuireadh deireadh le húsáid na téarmaí “feileonacht” agus “oilghníomh”, agus bunaíodh cionta inghabhála agus neamhinghabhála san Acht um Dhlí Choiriúil 1997. De réir an Achta, bíonn cion inghabhála i gceist nuair a bhíonn ar an duine cúisithe 5 bliana nó níos mó a chaitheamh sa phríosún. Tá an cion seo an-chosúil leis an tromchion thuasluaite.

Tá an difríocht seo an-tábhachtach do na Gardaí. Tugann Alt 4 den Acht um Dhlí Choiriúil 1997 cead do na Gardaí duine a ghabháil gan barántas nuair a bhíonn cúis réasúnach acu go bhfuil an duine seo ciontach as cion inghabhála.

Nuair a ghabháltar duine de bharr ciona inghabhála (gan barántas gabháil), féadtar iad a ghabháil agus a choimeád i stáisiún na nGardaí ar feadh 12 uaire nó níos lú, chun iad a cheistiú. Ina dhiaidh sin, caithfear iad a chúiseamh as cion nó a scaoileadh abhaile. Má theipeann ort ceisteanna na nGardaí a fhreagairt i gcásanna áirithe, is féidir leis na Gardaí tátail a bhaint as seo má dhéantar an dlí a chur orthu de bharr ciona inghabhála. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a fháil ar do cheart chun tosta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Iúil 2016