Anseo atá tú: Baile > Dlí > Coireacht agus a Cosc > Rabhadh do Sheanóirí

Print Page Send to a Friend

Rabhadh do Sheanóirí

Réamhrá

Cuireann an Scéim Rabhaidh do Sheanóirí tacaíocht deontais ar fáil chun trealamh a sholáthar le cur ar chumas daoine scothaosta nach bhfuil dóthain maoine acu maireachtáil go slán ina gcuid tithe. Tháinig an scéim, atá á reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil, i gcomharba ar an Scéim Tacaíochta Pobail do Dhaoine Scothaosta i mBealtaine 2010. Cuirtear an cúnamh deontais ar fáil trí ghrúpaí pobail agus deonacha atá cláraithe leis an Roinn.

Rialacha

Cé atá incháilithe do chúnamh deontais?

Cuireann an scéim cúnamh ar fáil do dhaoine scothaosta. Chun a bheith incháilithe ní mór duit a bheith:

  • 65 bliain d'aois nó níos mó agus maoin nó acmhainn theoranta a bheith agat
  • Ag maireachtáil i d’aonar nó le duine eile a chomhlíonann na critéir cháilitheachta
  • Ag maireachtáil sa cheantar atá á chlúdach ag an ngrúpa pobail atá ag riaradh an chúnaimh deontais
  • Ábalta leas a bhaint as an trealamh a chuirtear ar fáil
  • Sásta fanacht i dteagmháil leis an ngrúpa pobail

Cén cineál trealaimh is féidir a chur ar fáil?

Cuirtear cúnamh deontais ar fáil i dtreo na gcostas a bhaineann le trealamh sábháilteachta agus slándála a cheannach agus a chur isteach. Tá deontais ar fáil dóibh seo a leanas:

  • Aláraim phearsanta atá faoi mhonatóireacht
  • Brathadóirí deataigh atá faoi mhonatóireacht
  • Brathadóirí aonocsaíd charbóin atá faoi mhonatóireacht
  • Soilse slándála seachtracha
  • Soilse éigeandála inmheánacha

Fanann an trealamh a chuirtear ar fáil faoin scéim faoi úinéireacht an ghrúpa pobail.

Conas a dhéantar iarratas ar dheontas?

Déanann an grúpa pobail cláraithe i do cheantar iarratas ar dheontas. Nuair a aithníonn grúpa pobail duine scothaosta ina gceantar óna dteastaíonn cabhair:

  • Déanann sé measúnú ar incháilitheacht an duine don scéim agus comhlánaíonn sé an fhoirm iarratais.
  • Aithníonn sé an trealamh a theastaíonn agus faigheann sé luachana ó sholáthróirí
  • Seolann sé an t iarratas le doiciméid thacaíochta chuig an Roinn.

Is féidir le grúpaí iarratas a dhéanamh ar dheontais ar feadh na bliana ar fad.

Cén sórt grúpaí atá in ann clárú don scéim?

Ní mór do ghrúpaí ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim clárú leis an Roinn ar dtús. Tá eagraíochtaí pobail, deonacha agus neamhbhrabúis i dteideal clárú. Ní mór dóibh struchtúr aitheanta a bheith acu agus a bheith ábalta a léiriú go bhfuil an cumas acu na deontais a bhainistiú. Ní mór dóibh cuntas teiste a bheith acu ag obair le daoine scothaosta sa phobal freisin. Ní bheidh grúpa ábalta clárú sa chás go bhfuil grúpa i mbun na scéime sa cheantar cheana féin.

Conas iarratas a dhéanamh

Má cheapann tú go bhféadfá a bheith i dteideal cúnamh deontais a fháil ba chóir duit dul i dteagmháil leis an ngrúpa atá cláraithe chun an scéim a fheidhmiú i do cheantar. Tá faisnéis maidir leis na grúpaí atá cláraithe (xls) ar fáil ón Roinn. Ní ghlacann an Roinn le hiarratais ó dhaoine aonair chun cúnamh deontais a fháil.

Ba chóir do ghrúpaí ar mian leo clárú don scéim dul i dteagmháil leis an Aonad SAS sa Roinn nó an fhoirm iarratais ar chlárúchán (pdf) a íoslódáil.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an scéim ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Téigh i dteagmháil leis an Aonad SAS sa Roinn ag an seoladh thíos nó trí ríomhphost ag seniorsalert@environ.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Sráid Taoiling
Tobar an Choire
Sligeach
Éire

Teil:(071) 918 6700
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.