Anseo atá tú: Baile > Dlí > Coireacht agus a Cosc > Scéim Thacaíochta Pobail do Dhaoine níos Sine

Print Page Send to a Friend

Scéim Thacaíochta Pobail do Dhaoine níos Sine

Eolas

Reachtáileann an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an Scéim Thacaíochta Pobail do Dhaoine Níos Sine a chuireann maoiniú ar fáil do thionscadail chun sábháilteacht agus tacaíocht sóisialta daoine níos sine agus leochaileacha a fheabhsú.

Déantar sainmhíniú ar leochaileacht i dtéarmaí seanaoise, míchumais, aonarachta (sóisialta nó eile) agus daoine a d'fhulaing ó choir.

Tá an scéim dúnta d'iarratasóirí nua an 21 Bealtaine 2010 agus tá scéim nua ina n-ionad – Foláireamh na Seanóirí.

Rialacha

D'fhéadfadh eagras deonach, nó eagras pobail ar bith atá ag obair le nó ag tabhairt tacaíochta do dhaoine leochaileacha atá ag dul in aois, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Scéim. Ba cheart d'eagrais atá ag feidhmiú sa cheantar céanna dúbailt a sheachaint agus iad ag déanamh iarratais.

Má dhéanann níos mó ná eagras amháin ón cheantar céanna iarratas oibriú leis an spriocghrúpa céanna rachaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i dteagmháil leis na heagrais ar leith féachaint an féidir dúbailt a sheachaint agus acmhainní an dá eagrais a chur le chéile.

Faoin Scéim is féidir tacaíocht airgid a chur ar fáil i gcomhair:

  • Miontrealamh slándála fisiciúil ar nós doirse agus fuinneoga láidre, glais fuinneoige, slabhraí agus glais sábhála dorais agus soilse slándála
  • Costas uair amháin chun córas aláraim faoi mhonatóireacht shóisialta a shuiteáil
  • Aláraim dheataigh
  • Soilsiú slándála
  • soilsiú éigeandála ar an taobh istigh

D'fhéadfaí maoiniú a chur ar fáil faoin Scéim le haghaidh:

  • Miontrealamh slandála fisiciúil ar nós doirse agus fuinneoga a láidriú, glais fhuinneoga, slabhraí agus glais doirse agus soilse sábháilteachta agus
  • Costas aon uair ar chóras aláraim a dhéantar monatóireacht air go sóisialta a chur isteach.

Ní chlúdaíonn an Scéim na táillí bliantúla ná na táillí cothabhála a bhaineann leis na córais seo. Chomh maith leis sin, ní chlúdaíonn an Scéim costas gnáth aláraim stocaireachta.

I gcás aláraim shóisialta, molann an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta suiteáil aonad friththintrí san fheiste aláraim agus go bhfaightear tréimhse mhaith bharánta le trealamh nua.

Má bhristear aláraim fairthe sóisialta a bhí curtha isteach faoin scéim seo roimh ré, cuirfear méid teoranta cistiuithe ar fáil le haghaidh costais athsholáthair. Déanfar gach cás a mheas ar a thuillteanais féin.

Scéim Phíolótach um Aláram Deataigh

Ar an 4 Lúnasa 2006, fógraíodh scéim phíolótach chun aláraim dheataigh a shuiteáil i dteaghlaigh leochaileacha i 10 gcontae trasna na tíre. Faoin scéim, déanfaidh údaráis áitiúla (in éineacht leis an earnáil dheonach), cuairt ar dhaoine leochaileacha ina dtithe féin agus déanfaidh siad scrúduithe a aithneoidh na tithe atá gan aláraim dheataigh.

Socróidh an t-údarás áitiúil (nó cumann deonach ar a shon), soláthar agus cur isteach na t-aláram. Dhá aláram an teaghlach a bhronnfar. Meastar go soláthrófar aláraim ar suas le 2,500 teaghlach faoin scéim.

Cuirfear an scéim i bhfeidhm i gCeatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath (Dún Laoghaire Rath Dúin), Laois, Uíbh Fhailí, Port Láirge, Cill Mhantáin, sa Ghaillimh agus sa Chabháin. Críochnóidh an scéim phíolótach ag deireadh Deireadh Fómhair 2006. Ina dhiaidh sin, déanfar athbhreithniú chun éifeacht na scéime a mheas.

Cé a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as an Scéim?

Is í aidhm na scéime cúnamh a thabhairt do dhaoine níos sine (sé sin daoine 65 bliain d'aois agus os a chionn) atá:

  • Ina gcónaí leo féin nó
  • Ina gcónaí i dteaghlach aosta nó i dteaghlach nach bhfuil ann ach seandaoine agus daoine eile atá leochaileach
  • Nach bhfuil in ann an trealamh atá i gceist a chur isteach ná a cheannach iad féin.

Tugann an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta tús áite do na haostaigh is leochailí agus iad ag dáileadh an airgid atá ar fáil.

Ní foláir na deontais a chaitheamh agus cuntas a thabhairt orthu taobh istigh de sé mhí ón dáta a fuair an t-eagras an deontas. Ba cheart an trealamh nó an córas aláraim a bheith ag feidhmiú faoin dáta sin ar a dhéanaí.

Iarrtar ar eagrais liosta de na daoine a bhaineann tairbhe as an deontas a chur isteach chomh maith leis na gnáthchuntais a theastaíonn i dtaobh deontas. Ba cheart difríocht ar bith idir an liosta seo agus an liosta a chuir na heagrais isteach lena n-iarratais a mhíniú.

Imréiteach Cánach

Ní foláir d'eagrais a n-uimhreacha cánach a thabhairt, chomh maith le hainm na hoifige cánach a bhaineann leo agus ní mór dóibh a dhearbhú go bhfuil a ngnothaí cánach in eagar.

Ní ghlacfar le hiarratais ó eagrais nach luann a n-uimhreacha cánach. Ní foláir teastas imréitigh reatha a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh deontais os cionn 6,350 euro.

Ní theastaíonn teastas imréitigh ó eagrais atá aitheanta ag na Coimisinéirí Ioncaim mar eagrais Charthanachta. Mar sin, má tá uimhir CHY ag eagras, ní foláir í a luaigh ar an iarratas.

Cuntais i dtaobh deontas ceadaithe

Teastaíonn mionchuntais ar chaitheachas na ndeontas uilig a cheadaíonn an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus ba cheart iad a chur isteach chuig an Oifig Réigiúnda chomh luath agus is féidir tar éis an deontais a chaitheamh.

Go ginearálta, teastaíonn na nithe seo a leanas maidir le cuntais:

  • Cuntas ioncaim agus caiteachais a léiríonn go soiléir go bhfuarthas an deontas
  • Cóipeanna de na sonraisc indibhidiúla a rinneadh amach do gach tairbhí ar leith (agus an t-ainm agus an seoladh san áireamh, mar aon le sonraí faoin bpíosa trealaimh a suiteáladh). Ba cheart síniú go bhfuarthas é, ón tairbhí, a bheith ar gach sonrasc, mar aon le briseadh síos soiléir ar an íocaíocht, agus go dtaispeánfaí Uimhir CBL an tsoláthróra.
  • Ráiteas sínithe ag Cathaoirleach agus Cisteoir an eagrais a dhearbhaíonn go n-úsáideadh an deontas le haghaidh an ghnó a bhí luaite san iarratas. Ní mór an ráiteas a bheith sínithe ag iniúchóirí an eagrais i gcás deontas os cionn 15,000 euro. Ba cheart dóibh a rá go bhfuil leabhair agus cuntais an eagrais scrúdaithe acu agus gur féidir leo a dhearbhú gur caitheadh an t-airgead de réir mar a ceadaíodh an deontas.
  • Má fhaigheann eagras os cionn 30,000 euro in aghaidh na bliana ní foláir cuntais iniúchta go hiomlán a chur ar fáil, ar bhonn na bliana féilire i dtaobh deontas faighte faoin scéim.

Ní ghlacfar le hiarratais ó eagrais nach bhfuil cuntais atá ag seasamh amach i dtaobh deontas eile curtha isteach acu.

Rataí

Seo iad na rátaí a bhí i bhfeidhm i gcomhair deontas na bliana 2005.

Uasdeontais do ghrúpaí

30,000 euro an t-uasdeontas do aon eagraíocht nó grúpa

Uasdeontais do dhaoine aonair

300 euro i gcomhair aláraim faoi mhonatóireacht shóisialta

200 euro i gcomhair trealamh slándála fisiciúil

200 euro i gcomhair soilsiú slándála

50 euro i gcomhair aláraim dheataigh

150 euro i gcomhair soilsiú éigeandála ar an taobh istigh

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart d'eagrais deonacha iarratas a dhéanamh trí fhoirm Tacaíocht an Phobail do Shean Daoine - Mionsonraí faoin Scéim agus Foirmeacha Iarratais a líonadh. Tá sí ar fáil ón ó Rannán na Serbhísí Deonacha agus Pobail, Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

Má tá tú féin nó seanduine a bhfuil aithne agat air/uirthi ag iarraidh eolais a fháil faoin scéim seo téigh i dteagmháil leis na hionadaithe áitiúla ó eagras ar bith atá páirteach sa scéim. Tá roinnt acu ann, mar shampla, Muintir na Tíre, Pobal ar Aire, Community Alert nó grúpa ar bith eile atá páirteach sa scéim ina gceantracha áitiúla.

Má shocraíonn tú iarratas a chur isteach ar dheontas faoin scéim ba cheart duit na rudaí seo a leanas a thabairt faoi deara agus tú ag líonadh an fhoirm:

  • Ba cheart duit na ceisteanna uilig atá ar an bhfoirm a fhreagairt; muna mbaineann ceist leis an ábhar, ba cheart duit an freagra "N/A" (ní bhaineann seo linn) a chur isteach
  • Ní foláir duit sonraí a thabhairt maidir le stádas deonach d'eagrais chomh maith le stádas cánach, staid airgeadais agus costas iomlán an togra
  • Taispeántar go soiléir líon na n-oibrithe saorálacha i d’eagraíocht, agus líon na n-oibrithe ar tuarastal, mar aon le líon na n-indibhidí a bhainfidh tairbhe as d’iarratas
  • Má tá fianaise scríofa ag teastáil maidir le gné ar bith den togra, ba cheart é a chur leis an bhfoirm iarratais, mar shampla cuntais bhliantúla, bunreacht agus araile.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta

Community and Voluntary Supports Division
Sráid Taoiling
Baile Tobair an Choire
Sligeach
Éire

Teil:(071) 918 6700
Láithreán Gréasáin: http://www.pobail.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Rabhadh do Sheanóirí
    Cuireann an Scéim Rabhaidh do Sheanóirí tacaíocht ar fáil do dhaoine scothaosta chun cur ar a gcumas maireachtáil go slán ina gcuid tithe.
  • Tithe do Dhaoine Aosta
    Cur síos atá anseo ar na scéimeanna speisialta deontais tithe agus deontais feabhsúcháin tí do dhaoine aosta agus do dhaoine le míchumais.
  • Budget 2010
    Budget 2010 was announced on 9 December 2009. Summary of the main changes.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.