Má bhíonn tú ar d'fhaichill ar na rudaí seo a leanas ba cheart go mbeadh sé ina chúnamh duit sásamh a bhaint as do thréimhse in Éirinn agus teacht slán ó choireanna.
Bíodh mála láimhe nó ar do ghualainn gur féidir leat greim daingean a choinneáil air.
Coinnigh súil ghéar ar do mhála i sráideanna le go leor daoine, i siopaí, i mbialanna, i gcaifí agus i dtithe tábhairne.
Nuair atá tú ag tabhairt cuairte ar lár na cathrach, páirceáil do charr i gceann de na láithreacha páirceála faoi mhaoirseacht agus coinnigh an ticéad páirceála in éineacht leat i gcónaí.
Cuir glas maith ar do charr i gcónaí nuair atá tú dhá fhágáil gan tionlacan, fiú ar feadh tréimhsí gairide.
Nuair a thagann tú chuig d'áit lóistín cuir ceist ar an bhfáilteoir an bhfuil áit slán leis an gcarr a pháirceáil.
Má tá airgead tirim agus rudaí luachmhara agat déan cinnte go bhfuil siad coinnithe slán ar do phearsa, mar shampla mála airgid i bhfo-éadaí.
Má tá beirt nó grúpa ag taisteal le chéile ba cheart bhur gcuid airgid a roinnt eadraibh.
Coinnigh uimhreacha tagartha de na seiceanna taistealaithe in áit eile ó na seiceanna iad féin – beidh tú in ann aon seiceanna a ghoidtear a chur ar ceal go scioptha i gcás práinne.
Coinnigh fótachóipeanna de na cáipéisí taistil ar fad in áit eile ó na cáipéisí iad féin.
Ná fág bagáiste ariamh ná rudaí luachmhara le feiceáil taobh istigh de charr atá páirceáilte ná bagáiste ar raca ar dhíon an chairr.
Ná tabhair leat do phas ná suimeanna móra airgid thirim agus ná fág i do sheomra iad – bain úsáid as na háiseanna slándála atá ar fáil i d'áit lóistín.
Ná tabhair airgead do pháistí ná do dhaoine ag lorg déirce – níl ann ach go spreagann sé daoine airgead a lorg.
Ná cuir suas campaí in áiteanna oscailte, ar láthair nach bhfuil ceadaithe agus in áit phoiblí – coinnigh ag na láithreacha ceadaithe amháin.
Más cuairteoir thú go hÉirinn agus má imrítear coir ort cuirfidh na Gardaí aistritheoir ar fáil duit. Cuirfidh siad freisin thú ag caint leis an tseirbhís tacaíochta do chuairteoirí a n-imrítear coireanna orthu.
Is féidir le tacaíocht don chuairteoir i gcás coire:
1a Sráid na Canálach Móire Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 661 0562
Lóghlao:1890 365 700
Facs:+353 (0)1 661 0462
Láithreán Gréasáin: http://www.itas.ie
R-phost: info@itas.ie
Oifigeach Teagmhála na nÍobartach
Rannóg Caidreamh Pobail
Cearnóg Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6663802
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=1662
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.