Anseo atá tú: Baile > Dlí > Coireacht agus a Cosc > Pobal Ar Aire

Print Page Send to a Friend

Pobal Ar Aire

Eolas

Is clár é Pobal Ar Aire a dhéanann iarracht theacht roimh choir. Tá sé dírithe ar phobail áitiúla a spreagadh chun bheith ar an airdeall faoi ghníomhaíochtaí amhrasacha agus iad a thuairisciú chuig na Gardaí. Cuireann an clár páirtíocht ar bun idir na Gardaí agus an pobal, chun coireanna a sheachaint agus comharsanacht níos fearr a chruthú.

Tagann an spreagadh chun scéim Pobal Ar Aire a bhunú go minic ón bpobal féin, nó d'fhéadfadh an t-iarratas a theacht ó na Gardaí. Is iondúil go socróidh Ceannfort an cheantair áitiúil cruinniú le na daoine a bhfuil spéis acu insan cheist chun claonadh coireanna aitiúla agus fadhbanna coiriúla ar leith sa cheantar a phlé, chomh maith le na bealaí inar féidir le daoine áitiúla cúnamh a thabhairt do na Gardaí.

Cé nach leigheas iomlán ar choir í an scéim Pobal Ar Aire, d'fhéadfadh sí a bheith éifeachtach mar chosc ar choireanna ar leith, go háirithe ar bhuirgléireacht. Is féidir léi chomh maith an t-imní agus an fhaitíos roimh choir atá ag go leor daoine a mhaolú. Is minic nach mbíonn údar leis an bhfaitíos seo ach tá sé sothuigthe.

Rialacha

Ba chóir do gach grúpa Pobail Ar Aire a chúrsaí féin a chur ar bun agus a oifigigh féin a cheapadh nó a thoghadh. Ba chóir na céimeanna seo a leanas a leanúint agus scéim á leagadh amach:

  • Déantar suirbhé ar chuile theaghlach sa cheantar.
  • Má tá sé soiléir ón suirbhé go bhfuil a dhóthain tacaíochta ag an scéim, cuirfear na torthaí ar aghaidh go dtí Oifigeach na Roinne a dhéanfaidh an cinneadh scéim a chur ar bun sa cheantar áirithe sin go foirmeálta.
  • Roghnaítear agus ceaptar comhordnóirí do na sráideanna agus na ceantracha éagsúla ag cruinniú poiblí tar éis don scéim a bheith ceadaithe. Sé an príomh ról atá ag na comhordnóirí ná a bheith mar chéadphointe teagmhála do bhaill na scéime, eolas a ghlacadh agus a dháileadh, agus baill nua a earcú. Is féidir tús a chur le tograí eile trí na comhordnóirí, mar shampla chun comharthaí a chur ar mhaoine, nó nuachtlitir aitiúil a fhoilsiú. Beidh cruinnithe ag na comhordnóirí ó am go chéile chun gnéithe áirithe a phlé nuair a thagann siad chun solais.
  • Tugann na Gardaí eolas do chuile theaghlach a ghlacann páirt sa scéim.
  • Ceaptar Garda áitiúil ar leith mar theagmhálaí do chuile scéim.

Conas Iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil le do stáisiún Garda áitiúil chun fáil amach cé hé/hí do Oifigeach Roinne. Is féidir teacht ar uimhir theileafóin chuile stáisiún Garda sa tír ag tús gach eolaire teileafóin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An tÚdaras Éireannach um Shábhailteacht Bia
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar dhualgais agus cumhachtaí an Údaráis Éireannaigh um Shábháilteacht Bia, an comhlacht a chomhordnaíonn na heagrais sábháilteachta bia uilig.
  • An Scéim Caidrimh Baile- Scoile
    Tá cur síos anseo ar an scéim Caidrimh Baile- Scoile atá dírithe ar phaistí go bhfuil baol ann nach ndéanfaidís dul chun cinn de réir a gcumais i gcúrsaí oideachais.
  • Clár Athstiúrtha na nGardaí don Óige
    Tá sé mar aidhm ag Clár Athstiúrtha don Óige na nGardaí cosc a chur ar chiontóirí óga in Éirinn ag dul isteach sa chóras ceartais choiriúil iomlán. Déantar é seo trí sheans eile a thabhairt do na ciontóirí óga.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.