Anseo atá tú: Baile > Dlí > Coireacht agus a Cosc > Pobal-ar-Aire

Print Page Send to a Friend

Pobal-ar-Aire

Eolas

Is éard atá sa chlár Pobal-ar-Aire ná clár pobalbhunaithe chun coireanna a chosc, agus cúram agus sábháilteacht a chur chun cinn i measc na bpobal faoin tuath. Leagann sé béim faoi leith ar dhaoine aosta agus ar dhaoine leochaileacha i bpobail faoin tuath.

Bunaíodh an clár i 1984 agus is iad Muintir na Tíre agus an Garda Síochána a bhainistíonn é. Is iad an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Sláinte a thugann maoiniú don chlár.
Is é aidhm an chláir ná cáilíocht beatha na ndaoine sna pobail faoin tuath a fheabhsú tríothu seo a leanas:

  • Laghdú a dhéanamh ar dheiseanna chun coireanna a dhéanamh
  • Dea-chomharsanacht agus féintuilleamaí a spreagadh
  • Timpistí a chosc agus sábháilteacht phearsanta a chur chun cinn

Grúpaí Pobal-ar-Aire

Is trí líonra Grúpaí Pobal-ar-Aire a chuirtear an clár Pobal-ar-Aire i bhfeidhm agus bíonn gach grúpa freagrach as limistéar faoi leith. Féadfar grúpa a bhunú de bharr éilimh ón bpobal nó de bharr go raibh duine i dteagmháil le Garda. Tá thart ar 1250 grúpa den sórt sin ar fud na tíre.

Bíonn Coiste Pobal-ar-Aire ag gach grúpa a bhainistíonn an grúpa agus Comhordaitheoir Pobal-ar-Aire a bhíonn i dteagmháil le hOifigeach Idirchaidrimh de chuid an Gharda Síochána. Cuireann An Garda Síochána acmhainní ar fáil dóibh.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár Pobal-ar-Aire agus conas Grúpa Pobal-ar-Aire a bhunú ar láithreán gréasáin Mhuintir na Tíre agus sa lámhleabhar Pobal-ar-Aire (pdf).

Teagmháil a dhéanamh

Más rud é go bhfuil cónaí ort i limistéar Pobal-ar-Aire féadfaidh tú sonraí teagmhála do Ghrúpa Pobal-ar-Aire a fháil i Stáisiún na nGardaí do cheantair. Mura bhfuil cónaí ort ina leithéid de cheantar agus más spéis leat Grúpa a bhunú téigh i dteagmháil leis na Gardaí sa stáisiún cóngarach duit nó le Oifigeach Forbartha Pobal-ar-Aire Mhuintir na Tíre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Pobal Ar Aire
    Tugann an cháipéis seo cur síos ar Pobal Ar Aire, clár a dhéanann iarracht theacht roimh choir. Tá sí dírithe ar phobail áitiúla a spreagadh chun bheith ar an airdeall agus gníomhaíochtaí amhrasacha a thuairisciú chuig na Gardaí.
  • Mí-úsáid leanaí a thuairisciú ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile
    Anseo tugaimid sracléiriú ar fhreagrachtaí agus ar dhualgais bhainistíocht agus fhoireann na scoile in Éirinn maidir le mí-úsáid leanaí a thuairisciú, faisnéis maidir leis an gcosaint dlí atá ar fáil agus maidir le do chearta.
  • Cáilíocht uisce
    Déantar cur síos ar conas a dhéantar monatóireacht ar sholáthairtí uisce agus ar na gníomhaireachtaí atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht uisce.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.