Anseo atá tú: Baile > Dlí > Coireacht agus a Cosc > Tionscnamh in aghaidh mangaireacht drugaí

Print Page Send to a Friend

Tionscnamh in aghaidh mangaireacht drugaí

Réamhrá

Is fadhb thromchúiseach í mangaireacht drugaí a chuireann isteach ar go leor pobal. Ar cheann de na baic is mó maidir le déileáil go héifeachtúil le mangairí drugaí tá an t-imeaglú á dhéanann mangairí drugaí ar dhaoine chun cosc a chur orthu tuairisc a thabhairt faoi mhangaireacht drugaí.

Diailigh chun Mangaireacht Drugaí a Stopadh

Tá Diailigh chun Mangaireacht Drugaí a Stopadh tionscnamh é chun tabhairt faoi mhangaireacht drugaí i bpobail áitiúla ar fud na hÉireann. Cuireann sé bealach rúnda agus gan ainm ar fáil do dhaoine aonair chun faisnéis a thabhairt faoi mhangaireacht drugaí ina bpobal áitiúil. Nuair a thuairiscíonn daoine gníomhaíochtaí mangaireachta drugaí, ní iarrtar a gcuid ainmneacha ná a gcuid seoltaí orthu, ná aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh iad a aithint. Cuirtear an fhaisnéis a bhailítear ar aghaidh go díreach chuig an Garda Síochána.

Tá an tionscnamh seo á chur i bhfeidhm i dtrí chéim i roinnt ceantar ina bhfuil tascfhórsa áitiúil agus réigiúnach.

Conas tuairisc a thabhairt nuair atáthar amhrasach faoi mhangaireacht drugaí

Má tá faisnéis agat faoi ghníomhaíochtaí mangaireachta drugaí i do phobal is féidir leat glaoch ar uimhir saorghlao. Cuirfear ar aghaidh chuig oibrí oilte tú a gheobhaidh do chuid faisnéise uait, agus é sin amháin.

Tá na glaonna á láimhseáil ag foireann oibre atá oilte chun na híogaireachtaí a bhaineann leis an ábhar a láimhseáil. Ní iarrfar d’ainm ort agus ní dhéanfar d’uimhir a lorg. Ní bheidh a fhios ag aon duine go ndearna tú an glaoch.

Tar éis athbhreithniú ar an tionscnamh, le haghaidh 2012 agus ar aghaidh ba cheart aon duine ar mian chun pas a fháil ar fhaisnéis maidir le mangaireacht drugaí glaoch ar an uimhir Crimestoppers rúnda saorghlao 1800 25 00 25.

Cuirtear an fhaisnéis a bhailítear ar aghaidh díreach chuig Aonad Náisiúnta Drugaí an Gharda Síochána a dhéanann measúnú uirthi. Seolann Aonad Náisiúnta Drugaí an Gharda Síochána faisnéis ar aghaidh chuig na Gardaí sa cheantar sonrach i gcomhair imscrúdaithe. Is féidir leis na Gardaí an fhaisnéis a úsáid chun cás a chur le chéile i gcoinne mangaire drugaí aitheanta, chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí nua faoi mhangaireacht drugaí i bpobal nó chun duine a ghabháil.

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis faoi straitéis an Rialtais chun an fhadhb drugaí a láimhseáil (pdf) ar fáil anseo.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cionta drugaí in Éirinn
    In Éirinn is é an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1977, arna leasú le reachtaíocht eile, an phríomhreachtaíocht a bhaineann le cionta drugaí agus leis na pionóis faoi seach.
  • An Garda Síochána - fórsa póilíneachta náisiúnta
    Is é an Garda Síochána fórsa póilíneachta náisiúnta na hÉireann. Tá sé freagrach as dualgais uile na póilíneachta a fheidhmiú i Stát na hÉireann. Bunaíodh é i 1922.
  • Coir a thuairisciú
    Más íospairt coireachta tú ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí. Faigh amach conas coir a thuairisciú.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.