Anseo atá tú: Baile > Dlí > Córas na gCúirteanna > An Chúirt Choiriúil Speisialta

Print Page Send to a Friend

An Chúirt Choiriúil Speisialta

Eolas

Baineann Cúirteanna Coiriúil Speisialta le trialacha coiriúil amháin. Bunaítear iad áit nach bhfuil na gnáthchúirteanna oiriúnach chun riaradh éifeachtach dlí agus cirt agus cosaint síochána poiblí a chinntiú.

Is i 1972 a bunaíodh an Chúirt Choiriúil Speisialta atá ann faoi láthair agus tá sí déanta suas de trí bhreitheamh ó na gnáth chúirteanna - go hiondúil breitheamh ón Ard Chúirt, breitheamh ón gCúirt Chuarda agus breitheamh ón gCúirt Dúiche. Níl aon ghiúré sa gCúirt Choiriúil Speisialta.

Rialacha

Níl aon dhlínse sibhialta ag an gCúirt Choiriúil Speisialta. Aistrítear cásanna ó na gnáthchúirteanna coiriúil go dtí an Chúirt Choiriúil Speisialta:

  1. Nuair is "coir sceidealta " atá sa gcoir atá i gceist. I gcásanna ina bhfuil "coir sceidealta" is iondúil go mbíonn coir treascrach " i gceist agus téann siad seo i gcónaí chuig an gCúirt Choiriúil Speisialta.

Ar an liosta coireanna sceidealta tá:

  1. Nuair nach "coir sceidealta" atá sa choir atá i gceist ach go n-eisíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí teastas ag dearbhú, ina thuairim, nach bhfuil na gnáthchúirteanna feiliúnach chun riaradh dlí agus cirt agus cosaint síochána poiblí a chinntiú. Nuair a eisíotar teastas den chinéal, caithtear an cás a aistriú ón gnáthchúirt go dtí an Cúirt Choiriúil Speisialta.

Féadtar achomharc i gcoinne ciontaithe nó pianbhreithe gearrtha ag an gCúirt Choiriúil Speisialta a thabhairt chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cúirteanna
    Tá eolas anseo faoí na cúirteanna a bhíonn ag feidhmiú in Éirinn agus na hoifigí a thugann tacaíocht dóibh.
  • An Chúirt Chuarda
    Déantar cur síos anseo ar an gCúirt Chuarda.
  • Coireanna a aicmiú i gcúiseanna coiriúla
    Déantar imscrúdú ar chion coiriúil agus déantar é a ionchúiseamh bunaithe ar an gcineál coire atá i gceist. Chun na críche seo, féadtar cionta coiriúla a aicmiú i slite difriúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.