Is é an aidhm atá ag nós imeachta na nÉileamh Beag ná bealach saor, tapa agus éasca a sholáthar do dhuine chun éileamh a réiteach d’uireasa aturnae. Cuirtear seirbhís na nÉileamh Beag ar fáil i d’oifig Cúirte Dúiche áitiúil.
Is féidir úsáid a bhaint as an nós imeachta chun gearáin thomhaltóirí a réiteach. Tá cineálacha áirithe díospóidí eile incháilithe freisin. Ón 11 Eanáir 2010 ar aghaidh, is féidir le gnóthaí éileamh a dhéanamh i gcoinne gnóthaí eile.
Ní féidir leis an éileamh a bheith níos mó ná €2,000.
Is féidir na cineálacha éilimh seo a leanas a láimhseáil faoi nós imeachta na nÉileamh Beag:
Ní féidir éilimh a dhéanamh i gCúirt na nÉileamh Beag i gcomhair fiacha, díobhálacha pearsanta nó sárú comhaontuithe léasaithe nó fhruilcheannaigh. Tá an nós imeachta seo deartha chun éilimh thomhaltóirí suas le €2,000 a láimhseáil.
Is féidir achoimhre a dhéanamh ar an gcóras mar seo a leanas:
Tá cúpla rogha ag an bhfreagróir anois
Tá 15 lá tugtha don fhreagróir comhfhreagras a dhéanamh. Nuair a aontaíonn an freagróir leis an éileamh, líonann sé/sí isteach foirm Fógra Admhála ag glacadh Freagrachta agus cuireann é ar aghaidh chuig an gCláraitheoir.
Tá 3 rogha ag an bhfreagróir:
Tá 15 lá ag an bhfreagróir le scríobh ar ais chuig an gCláraitheoir leis an bhFógra Aighnis. Seolann an Cláraitheoir cóip den Fhógra Aighnis chuig an éilitheoir agus déanann sé/sí iarracht an t-aighneas a réiteach. Téann an cás ar aghaidh chuig éisteacht cúirte muna dtagann siad ar réiteach.
Déanann an freagróir cur síos ar an bhfrithéileamh, ar an bhFógra Aighnis agus seolann sé/sí ar aghaidh an táille chuí chuig an gCláraitheoir. Cuireann an Cláraitheoir cóip den Fhógra Aighnis agus an Frithéileamh ar aghaidh chuig an éilitheoir.
Tá 15 lá tugtha don fhreagróir le comhfhreagras a dhéanamh. Muna bhfuil freagra faighte ón bhfreagróir, tá sé glactha go bhfuil sé/sí ag admháil don éileamh. Tá sé mar a bheadh sé/sí ag glacadh le breith. Mionaíonn an t-éilitheoir Fiacha Mhionnscríbhinne agus déanann sé/sí iarratas ar Bhreith agus Forógra. Tabharfaidh an Cláraitheoir cúnamh don éilitheoir leis an gcóras seo. Tabharfaidh an cláraitheoir an t-eolas don bhfreagróir faoin Bhreith. Tá 28 lá tugtha don Fhreagróir géilleadh don bhreith.
Má tá do chás curtha ar aghaidh le haghaidh éisteacht cúirte, gheobhaidh tú litir ó Oifig na n-Éileamh Beag ag tabhairt sonraí duit faoin dáta, am éisteacht na cúirte agus seoladh na cúirte.
Má tá aon deacracht agat freastal a dhéanamh ar an gcúirt ar an dáta atá luaite, tabhair le fios d'Oifig na n-Éileamh Beag agus don fhreagróir chomh luath agus is féidir. Freisin, is féidir leat an dáta a chur siar go dtí dáta eile. Is é an breitheamh amháin gur féidir leis an t-ordú seo a dhéanamh agus caithfidh tú cúis mhaith a bheith agat gan a bheith in ann freastal a dhéanamh ar an dáta a bhí socraithe. Muna bhfuil tú in ann freastal a dhéanamh ar an éisteacht cúirte tú féin, is féidir leat ionadaí a chuir i d'áit le iarratas a dhéanamh ar do shon sa chúirt.
Nuair a fhaigheann na finnéithe uilig deis cainte san éisteacht cúirte, tabharfaidh an breitheamh a bhreith nó cinneadh ansin láithreach. Má tá an breitheamh ar do thaobh, déanfaidh sé ordú nó Forógra. Go hiondúil s'éard atá i gceist le seo ná go mbeidh ar an bhfreagróir méid airgid a íoc leat ach is féidir leis an mbreitheamh aon ordú a dhéanamh a fheiceann sé atá óiriúnach. Mar shampla, is féidir leis an mbreitheamh an t-ordú a thabhairt go mbeidh an obair críochnaithe nó na hearraí deisithe. Braitheann an t-ordú a thugann sé ar an gcás atá i gceist.
Má dhéanann an chúirt Forógra go gcaithfear suim airgid a íoc leat, tá 28 lá ag an bhfreagróir an t-airgead sin a íoc leat. Go hiondúil, má dhéantar aon chineál Forógra eile, beidh teorainn leis an méid ama a thabharfar leis an obair a chríochnú.
Muna sheasann an breitheamh leis an éileamh atá á dhéanamh agat, scaoilfear le do chás, ciallaíonn sé seo nach ndéanfar aon ordú nó Forógra i do fhabhar.
Féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos ar ullmhú le haghaidh chúirte agus ar an éisteacht chúirte.
Nuair atá breith tugtha agus forógra faighte agat, tá seans ann nach nglacfaidh an freagróir leis an ordú cúirte. Sa chás seo caithfidh tú an bhreith a bhrú. Is é an gnáth bhealach chuige sin ná an Foróga a thabhairt don Sirriam nó don Chláraitheoir Contae do fhorghníomhú.
Beidh ort iarratas a chur chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga ar an Foraithne a sheoladh chuig tú. Ní bheidh an Cláraitheoir sheoladh go huathoibríoch tú an Foraithne maidir fhorghníomhú ar an mbealach seo. Tar éis a thabhairt duit an Foraithne chuig an Sirriam nó Cláraitheoir Contae, téann sé/sí ar aghaidh chuig an bhfreagróir agus glacann sé/sí seilbh ar earraí nó airgead atá ar an luach céanna leis an méid atá luaite san fhorógra.
Beidh táille a bheith iníoctha leis an Sirriam nó Cláraitheoir Contae. Má éiríonn leis an Sirriam nó Cláraitheoir Contae an bhreith a chomhlíonadh, gheobhaidh tú an táille ar ais.
Tá faisnéis agus cúnamh maidir le nósanna imeachta forfheidhmiúcháin ar fáil ón gCláraitheoir um Éilimh Bheaga
Muna bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh i gCúirt na n-Éileamh Beag, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuardach. Ba cheart machnamh ceart a dhéanamh roimh an cinneadh seo a dhéanamh. Ba cheart duit breathnú siar ar do chás go bhfeicfidh tú cén fáth nár éirigh leis agus machnamh ar tuige a gceapann tú go n-éireoidh leis i gcúirt eile. Muna n-éiríonn leis an achomharc, tá seans ann go mbeidh tú freagrach as costais an fhreagróra. Freisin, má dhéanann tú an cinneadh achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuardach, b'fhéidir go mbeidh comhairle nó cúnamh uait ó aturnae de bharr gur cúirt níos airde agus níos foirmeálta atá i gceist. Caithfidh tú iarratas ar achomharc a dhéanamh lastigh de 14 lá ó éisteacht na cúirte.
Tá an ceart ag an bhfreagróir achomharc a chur chuig an gCúirt Chuardach. Caithfidh siadsan freisin é seo a dhéanamh lastigh de 14 lá ón éisteacht chúirte. Má tharlaíonn sé seo gheobhaidh tú fógra ó oifig na cúirte.
Tá táille €25 mar chostas ar éileamh a dhéanamh i gCúirt na
n-Éileamh Beag i láthair na huaire. Tá an táille seo iníoctha le seic nó
le hordú poist. Glacfaidh Cléireach na Cúirte Dúiche nó Cláraitheoir na
nÉileamh Beag leis an táille in airgead tirim má íocann tú é go
pearsanta.
Íoslódáil foirm iarratais i gcomhair Cúirt na nÉileamh Beag. (Is féidir leat an fhoirm seo a chomhlánú ar an scáileán agus í a phriontáil, nó í a phriontáil agus a chomhlánú de láimh). Tá an fhoirm iarratais seo ar fáil ó d’oifig Cúirte Dúiche áitiúil freisin. Is féidir leis an bhfoireann oibre i d’oifig Cúirte Dúiche cabhrú leat an fhoirm iarratais a chomhlánú.
Tá sé tábhachtach nuair a chomhlánaíonn tú an fhoirm iarratais an fhaisnéis riachtanach go léir a thabhairt. Cabhróidh sé seo le Cláraitheoir na nÉileamh Beag d’éileamh a phróiseáil agus iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach. Murar féidir a theacht ar réiteach, beidh sé níos furasta Foraithne (nó ordú cúirte) a fhorghníomhú má bhronntar ceann.
Is féidir leat a fháil faoi chomhlánú na foirme iarratais in ‘Tuilleadh eolais’ thíos.
Tá Treoir faoi phróiseas na nÉileamh Beag (pdf) foilsithe ag an tSeirbhís Chúirteanna
Is féidir leat iarratas ar nós imeachta na n-éileamh beag a lóisteáil sa Chúirt Dúiche ar líne. Trí úsáid a bhaint as Córas na nÉileamh Beag Ar Líne is féidir leat iarratas d’éilimh bheaga a chruthú agus a íoc. Is féidir leat an stádas atá ag d’éileamh beag ar líne a sheiceáil go slán freisin trí úsáid a bhaint as uimhir aitheantais phearsanta a eisítear duit. (Ní féidir le gnóthaí éileamh a dhéanamh ar líne i láthair na huaire.)
Chun éileamh a chruthú ar líne, teastóidh cárta creidmheasa/dochair
uait agus seoladh ríomhphoist a bhfuil rochtain agat air.
Déantar nós imeachta na nÉileamh Beag a sholáthar tríd an gCúirt Dúiche áitiúil. Féach sonraí teagmhála oifigí áitiúla na Cúirte Dúiche mórthimpeall na hÉireann anseo.
15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie
Sula dtosaíonn tú, beidh an fhaisnéis seo a leanas úsáideach chun cabhair a thabhairt duit roinnt codanna den fhoirm a mhíniú. Tá 3 ranná ar beith san fhoirm.
Is é an duine atá ag déanamh an éilimh an t-éilitheoir. Is sonraí pearsanta atá sa roinn seo amháin. Ba cheart duit d'ainm agus do sheoladh a bhreacadh síos anseo. Tá sé an-tábhachtach gurb é an duine ceart atá ag déanamh an éilimh. Ba cheart gurb é an duine a cheannaigh na hearraí lochtacha nó an duine a d'ordaigh an obair déanta a dhéanann an t-éileamh. Mar a chéile is é an duine ar ar dearnadh dochar dá áitreabh nó a bhí ag tógaint áite ar chíos a dhéanann an t-éileamh.
Sa roinn seo tá cur síos ar an duine nó an comhlacht ar a bhfuil tú ag déanamh an éilimh. Caithfidh tú an t-éileamh a dhéanamh in aghaidh duine nó comhlachta. I gcuid mhaith de na cásanna ní bhíonn a fhios agat cé leis an siopa ar cheannaigh tú na hearraí lochtacha uaidh. Ní leor é ainm an tsiopa amháin a chuir síos ar an bhfoirm iarratais. Caithfidh tú féin a fhiosrú cé leis an siopa atá i gceist.
Is féidir é seo a dhéanamh trí Chuardach Comhlachta a dhéanamh in Oifig Chlár na gComhlachtaí. Anseo gheobhaidh tú liosta de na comhlachtaí uilig sa tír. Muna bhfuil an siopa liostáilte mar chomhlacht is féidir leat Cuardach Ainmneacha Gnó a dhéanamh freisin san oifig seo. Má tá cónaí ar an bhfreagróir taobh amuigh den tír ba cheart a iarradh air duine éigin sa tír seo a ainmniú (aturnae nó gníomhaire) chun gníomhú agus comhfhreagras a ghlacadh ar a shon.
Sa roinn seo ba cheart duit fíricí an cháis a leagaint amach go soiléar agus simplí.
Tá sé tábhachtach go luann tú an méid atá a lorg agat. Muna bhfuil aon aighneasfaoin éileamh, seans go bhfaighidh tú breith gan dul chomh fada leis an gcúirt. Tabhair san áireamh nach bhfaighidh tú ach an méid a bhí tú as póca as an éileamh mar shampla an méid a d'íoc tú ar na hearraí lochtacha nó an méid a d'íoc tú as iad a dheisiú. Dá bhrí sin ba cheart duit gach admháil agus doiciméid a choinneáil mar fhianaise ar an méid atá tú as póca.
Uaireanta ligfidh Cúirt na n-Éileamh Beag duit damáiste ginearálta a éileamh áit ar tharla crá duit mar gheall ar sheirbhís nó táirge lochtach. Sampla maith de seo ná nuair a théann saoire go dona mícheart. Is féidir leat tuilleadh a leámh faoi chearta tomhaltóirí agus saoirí láneagraithe anseo.
Tá sé tabhachtach tú féin a ullmhú don éisteacht cúirte agus moltaí duit comhairle dlí a fháil. Caithfidh tú eolas a thabhairt don bhreitheamh a leagann amach go soiléar nadúr an chaidrimh atá agat leis an bhfreagróir. B'fhéidir go mbeadh ceann do na rólanna caidrimh thíos luaite agaibh:
Caithfidh tú a thaispeáint céard go díreach a chuaigh mí-cheart agus na toscaí a bhain leis an bhfadhb.
Caithfidh tú a thaispeáint an chaoi a ndeachaigh tú faoin bhfadhb a réiteach agus na céimeanna áirithe a thóg tú leis an bhfadhb a chuir ina ceart.
Ba cheart go mbéifeá ar an eolas ar an gcaoi a gcosnaíonn na dlithe úsáideora tú go háirithe sa stáid áirithe seo agus aird na cúirte a dhíriú isteach ar seo. Is féidir leat tuilleadh a leámh faoi chearta tomhaltóirí anseo.
Ba cheart go mbéifeá an-soiléar ar céard go díreach atá tú ag éileamh.
Nuair atá tú ag cur an eolais i láthair na cúirte, ba cheart go mbeadh fianaise agat ar chuile rud. Ba cheart:
Beidh ort freastal a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche, lá na héisteachta. Is cúirt í seo atá oscailte don phobal agus is é Breitheamh na Cúirte Dúiche a bheidh ag éisteacht leis an gcás.
Nuair a ghlaoitear do chás cloisfidh tú d'ainm agus ainm an fhreagróra, mar shampla," Pádraig Ó Murchú i gcoinne Sheosamh Uí Riáin ".
Ag an bpointe seo ba cheart duit seasamh suas agus tú féin a chur in aithne don chúirt. Tabharfaidh Cláraitheoir na n-Éileamh Beag achoimre ar an gcás. Beidh ort dul isteach i mbosca an fhinné. Seasfaidh tú sa bhosca seo agus cabhróidh an cléireach cúirte leat mionn a thógáil nó a dheimhniú an fhírinne a insint. Iarrfaidh an breitheamh ort tús a chur le do chás. Anseo tabharfaidh tú do thaobh féin den aighneas, ar bhealach atá soiléar agus an méid fianaise agus is féidir a thabhairt mar thacaíocht.
Cuirfidh an breitheamh ceisteanna ort agus ba cheart duit iad a fhreagairt chomh maith agus is féidir. Ná déan dearmad dul i mbun cainte leis an mbreiteamh ar an mbealach caoi "A bhreithimh" agus ba cheart do chuid freagraí a dhíriú ar an mbreitheamh an t-am ar fad. Nuair atá do chuid freagraí uilig tugtha don bhreitheamh tabharfaidh an breitheamh seans don fhreagróir tú a cheistiú. Freagair na ceisteanna ach ná tosaigh argóint leis an fhreagróir. I ndiaidh seo tabharfar cead duit bosca an fhinné a fhágáil. Má tá tú ag iarraidh finné a ghlaoch, ba cheart duit é a dhéanamh ag an am seo. Is é an córas céanna a bheidh in úsáid don fhinné. Nuair atá d'fhinné nó finnéithe réidh sa bhosca, tabharfar seans ansin don fhreagróir a chuid fianaise féin a thabhairt. Más cás i gcoinne comhlachta atá i gceist , déanfaidh ionadaí ón gcomhlacht ionadaíocht ar a shon.
Is é an córas céanna a bheidh i gceist don fhreagróir agus a bhí in úsáid leatsa. Gheobhaidh tú deis an freagróir a cheistiú nuair atá an breitheamh réidh lena chuid ceisteanna. Is féidir leat ullmhúchán a bheith déanta le haghaidh seo tríd staidéar a bheith déanta ar an bhfreagra a bhí ar an bhFógra Aighneais (agus Frithéileamh, má tá ceann i gceist) agus trí cheisteanna a réitiú roimhré. Caithfidh tú éisteacht chúramach a thabhairt don fhreagróir agus é i mbosca an fhinné sa chaoi is go mbeidh tú in ann dúshlán a chuir ar an bhfianaise nach n-aontaíonn tú leis. Ansin beidh seans ag an bhfreagróir a chuid fhinnéithe a ghlaoch aníos le fianaise a thabhairt. Beidh an seans agat na finnéithe seo a cheistiú freisin.
Nuair a fhaigheann na finnéithe uilig deis cainte, tabharfaidh an
breitheamh a bhreith nó cinneadh ansin láithreach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.