Anseo atá tú: Baile > Dlí > Córas na gCúirteanna > An Oifig Probháide

Print Page Send to a Friend

An Oifig Probháide

Eolas

Pléann an Oifig Phrobháide le ceisteanna probháide "neamhchonspóideacha". I measc na rudaí a dhéanann an Oifig Phrobháide tá:

  • Uachtanna le cruthú a ghlacadh
  • Ceadúnais phrobháide agus riaracháin a eisiúint.
  • Cuntais phrobháide a chaomhnú i gcomhair scrúdaithe
  • Cóipeanna dearbhaithe de cháipéisí probháide a chur ar fáil.
  • Iarratas cúirte a phróiseáil chuig an mbreitheamh atá ainmnithe chun déileáil le cúrsaí probháide.

Léigh tuilleadh faoi chúrsaí probháide sa chomhthéacs seo; ag déileáil le heastát an mhairbh agus faigh amach céard a tharlaíonn d’eastát an mhairbh mura bhfuil uacht déanta amach.

Struchtúr na hOifige Probháide

Tá an Oifig Phrobháide comhdhéanta de cheithre oifig phoiblí:

  • Oifig Ghinearálta: freagrach as taifid a chothabháil ar cheadúnais ionadaíochta a eisíodh agus freagrach as cóipeanna de dhoiciméid phrobháide a sholáthar. Bíonn an méid is mó teagmhála ag an oifig seo leis an bpobal ginearálta
  • Oifig Shuíocháin: measúnú ar iarratais ar cheadúnais phrobháide nó riaracháin taiscthe ag aturnaethe agus a n-ionadaithe.
  • Oifig na Rialacha: freagrach as taifid a cuardach le cinntiú nach bhfuil aon chonstaic ann ar cheadúnas ionadaíochta a eisiúínt. Déantar toghairmeacha, caveatanna, subpoenanna, tairiscintí cúirte agus na hOifige Probháide a eisiúint agus a chomhadú in Oifig na Rialacha. Orduithe Cúirte ó liosta na Cúirte Probháide, Orduithe an Oifigigh Phrobháide agus Orduithe Barra Taoibhe de réir eisiúint Chúirt na Rialacha ó Oifig na Rialacha. Pléann an Oifig seo le hiarratas faighte tríd an bpost le haghaidh cóipeanna de dhoiciméid phrobháide.
  • Rannóg na nIarratas Pearsanta Probháide: is féidir fiosruithe faoi iarratais phearsanta a dhéanamh tríd an ríomhphost ProbatePersonalApplications@courts.ie. Is féidir Iarratais Phearsanta Cheadúnais do Phrobháid/Litreacha Riaracháin a fháil ach treoir a thabhairt do d’aturnae nó iarratas i bpearsa don Oifig Phrobháide nó an Chlárlann Phrobháide Cheantair le haghaidh na tíre inar bhásaigh an duine.

Tuilleadh eolais maidir le hoibríochtaí na hOifige Probháide tá na táillí bainteach le deontais agus cuardaigh ar fáil ó láithreán Gréasáin na Seirbhíse Cúirte.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tSeirbhís Chúirteanna

15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Deileáil le hEastát an Mhairbh
    Tá cur síos anseo ar a bhfuil i gceist le Deonú Probháide nó litreacha riaracháin a fháil. San áireamh tá na dualgais atá ar sheiceadóir nó riarthóir leis an uacht a chur i gcrích nó faoin Acht Comharbachta.
  • Uacht a dhéanamh
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar na céimeanna praiticiúla a bhaineann le huacht a dhéanamh.
  • Oifig na Cúirte Chuardaí
    Tá eolas anseo ar obair Oifige na Cúirte Chuardaí

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.