An Ardchúirt

Réamhrá

Is í an Ard-Chúirt an tríú sraith de chóras cúirteanna na hÉireann agus an tsraith is airde inar féidir imeachtaí dlí a thionscnamh. Tá dlínse aici ar chúrsaí sibhialta agus coiriúla agus éisteann sí leis na cásanna is tromchúisí, mar thrialacha dúnmharaithe.

Murab ionann agus an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche, ní cúirt dlínse áitiúil agus teoranta í an Ard-Chúirt. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil sé teoranta do chásanna a éisteacht ó réimsí áirithe agus níl aon teorainn leis an méid damáistí airgid is féidir leis a dhámhachtain.

Is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne toradh cáis a éisteadh ar dtús san Ard-Chúirt chuig an gCúirt Achomhairc nó, i gcásanna áirithe, go díreach chuig an gCúirt Uachtarach.

Struchtúr na cúirte

Tá an Ard-Chúirt comhdhéanta d’Uachtarán na hArd-Chúirte, atá freagrach as oibriú na cúirte ar fad a bhainistiú chomh maith le cásanna a éisteacht, agus suas le 48 gnáthbhreitheamh. Is breithiúna den Ard-Chúirt freisin Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus an Príomh-Bhreitheamh.

Is gnách go n-éistear cásanna san Ard-Chúirt agus go gcinneann breitheamh amháin orthu. Ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte cinneadh a dhéanamh go n-éistfidh 3 bhreitheamh cás i gcúirt rannóige ar a dtugtar.

Nuair a bhíonn cásanna sibhialta á éisteacht, bíonn an Ard-Chúirt lonnaithe sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath de ghnáth. Nuair a bhíonn cásanna coiriúla á n-éisteacht, tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi agus tá sí bunaithe sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath.

Éisteann an Ard-Chúirt freisin le cásanna ar cuireadh tús leo san Ard-Chúirt (ní achomhairc ó chúirteanna níos ísle) sna láithreacha seo a leanas:

  • Corcaigh agus Gaillimh
  • Luimneach
  • Port Láirge, Sligeach, Leitir Ceanainn agus Dún Dealgan
  • Cill Chainnigh agus Inis

Éisteann an Ard-Chúirt le hachomhairc ón gCúirt Chuarda i gcásanna dlí sibhialta agus teaghlaigh ar feadh na bliana i mBaile Átha Cliath agus dhá uair sa bhliain ag na hionaid seo a leanas:

  • Caisleán an Bharraigh/
  • Corcaigh
  • Dún Dealgan
  • Inis
  • Gaillimh
  • Cill Chainnigh
  • Luimneach
  • Leitir Ceanainn
  • Sligeach
  • Nás
  • Port Lairge

Féadfaidh tú teacht ar sceideal iomlán na suíonna Ard-Chúirte in ionaid chúige ar Láithreán Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Cásanna sibhialta

Is féidir leis an Ard-Chúirt gach ábhar agus ceist a chinneadh, cibé acu dlí nó fíorais, sibhialta nó coiriúil. Is féidir leis an Ard-Chúirt déileáil le caingne ó gach cuid den tír agus níl aon teorainn ghinearálta ná srian ar an méid airgid a fhéadfaidh an Chúirt a dhámhachtain mar chúiteamh nó damáistí.

I gcásanna sibhialta áirithe níos tromchúisí (cosúil le clúmhilleadh nó éilimh ar dhamáistí as ionsaí) féadfaidh breitheamh suí le giúiré san Ard-Chúirt. I ngach cás, tá gá le vóta tromlaigh 9 as an 12 ghiúróir chun an fíorasc a chinneadh.

Is féidir leis an Ard-Chúirt:

  • Éisteacht le cásanna faoi éilimh ar dhamáistí os cionn €75,000 (díobháil phearsanta €60,000)
  • Éisteacht le ceisteanna faoi bhailíocht dlí
  • Éisteacht le hachomhairc ón gCúirt Chuarda i gcúrsaí sibhialta
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí na gcúirt íochtair go léir trí athbhreithniú breithiúnach
  • Rialuithe a thabhairt ar cheist dlí arna cur isteach ag an gCúirt Dúiche agus féadfaidh sí achomhairc a éisteacht i gcúinsí áirithe eile a fhoráiltear le reacht.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí Binsí Fiosrúcháin áirithe
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí áirithe a dhéanann comhlachtaí poiblí (mar shampla, cinntí an Aire Dlí agus Cirt ar chúrsaí inimirce)

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi nós imeachta na hArd-Chúirte i gcásanna sibhialta.

Cásanna coiriúla

Nuair a bhíonn an Ard-Chúirt ag éisteacht le cásanna faoi chúrsaí coiriúla tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi. I gcúrsaí coiriúla, suíonn an Breitheamh Ard-Chúirte le giúiré de 12.

Ní mór na cineálacha cionta seo a leanas a éisteacht ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ina suí le breitheamh agus giúiré:

Ní gá go mbeadh fíorasc d’aon toil (aontaithe ag gach ball den ghiúiré) i gcásanna ina bhfuil 11 ghiúróir ar a laghad, ar choinníoll go n-aontaíonn 10 acu ar a laghad ar fhíorasc tar éis tréimhse réasúnta ama a bheith caite (nach lú ná 2 uair an chloig).

Bannaí

Má dhiúltaítear bannaí duit sa Chúirt Dúiche is féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhannaí san Ard-Chúirt. Má bhronntar bannaí ort sa Chúirt Dúiche, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun coinníollacha bannaí a athrú. Má chúisítear tú i ndúnmharú agus i gcionta tromchúiseacha áirithe eile, ní féidir leat ach iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar bhannaí.

Oifig Scrúdaitheoir nahArd-Chúirte

Tá ról ag Oifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte i roinnt cineálacha imeachtaí Ard-Chúirte, lena n-áirítear:

  • cás riaracháin- nuair a bheidh eastát duine nach maireann ina ábhar dlíthíochta. Mar shampla, nuair a bhíonn díospóid ann faoin gcaoi ar riaradh an t-eastát, cad iad na sócmhainní atá san eastát, cé atá i dteideal leas a bhaint as an eastát agus cé atá ina chreidiúnaí den eastát. Is é an Scrúdaitheoir a dhéanfaidh na fiosrúcháin ábhartha.
  • cás morgáiste - imeachtaí áirithe ina bhfuil sealbhóir cineálacha áirithe morgáiste ag iarraidh an bhunmhaoin a dhíol. Comhordóidh an Scrúdaitheoir an próiseas díolacháin a luaithe a dhéanfaidh an chúirt ordú díola.
  • Cúrsaí féimheachta - déanann an Scrúdaitheoir iarratais ar fhéimheacht a phróiseáil agus feidhmíonn sé mar Chláraitheoir don chúirt a shanntar chun déileáil le himeachtaí féimheachta, ar a dtugtar an Liosta Féimheachta. Feidhmíonn an Scrúdaitheoir freisin mar Chláraitheoir don chúirt a shanntar chun déileáil le hábhair atá os comhair an Scrúdaitheora, ar a dtugtar Liosta an Scrúdaitheora.

Níl ról maoirseachta ag an Scrúdaitheoir i leachtú cuideachtaí a thuilleadh, mura ndearnadh an t-ordú foirceanta roimh an 1 Meitheamh 2015.

Níor cheart ról Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte a mheascadh suas le ról scrúdaitheora a fhéadfaidh cúirt a cheapadh chun na hionchais go mairfidh cuideachta i ndeacracht airgeadais a mheas.

Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi Oifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte ar Láithreán Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Tuilleadh faisnéise

Maidir le cúrsaí cúirte féimheachta, agraí riaracháin, fiosrúcháin neasghaol agus aon ábhair eile a chuireann an chúirt ar ais chuig an Scrúdaitheoir, is féidir leat dul i dteagmháil le hOifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte.

Is féidir leat tuilleadh a léamh freisin faoi nós imeachta na hArd-Chúirte ar Láithreán Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

None

Teil: +353 1 888 6458 / 6160 / 6513

Oifig an Scrúdaitheora

An tSeirbhís Chúirteanna

Urlár 2
15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine: 10 rn go 1 in agus 2.15 rn go 4.30 in
Teil: +353 (0)1 888 6269/6219
Facs: +353 (0)1 873 5260
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Meán Fómhair 2023