Anseo atá tú: Baile > Dlí > Córas na gCúirteanna > An Chúirt Dhúiche - Dlínse Sibhialta

Print Page Send to a Friend

An Chúirt Dhúiche - Dlínse Sibhialta

Eolas

Is Cúirt Áitiúil agus cúirt le dlínse theoranta í an Chúirt Dhúiche. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cosc uirthi maidir leis na cineáil cásanna gur féidir léi a láimhseáil.

Rialacha

Dlínse Áitiúil

Ní feidir le Cúirt Dúiche glacadh le cás nar tosnaíodh sa Chúirt Dhúiche cheart.

Ní mór don chás a bheith curtha os comhair, éistithe agus cinneadh a bheith déanta faoi sa cheantar Cúirt Dhúiche cheart

  1. San ait ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhúine de na cosantóirí nó san ait ina bhfuil ceird nó gnó aige/aici nó
  2. Má thoghann an cosantóir é,
    • I gcásanna a bhaineann le conraithe, san áit ar déanadh an conradh
    • I gcásanna a bhaineann le tort ('sé sin, cúrsaí gortaithe phearsanta),san ait go ndeirtear gur tharla an tort
    • I gcásanna a bhaineann le díshealbhú duine ó thalamh nó eile, san áit ina bhfuil an talamh atá i gceist sa chás

Dlínse Teoranta

Tá cosc ar an gCúirt Dhúiche maidir le cásanna go bhfuil damáistí nó cúiteamh de mhéid áirithe airgid i gceist.

Is féidir leis an gCúirt Dhúiche na cásanna seo leanas a láimhseáil;

  • Maidir le conradh muna mbíonn an éileamh níos mó ná 6,348.69 euro
  • Maidir le glascheannacht nó le socraithe ceannacht ar chairde muna bhfuil costas na n-earraí ná méid an éilimh níos mó ná 6,348.69 euro;
  • I dtort nuair nach bhfuil an eileamh níos mó ná 6,348.69 euro.
  • I ndíshealbhú toisc gan cíosa a íoc nó toisc maoine a choiméad ró-fhada muna mbíonn an cíos bliana thar 6,348.69 euro;
  • I gcásanna faoí earraí coimeadaithe go héagórach nuair nach bhfuil luach na n-earraí thar 6,348.69 euro.

I measc na gcásanna eile gur féidir leis an gCúirt Dhúiche a láimhseáil tá

  • Cásanna dlí clainne nuair atá cumhacht ag an gCúirt Dhúice ordaithe maidir le cothaithe, urchoisceanna, cumhdach agus ordaithe teangbhála nó atharthachta,
  • Cur i bhfeidhm breithiúnais, chomh maith le cumhachtaí scrudú a dhéanamh ar mhaoin fhiachóirí, ordú a dhéanamh na fiacha a íoc ina ghálaí agus an fiachóir a chun chun priosún muna n-íocann sé/sí na fiacha
  • Cásanna ceadúnais, mar shampla, ag tabhairt ceadúnais díolachán deochanna mheisciúla, ag tabhairt ceadúnais do cheantálaithe agus ceadúnais crannchur, ag tabhairt ceadúnais do dhamsaí poiblí agus eile.
  • Cásanna maidir le damáiste mailíseach nuair nach bhfuil méid an éilimh níos mó ná 6,348.69 euro.

Tuilleadh eolais

An tSeirbhís Chúirteanna

15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 April 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.