Tá an Chúirt Dúiche ar an gcúirt is ísle i gcóras cúirte na hÉireann. Tá Uachtarán na Cúirt Dúiche chomh maith le 63 Breitheamh den Chúirt Dúiche i gceannas uirthi.
Tá an Chúirt Dúiche eagraithe ar bhonn réigiúnach. Tá 23 Dúiche sa Chúirt Dúiche, chomh maith le Dúiche Cheannchathartha Bhaile Átha Cliath. Tá gach Dúiche ansin roinnte i gceantair den Chúirt Dúiche.
Is cúirt áitiúil agus le húdarás srianta é an Chúirt Dúiche. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sí srianta ó thaobh na gcásanna ar féidir léi cinneadh a dhéanamh i gcúinsí sibhialta agus coiriúla.
Ní féidir le Cúirt Dúiche éisteacht le cás nár thosaíodh sa cheantar den Chúirt Dúiche cirte. Ní mór an cás a thógáil, éisteacht leis agus cinneadh a dhéanamh air sa cheantar den Chúirt Dúiche:
Nó
- i gcásanna bunaithe ar chonradh, san áit inar rinneadh an conradh
- i gcásanna bunaithe ar thort (m.sh. cásanna gortaithe phearsanta), ina bhfuil sé líomhainte gur tharla an tort
- i gcásanna chun duine a íobairt ó thailte nó ó mhaoin, san áit ina bhfuil na tailte nó an mhaoin atá i gceist lonnaithe;
Tá srian ar an gCúirt Dúiche maidir le héisteacht le cásanna ina dtéann na damáistí nó an cúiteamh atá á n-éileamh thar mhéid áirithe. Is féidir leis an gCúirt Dúiche éisteacht le cásanna:
D’fhéadfadh an Chúirt Dúiche éisteacht le cineálacha cásanna eile lena n-áirítear:
Éistfear le cás coiriúil sa cheantar den Chúirt Dúiche:
Tá dhá chineál choir choiriúla ann:
Tagann údarás cóiriúil den Chúirt Dúiche faoi na ceannteidil seo a leanas.
Coireanna achomair a d'fhéadfadh a bheith eisithe ag Breitheamh den Chúirt Dúiche ag suí gan ghiúiré Déanann sé seo suas an-chuid den obair a dhéanann an Chúirt Dúiche agus tagann na coireanna seo ó reachtaíocht amháin.
Coireanna díoltálacha gur féidir a thriail go hachomair chomh fada agus go bhfuil:
Tá na cineálacha coireanna seo sainithe sa reachtaíocht chuí.
Coireanna díoltálacha a d’fhéadfadh a bheith pléite go hachomair (ní coireanna áirithe lena n-áirítear éigniú, tromionsaí gnéasach, dúnmharú, tréas agus píoráideacht) nuair:
Mura bpléann an Chúirt Dúiche leis an gcás, cuirtear an té atá cúisithe ar aghaidh go dtí an Chúirt Chuarda le haghaidh pianbhreithe. Ag an gCúirt Charda, d’fhéadfadh sé/sí a p(h)léadáil de ‘ciontach’ a aistarraingt agus é a athrú go ‘neamhchiontach’ agus sa chás sin tarlaíonn triail.
Coireanna díoltálacha nach féidir a thriail go hachomair, is é sin, cásanna a chaithfidh breitheamh agus giúiré éisteacht leo. Sna cásanna seo, tá “Leabhar Fianaise” curtha os comhair an té atá cúisithe, m.sh., ráiteas den chúis agus den fhianaise a bheidh curtha i láthair os comhair na cúirte chomh maith le liosta finnéithe agus taispeántán. Ní dhéanann an breitheamh den Chúirt Dúiche machnamh ar an ábhar nó ar na haighneachtaí níos mó, ar son an té atá cúisithe nó an ionchúisimh, d’fhonn cinneadh a dhéanamh an bhfuil leorchás ann. Ba phróiseas é seo ar a tugadh réamhscrúdú agus fuarthas réidh leis. Seolfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche an té atá cúisithe ar aghaidh chuig an gCúirt Chuarda nó an bPríomh-Chúirt Choiriúil don triail tar éis don Leabhar Fianaise a bheith seirbheáilte agus gur cheadaigh an DPP an cás a sheoladh ar aghaidh.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gCúirt Dúiche déan teagmháil le:
15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.