Eolas
Tá ceithre phríomhchúirt in Éirinn: an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach. Cúirteanna eile atá ag feidhmiú ná an Chúirt Choiriúil Speisialta agus an Chúirt Achomhairc Choiriúil.
Déileálann Airteagail 34 go 37 de Bhunreacht na hÉireann (
Bunreacht na hÉireann) le riaradh an cheartais go ginearálta agus leagann siad amach struchtúr an chórais cúirte. Sonraíonn Airteagal 34.1: "Déanfar ceartas a riaradh i gcúirteanna atá bunaithe de réir dlí..." Bhí na cúirteanna reatha bunaithe ag
Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961.
Tá dlínse ag an
gCúirt Dúiche i mionchásanna sibhialta agus coiriúla. Is féidir achomharc a dhéanamh ar thoradh cáis a éisteadh sa Chúirt Dúiche chuig an Chúirt Chuarda.
Tá dlínse ag an
gCúirt Chuarda i gcásanna sibhialta agus coiriúla níos tromchúisí. Is féidir achomharc a dhéanamh ar thoradh cáis a éisteadh sa Chúirt Chuarda chuig an Ard-Chúirt.
Tá Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas san
Ard-Chúirt. Tá dlínse aici i gcásanna sibhialta agus coiriúla chomh maith. Mar shampla, déileáiltear leis na cionta coiriúla is tromchúisí san Ard-Chúirt, cosúil le dúnmharú.
Éisteann
an Chúirt Achomhairc Choiriúil le hachomhairc ó chásanna coiriúla a éisteadh sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt.
Cruthaíodh
an Chúirt Uachtarach mar chúirt dheiridh achomhairc agus tá an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi.
Cé gur féidir le cúirteanna dlínse a bheith acu ar chásanna sibhialta agus coiriúla araon, déileálann cúirteanna áirithe le cásanna coiriúla amháin (cosúil leis an
gCúirt Choiriúil Speisialta agus an Chúirt Achomhairc Choiriúil).
Déanann Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) 1961 foráil do bhunú na gcúirteanna speisialta nuair nach ndéanfaí freastal ar an leas ceartais is fearr sa chúirt choitianta,
an Chúirt Leanaí agus an Chúirt Drugaí mar shampla.
Tá tacaíocht ag na cúirteanna ó Oifigí na gCúirteanna. Mar shampla, tá
Oifig an Choimircí Cúirte freagrach as maoirsiú ghnóthaí na ndaoine a tógadh faoi choimircíocht na hArd-Chúirte.