Eolas
Tá fiche sé oifigí de chuid na Cúirte Chuardaí ar fáil ar fud na tíre. Tá Cláraitheoir Condae i gceannas ar gach oifig acu.
Cúrsaí Sibhialta
Oifig na Cúirte Chuardaí
- Eisíonn sé agus déanann próiséal ar chásanna sibhialta
- Ullmhaíonn agus eisíonn sé ordaithe na Cúirte Chuardaí
- Cuireann sé seirbhís clarú talún áitiúil ar fáil(ach amháin i gcás Bhaile Átha Cliath).
- Cuireann sé clarú próbháid ceantair ar fáil atá bunaithe in oifigí na Cúirte Chuardaí i cheithre áit déag ar fud na tíre.
Roghnú an Ghiúiré
- Tógann an Cláraitheoir Condae, ina c/(h)ondae féin, cúram roghnú giúire don Chúirt Choiriúil Chuarda air/uirthi féin
- Tógann oifigí na Cúirte Chuardaí in Átha Cliath an cúram orthú féin chun giúiré a roghnú don Chúirt Choiriúil Chuarda Átha Cliath agus don Ard Chúirt - an Chúirt Choiriúil Lárnach
- Tógann Oifigí na Cúirte Chuardaí in Átha Cliath cúram orthú féin do roghnú giúiré i gcásanna sibhialta áirithe don Ard Chúirt.
Cúrsaí Clainne
Bíonn oifig na Cúirte Chuarda ag plé le hiarratais dlí i gcúrsaí clainne , mar
- scaradh dlithiúil
- colscaradh,
- cothaithíocht,
- coimeád
- neamhnú
- ordaithe urchoiscithe.
Cúrsaí Coiriúla
- Bíonn oifig na Cúirte Chuardaí ag plé le cásanna coiriúla atá seolta ar aghaidh chun trialach chuig an Chúirt Dúiche.
- Bíonn oifig na Cúirte Chuardaí i mBaile Átha Cliath ag plé le heagraithe, le liostaí, le cuidiú dlí, le barántais phróbhaide, le fíneálacha, le bannaí, le athbhreithniú breithe do chásanna sa Chúirt Choiriúil Chuarda Átha Cliath, san Ard Chúírt - an Chúirt Choiriúil Lárnach agus an Chúirt Choiriúil Speisialta.