Anseo atá tú: Baile > Dlí > Córas na gCúirteanna > Cúirt Chuarda - Dlínse Coiriúil

Print Page Send to a Friend

Cúirt Chuarda - Dlínse Coiriúil

Eolas

I gcásanna coiriúla bíonn dáréag ar ghiúiré chomh maith le Breitheamh ón gCúirt Chuarda. Sa chás nach mbíonn níos lú ná aon ghiúróir déag ann ní gá toradh d'aonghuth a bheith faighte má bhíonn deichniúr ghiúré d'aonghuth tar éis achar reasúnta ama a bheith caite acu (gan níos lú ná dhá uair a chloig).

Rialacha

Dlínse Áitiúil

Tá an dlínse áitiúil á chur i bhfeidhm ag an mbreitheamh sa chuarda

  • Inar déanadh an choir nó
  • Ina bhfuil an cosantóir ina chónaí nó ina bhfuil a chuid oibre nó
  • Inar gabhadh an cosantóir,

Is féidir leis an mbreitheamh, áfach, an triail choiriúil a aistriú ó áit amháin dá cuarda/chuarda go dtí áit eile.

Ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó ón gcúisí is féidir leis an mbreitheamh sa Chúirte Chuarda,, má cheapann sé go bhfuil fáth maith dlíthiúil leis, an cás a aistriú ón gCúirt Chuarda atá suite taobh amuigh de Átha Cliath isteach go Cúirt Chuarda Átha Cliath.

Dlínse Teoranta

Deireann an Bunreacht go bhfuil ar gach cás, nach cás bheag é, a bheith éistithe os comhair breitheamh agus giúiré.

Éistear gach cás coiriúil sa chúirt Dúiche go hachomair (sé sin, gan giúiré). Tá dlínse ag an gCuirt Chuarda gach cás, nach cásanna bheaga iad, a láimhseáil seachas dúnmharú, eigniú, mórionsaí ghnéasach, treas, píoráideacht agus coireanna eile mar iad.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 April 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.