Anseo atá tú: Baile > Dlí > Córas na gCúirteanna > An Chúirt Chuarda

Print Page Send to a Friend

An Chúirt Chuarda

Réamhrá

Tá an tír roinnte ina hocht gcuaird ar mhaithe leis an gCúirt Chuarda.

Is éard atá sa Chúirt Chuarda ná Uachtarán na Cúirte agus 37 gnáthbhreitheamh.

Tá Breitheamh Cuarda ainmnithe le haghaidh gach cuaird, ach amháin le haghaidh Bhaile Átha Cliath agus Chorcaigh. Is féidir le deichniúr breitheamh a bheith ainmnithe don chuaird i mBaile Átha Cliath agus triúr don chuaird i gCorcaigh.

Tá dualgas ar Uachtarán na Cúirte Cuarda, atá ina b(h)reitheamh breise san Ard-Chúirt, a chinntiú go ndáiltear obair na Cúirte Cuarda go cothrom ar na breithimh chomh maith le cinntiú go bpléitear leis go pras.

Is cúirt áitiúil agus le húdarás srianta é an Chúirt Chuarda. Tá sí srianta ó thaobh na gcásanna ar féidir léi cinneadh a dhéanamh i gcúinsí sibhialta agus coiriúla.

Cúinsí sibhialta

Údarás Áitiúil

Ní féidir le Cúirt Chuarda éisteacht le cás nár thosaíodh sa Chontae ceart.

Ní mór an cás a thógáil, éisteacht leis agus cinneadh a dhéanamh air sa Chontae.

  • i ngnáthaimh bunaithe ar thort (m.sh., gnáthaimh i leith dochar pearsanta), ina n-éilítear gur tharla an tort nó san áit ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó duine de na cosantóirí de ghnáth nó san áit ina bhfuil siad ag obair, ina bhfuil gnó nó fostaíocht acu;
  • i ngnáthaimh bunaithe ar chonradh, san áit inar rinneadh an conradh nó san áit ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó duine de na cosantóirí de ghnáth nó san áit ina bhfuil siad ag obair, ina bhfuil gnó nó fostaíocht acu;
  • i ngnáthaimh chun duine a íobairt ó thailte nó ó mhaoin, san áit ina bhfuil na tailte nó an mhaoin atá i gceist lonnaithe;
  • i ngnáthaimh chlainne, san áit ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir;
  • faoin údarás probháide agus chun seilbh daoine éagtha a riar, san áit ina raibh áit chónaithe bhuan ag an tiomnóir nó díthiomnach nuair a fuair sé/sí bás;
  • faoin údarás gealtachais, san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine nach bhfuil nó a líomhnaítear nach bhfuil ceart ó thaobh na hintinne de.

Údarás Teoranta

Éisteann breitheamh a shuíonn gan ghiúiré le cásanna sibhialta sa Chúirt Chuarda.

Tá srian ar an gCúirt Chuarda maidir le héisteacht le cásanna ina dtéann na damáistí nó an cúiteamh atá á n-éileamh thar méid áirithe.

Tá údarás ag an gCúirt Chuarda, m.sh. is féidir léi cinntí a dhéanamh:

  • i gcásanna conartha agus torta nuair nach dtéann an t-éileamh thar €38,092.14 (Ó Eanáir 2010, cásanna clúmhillte nuair nach dtéann an t-éileamh thar €50,000)
  • i gcásanna probháide agus agraí dlí maidir le riar eastát, nuair nach dtéann an luacháil inrátaithe den fhíor-eastát thar €252.95
  • in eagraí dlí cothroime, nuair nach dtéann an luacháil inrátaithe de thalamh thar €252.95
  • i gcásanna eisiachtana nó iarratais ar thionóntachtaí nua (cíos a dhaingniú, srl.) nuair nach dtéann an luacháil inrátaithe den mhaoin thar €252.95
  • i gcásanna bunaithe ar chomhaontuithe fruilcheannaigh agus díolacháin creidmheasa, nuair nach dtéann praghas ceannaigh na n-earraí nó méid an éilimh thar €38,092.14
  • i gcásanna dlí teaghlaigh, (lena n-áirítear scaradh breithiúnach, colscaradh, neamhbhrí agus achomhairc ón gCúirt Dhúiche). Nuair a théann an luacháil inrátaithe den mhaoin thar €252.92, is féidir leis na páirtithe cinneadh a dhéanamh an cás a athrú chuig an Ard-Chúirt.
  • i ngach cás ina ndéantar iarratas ar cheadúnas liocáire nua (m.sh. ceadúnais do dhíol liocáire le hól ar an bhfód) agus tá údarás achomhairc aici ó chinntí eadránaithe i ndíospóidí maidir le Cíosanna Talún faoin reachtaíocht Thiarnaí Talún agus Tionóntaí
  • maidir le hiarratais faoin Iarchód um Chúiteamh d’Oibrithe, m.sh. i gcásanna inar dtáinig teidlíocht ar chúiteamh chun cinn roimh an 1 Bealtaine 1967
  • in achomhairc ón gCúirt Dhúiche i gcásanna sibhialta agus coiriúla. Is éard atá ann don achomhairc ná ath-éisteacht agus is é cinneadh na Cúirte Cuarda an cinneadh críochnúil agus ní féidir iarratas a dhéanamh ar achomharc.

Cásanna coiriúla

I gcásanna coiriúla, suíonn Breitheamh na Cúirte Cuarda le giúiré de dháréag. Ní gá go mbeadh fíorasc comhaontach i gcás nach bhfuil níos lú ná aon ghiúróir déag má aontaíonn deichniúr acu ar fhíorasc tar éis dóibh machnamh a dhéanamh ar feadh tréimhse réasúnta (ní féidir leis an tréimhse a bheith níos lú ná dhá uair an chloig).

Údarás Áitiúil

Tá an t-údarás coiriúil curtha i bhfeidhm ag breitheamh na Cuarda ina

  • rinneadh an choir nó
  • bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ina ndéanann sé/sí a g(h)nó nó
  • ngabhadh an cosantóir,

Ach, is féidir le Breitheamh Cuarda triail choiriúil a aistriú ó chuid amháin dá C(h)uaird go ceann eile.

Ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an cúisí, is féidir leis an mBreitheamh Cuarda, má tá sé sásta go mbeadh sé éagórach go follasach gan é a dhéanamh, an triail a aistriú ón gCúirt Chuarda atá ag suí taobh amuigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath go dtí Cúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath.

Údarás Teoranta

Sainíonn an Bhunreacht gur cheart go mbeadh triail le giúiré i gceist le gach coir nach mionchoir é, go ginearálta.

Éistear le gach mionchoir choiriúil sa Chúirt Dhúiche go hachomair (m.sh. gan ghiúiré). Tá an t-údarás ag an gCúirt Chuarda éisteacht le gach coir nach mionchoir iad, ach amháin dúnmharú, éigniú, tromionsaí gnéasach, tréastúireacht, píoráideacht agus coireanna gaolmhara.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 August 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.