An Chúirt Leanaí

Eolas

Chruthaigh Acht na Leanaí 2001 an Chúirt Leanaí, a tugadh Cúirt d'Ógánaigh uirthi roimhe seo Bíonn an Chúirt Leanaí ag déileáil le leanaí faoi 18 mbliana d'aois agus tháinig sé i bhfeidhm i 2002. Leagann an t-eolas seo a leanas amach na rialacha difriúla maidir leis an gCúirt Leanaí, ina measc na cineálacha cásanna a éistear ann, príobháideachas, rialacha in camera, srl. Tá rialacha tábhachtacha ann maidir le haois freagrachta coiriúil, go háirithe sa mhéid is go mbaineann sé le leanaí.

Rialacha

Feidhmiú na Cúirte Leanaí

Is iarracht atá i gcruthú na Cúirte Leanaí tríd an Acht 2001 chun imeachtaí cúirte ina bhfuil leanaí i gceist a scaradh uathu siúd ina mbíonn daoine fásta i gceist. Go ginearálta, bíonn an Chúirt Leanaí ar siúl sa Chúirt Dúiche ach de réir Alt 71(1)(b) den Acht 2001 ba chóir dóibh a bheith ar siúl i seomra nó i bhfoirgneamh difriúil , nó ag am nó ar lá difriúil ó na cúirteanna eile. Go deimhin, caithfidh breithiúna atá ina suí ar an gCúirt Leanaí oiliúint nó oideachas speisialta a bheith orthu de réir mar atá sé ag teastáil i súile Uachtaráin na Cúirte Dúiche. (Ní bhaineann sé seo le breithiúna a ceapadh chun na Cúirte Dúiche roimh an 15 Nollaig, 1995). Tá na beartais ar fad a bhaineann le leanaí agus leis an gCúirt Leanaí san Acht 2001 deartha ar leas an linbh agus déantar iarracht cinntiú go bhfeidhmíonn an Chúirt Leanaí ar bhealach a thógann riachtanais agus íogaireacht na leanaí atá i gceist san áireamh.

Cineálacha cásanna a éistear sa Chúirt Leanaí

Tá an chumhacht ag an gCúirt Leanaí déileáil leis an gcuid is mó de chionta coiriúla a dhéanann leanaí. Éistear leis na mionchionta ar fad sa Chúirt Leanaí, chomh maith leis na gcionta is tromchúisí (indíotáilte).

Tá cionta áirithe nach féidir éisteacht a thabhairt dóibh sa Chúirt Leanaí áfach. Caithfear déileáil le cion dúnorgain, mar shampla, sa Chúirt Choiriúil Lárnach. Tá foráil dó seo in Alt 75 (1) d'Acht na Leanaí, 2001. Le cionta ar fad nach mionchionta iad ina dtugtar páiste roimh an gCúirt Leanaí caithfidh an breitheamh an rogha a thabhairt don pháiste an bhfuil sé/sí ag iarraidh go n-éistfear an cás sa Chúirt Leanaí nó roimh bhreitheamh agus giúiré (má roghnaíonn an breitheamh an cás a choinneáil sa Chúirt Leanaí). Is féidir leis an bpáiste cabhair tuismitheora nó caomhnóra a lorg chun an cinneadh sin a dhéanamh.

Faoi Bhunreacht na hÉireann tá an ceart ag páiste dul faoi thriail roimh ghiúiré i gcomhair cionta nach mionchionta iad. Caithfidh an breitheamh a bheith sásta éisteacht a thabhairt do na cionta tromchúiseacha sa Chúirt Leanaí sula dtugtar rogha cúirte don pháiste áfach.

Leanaí agus daoine fásta a chúisítear as na cionta céanna

Nuair a chúisítear páiste as cion achomair/mionchion le duine fásta amháin nó níos mó, ba chóir éisteacht a thabhairt don chion sa Chúirt Leanaí. Caitear leis an duine fásta mar a bheadh sé/í roimh an gCúirt Dúiche. Is faoi rogha na Cúirte Leanaí atá sé déileáil leis an bpáiste agus an duine fásta araon sa Chúirt Dúiche. I gcásanna ina gcomhchúisítear páiste agus duine fásta le cionta tromchúiseacha (cionta indíotáilte) caithfidh an Chúirt Leanaí leis an bpáiste ar an gcaoi céanna agus a gcaithfí leis/léi dá gcúiseofaí an páiste leis/léi féin. Caithfear leis an nduine fásta ar an ngnáthbhealach go gcaitheann na cúirteanna le daoine fásta do chionta nach mionchionta iad.

Tá rialacha difriúla ann más rud é go gcúisítear páiste as cion tromchúiseach a bheadh idir lámha ag cúirt níos airde ná an Chúirt Leanaí go hiondúil, agus go bpléadálann sé/sí ciontach as na cionta roimh do bhreitheamh na Cúirte Leanaí an cás a sheoladh ar aghaidh go dtí cúirt níos airde. Sa chás sin, d'fhéadfadh breitheamh na Cúirte Leanaí an páiste a chuir ar aghaidh go dtí an chúirt níos airde i gcóir gearradh pionóis amháin. Sula dtarlaíonn sé seo, áfach, caithfidh an páiste pléadáil chiontachta a shíniú agus caithfidh an chúirt a bheith deimhin de go dtuigeann an páiste cé chomh tromchúiseach is atá an cion agus na fíricí atá líomhnaithe ina c(h)oinne. Caithfear cead a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí freisin.

Príobháideachas na Cúirte Leanaí

Cuireann Rialacha na Cúirte Dúiche (Leanaí) 2006 srian ar na ndaoine atá i dteideal freastal ar shuí de chuid Cúirte Leanaí. Tugtar an riail in camera air seo go minic. Go bunúsach ciallaíonn an riail seo nach féidir imeachtaí na Cúirte Leanaí a chuir ar siúl go poiblí. Má fhoilsítear nó má chraoltar ábhar ar bith a sháraíonn an cosc seo tá an duine atá freagrach as ciontach as cion.

Seo a leanas liosta de na daoine atá i dteideal freastal:

  • Oifigigh na cúirte
  • na páirtithe agus a n-ionadaithe dlí
  • na finnéithe
  • Duine fásta atá gaolta leis an bpáiste nó duine fásta eile atá ag freastal ar an gcúirt faoi réir Alt 91 (6) den Acht 2001
  • Duine ar bith eile (más ann dóibh) a thugann an Chúirt cead dóibh fanacht.

Fógraítear ordú nó cinneadh na Cúirte (má bhíonn ceann ar bith ann) go poiblí in imeachtaí mar seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Bealtaine 2015