Anseo atá tú: Baile > Dlí > Seomra Cúirte > Conas a Stiúrtar Triail Ghiúiré in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Conas a Stiúrtar Triail Ghiúiré in Éirinn

Eolas

Is iondúil go leanann trialacha giúiré in Éirinn an fhormáid seo a leanas:

  • Léifear amach an díotáil, ina léirítear na cionta (scóir) ar phléadáil an cosantóir neamhchiontach dóibh.
  • Is é an lucht ionchúisimh a thugann óráid tosaigh na trialach. Cuireann an t-abhcóide tús leis an gcás agus insíonn don ghiúiré faoi nithe ar mian leis na hionchúisitheoirí a chruthú. Imlíníonn an t-abhcóide na fíricí agus an fhianaise a bhfuil sé ar intinn ag na cúisitheoirí a thaispeáint. Míníonn sé nó sí na cúiseanna atá líomhanta i leith an chosantóra.
  • Tar éis an aithisc thosaigh, glaonn na cúisitheoirí ar fhinnéithe, de réir ord an leabhair fhianaise de ghnáth. Fiafraíonn an t-abhcóide ceisteanna díobh le ligean dóibh a scéal agus a bhfianaise a insint ina bhfocail féin. Féadtar cáipéisí agus ráitis a thabhairt i gcás. Féadtar fianaise fhóiréinseach a chur faoi bhráid na cúirte mar fhoilseáin agus de ghnáth tugtar deis don ghiúiré na foilseáin sin a scrúdú.
  • Nuair a bhíonn an t-abhcóide ionchúisimh críochnaithe ag cur ceisteanna ar gach finné, féadann abhcóide an chosantóra an fhinné a "chroscheistiú". Má bhíonn sé ar intinn ag an lucht cosanta dúshlán a thabhairt faoi fhianaise fhinné na gcúisitheoirí, caitheann an t-abhcóide cosanta bunús an dúshláin a mhíniú don fhinné.
  • Nuair a bhíonn deireadh curtha ag an abhcóide ionchúisimh le cur i láthair an cháis ionchúisimh, is ansin a thosóidh an chosaint. Osclóidh an t-abhcóide cosanta an chosaint agus glaofaidh sé nó sí ar fhinnéithe agus tabharfaidh fianaise isteach. Is féidir leis an lucht ionchúisimh gach finné a chroscheistiú. Ní gá don chúisí aon fhianaise a thabhairt.
  • Ag deireadh an cháis déanann na cúisitheoirí agus na cosantóirí araon achoimriú ar na fíricí don ghiúiré agus leagann siad béim ar bhuanna a gcás féin.
  • Ag deireadh na trialach coimríonn an breitheam an cás don ghiúiré. Míníonn sé nó sí feidhm an ghiúiré dóibh agus treoraíonn sé nó sí don ghiúiré a n-aird a dhíriú ar an bhfianaise a cuireadh faoi bhráid na cúirte amháin agus neamhaird a dhéanamh d’aon tuairiscí sna meáin chumarsáide.
  • Caithfidh an breitheamh an giúiré a threorú maidir le haon phointe dlí a thagann aníos. Mar shampla, féadann sé nó sí bunábhair dhlíthiúla chion an dúnmharaithe a mhíniú ionas gur féidir leis an ngiúiré a theacht ar fhíorasc a chloíonn leis an riail dhlíthiúil sin.
  • Más cás coiriúil atá ann, caithfidh an breitheamh a mhíniú don ghiúiré gur ghá go mbeidís sásta faoi chiontacht an chúisithe thar aon amhras réasúnta. Ciallaíonn thar aon amhras réasúnta má thugtar dhá fháth sa chás, agus más míniú féideartha ar ar tharla araon iad, ba chóir don ghiúiré, i dteannta leis an bhfianaise a cuireadh i láthair, sochar an amhrais a thabhairt don chúisí.
  • Más cás sibhialta atá ann, míneoidh an breitheamh don ghiúiré nach mór dóibh a bheith sásta faoina bhfíorasc ar chothrom na dóchúlachta.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Triail Achomaire
    Tá cur síos anseo ar an Triail Achomaire.
  • Finné naimhdeach
    Is éard is finné naimhdeach ann ná finné a bhfuil an cuma air/uirthi nach bhfuil sé/sí toilteanach an fhírinne a insint. Faigh amach anseo conas a chaitear le finné naimhdeach sa chúirt.
  • Ionadaíocht Dhleathach i gcás Coiriúil
    Déantar cur síos anseo ar ionadaíocht dlhleathach i gcásanna coiriúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.