Anseo atá tú: Baile > Dlí > Seomra Cúirte > Seirbhís Ghiúiré in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Seirbhís Ghiúiré in Éirinn

Eolas

Tá formhór de shaoránaigh na hÉireann a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus iad idir 18 agus 70 bliain d’aois incháilithe le haghaidh sheirbhís ghiúiré.. Tá roinnt eisceachtaí ann.

Is gá triail faoi bhreitheamh agus giúiré leis an gcuid is mó de chionta coiriúla nach mionchionta iad. Teastaíonn triail ghiúiré ó chásanna sibhialta áirithe, an aithis, mar shampla.

Déantar teagmháil le giúróirí trí thoghairm ón gCláraitheoir Contae, a shonróidh go bhfuil sé d’iallach ort freastal faoi choinne sheirbhís ghiúiré ar dháta faoi leith.

Gheobhaidh tú eolas cruinn maidir le seirbhís ghiúiré in feidhmeanna agus dualgais ghiúiré in Éirinn.

Gheobhaidh tú eolas faoin chaoi ina reachtálfar an cás in conas a stiúrtar triail ghiúiré in Éirinn.

Ní bhíonn aon duine a mbíonn cónaí orthu in Éirinn nach saoránach Éireannach iad i dteidil le bheith mar bhall giúiré in Éirinn.

Rialacha

Ní mór duit freagairt don toghairm ghiúiré trí úsáid a bhaint as an fhoirm agus an clúdach litreach réamh-íoctha a sholáthraítear. Má thiteann tú laistigh de na catagóirí daoine a mbíonn sé de cheart acu a bheith saor ó sheirbhís ghiúiré, caithfidh tú é sin a mhaíomh ar an fhoirm a sholáthraítear.

Más mian leat go scaoilfear leat ó do dhualgais ar chúis eile (ar nós tinnis), caithfidh tú an chúis sin a shonrú agus déanfaidh an Cláraitheoir Contae cinneadh an féidir tú a scaoileadh saor.

Rataí

Níl aon íocaíocht ar sheirbhís ghiúiré. Ní cheadaítear do chostais taistil. Má bhíonn tú ag feidhmiú ar ghiúiré, cuirfear lón ar fáil ar an lá nó ar na laethanta a mbeidh an triail á héisteacht.

Más féin-fhostaithe tú agus go n-oibríonn tú i d’aonar, agus sa chás go gciallódh do sheirbhís ghiúiré nárbh fhéidir leat do bheatha a thuilleamh, d’fhéadfadh sé go gcáileodh tú le do scaoileadh ó sheirbhís ghiúiré. Déan teagmháil le hoifig ghiúiré na Cúirte lena thuilleadh eolais.

Má bhíonn tú i bhfostaíocht, leagann Acht na nGiúiréithe 1976 (Alt 29) dualgas ar d’fhostóir a ligean duit freastal ar sheirbhís ghiúiré. Sonraítear sa dlí freisin go gcaithfear leis an seal ar sheirbhís ghiúiré mar is go mbeadh an fostaí i bhfostaíocht iarbhír. I bhfocail eile, má bhíonn tú fostaithe agus ag freastal ar sheirbhís ghiúiré, bíonn tú i dteidil d’íocaíochta agus tú ar shiúl ó do chuid oibre. Bíonn aon duine faoi chonradh fostaíochta (.i. oibrithe páirt-aimseartha, oibrithe conartha, srl.) i dteidil íocaíochta óna bhfostóir fad is a bhíonn siad ar sheirbhís ghiúiré. Níor cheart go gcaillfí aon chearta eile fostaíochta le linn duit a bheith ar ghiúiré ach an oiread. Soláthróidh an Oifig Ghiúiré teastas tinrimh ach é a iarraidh.

Má bhraitheann tú gur sáraíodh do chearta fostaíochta nó gur chaill tú cearta fostaíochta le linn duit a bheith ag freastal ar ghiúiré, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chearta. Léigh tuilleadh faoi Achomhairc Fhostaíochta anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.