Níl gá le giúiré i ngach cás. Beidh giúiré ann i ngach cás coiriúil sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Beidh giúiré ann i roinnt cásanna sibhialta, mar shampla i gcásanna clúmhillte agus ionsaithe. I bhformhór cásanna sibhialta, áfach, leithéidí caingne diobhála pearsanta agus cásanna dlí teaghlaigh, níl giúiré ann - is é an breitheamh a bhreithníonn cén toradh a bheas ann.
Is iad 12 bhall den phobal atá sa ghiúiré agus tá siad suite in áiléar ar thaobh amháin den bhreitheamh. Déantar duine den ghiúiré a thoghadh mar phríomhghiúróir. Feidhmíonn sé nó sí mar chathaoirleach neamhfhoirmiúil agus urlabhraí thar ceann an ghiúiré.
Déantar an 12 ghiúróir a roghnú as líon daoine a nglaodh orthu a seirbhís ghiúiré a dhéanamh an lá sin.
Tá feidhm thar a bheith tábhachtach ag an ngiúiré sa chóras dlí. I dtriail choiriúil, tá sé de dhualgas ar na giúróirí, ag cur fíorais an cháis san áireamh, breithniú cibé an bhfuil nó nach bhfuil duine ciontach sa chion lena cúisiodh é.
Ní mór don ghiúiré teacht ar a bhfíorasc trín fhianaise a cuireadh faoina mbráid sa chúirt amháin a mheas, chomh maith le moltaí an bhreithimh. Ní dhéanann giúiré an dlí a mhíniú. Leanann sé moltaí an bhreithimh maidir le hábhair dlí.
Ní gá go mbeadh an giúiré d'aon ghuth ina bhfíorasc. I gcás coiriúil ní gá go mbeadh fíorasc d'aon ghuth sa chás nach bhfuil níos lú na 11 ghiúróir ann má aontaíonn 10 gcinn díobh ar an bhfíorasc tar éis dóibh an cás a mheas ar feadh tréimhse réasúnta (nach mbeidh níos lú ná dhá uair).
Nuair atá a bhfíorasc socraithe ag an ngiúiré, rachaidh sé ar ais go dtí an chúirt agus déanfaidh an phríomhghiúróir an fíorasc a léamh amach.
Chun tuilleadh eolais faoi fheidhmiú mar ghiúróir, brú ar an mír seirbhís ghiúiré.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.