Nuair a ghlaoitear abhcóidí chun an Bharra feidhmíonn siad mar abhcóidí sóisir. Is féidir go mbeadh BL, a chiallaíonn "Barrister at Law", i ndiaidh a ainm/a hainm ag abhcóide sóisir. Déanann na habhcóidí an chuid is mó den pháipéarachas a dhéanamh i gcásanna (doiciméid dhlithiúla a dhréachtú ) agus feidhmíonn siad ar son cliant sna cúirteanna íochtaracha (an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda).
Tar éis 10 go dtí 15 bliana a chaitheamh ag feidhmiú mar abhcóidí sóisir, d'fhéadfadh abhcóide a shocrú ar bheith ina abhcóide sinsir. Cuirtear "ag glacadh síoda" air seo uaireanta, óir go traidisiúnta bhí róba an abhcóide shinsir déanta as síoda. Is féidir go mbeadh SC in ndiaidh a ainm/a hainm ag abhcóide sinsir.
Abhcóidí a bhfuil an-chuid taithí acu is ea iad abhcóidí sinsir, a fheidhmíonn ar son cliant san Ard Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach. Go hiondúil má tá abhcóide sinsir ag glacadh páirte i gcás, beidh abhcóide sóisir i láthair le cabhrú leis/léi.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.