Ról an bhreithimh

Eolas

De ghnáth, bíonn an breitheamh, i seomra cúirte in Éirinn, ina s(h)uí ar ardán ardaithe ag barr na cúirte agus caitheann sé/sí bónaí bána agus róba dubh.

Mura bhfuil giúiré i gcás áirithe, is é an breitheamh a dhéanann cinneadh ar cén páirtí a bhainfidh nó a chaillfidh i gcás. Éisteann sé nó sí le fianaise an dá thaobh agus le haighneachtaí na n-abhcóidí (nó na n-aturnaetha). Féadfaidh an breitheamh ceisteanna a chur ar aon fhinné agus ar na habhcóidí (nó na haturnaetha).

Is féidir leis an mbreitheamh an breithiúnas a thabhairt i gcás ag deireadh na trialach nó is féidir leis/léi an breithiúnas a “fhorchoimeád”. Nuair a fhorchoimeádtar an breithiúnas, glacfaidh an breitheamh roinnt ama chun machnamh a dhéanamh ar an gcás agus ansin tabharfaidh sé/sí an breithiúnas ag tráth éigin níos déanaí.

Má tá giúiré sa chás, is é an giúiré a dhéanann cinneadh ar thoradh an cháis. Ní dhéanann an breitheamh ach treoir a sholáthar don ghiúiré agus a chinntiú go reáchtáiltear an triail i gceart. Tá feidhm an-tábhachtach ag an ngiúiré i dtriail choiriúil chun cinneadh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an duine a cúisíodh i leith na coire ciontach.

In Aibreán 2006, síníodh rialacha nua a cuireadh i bhfeidhm a d’athraigh an bealach ina dtugtar aitheasc do bhreithiúna in Éirinn i gcúirt. Roimhe seo, tagraíodh do bhreithiúna in Éirinn amhail “A Thiarna”, nó “an Tiarnas”. Anois, tabharfar aitheasc dóibh amhail “a Bhreithimh” nó déanfar tagairt dóibh mar “an Chúirt”. Is é an t-aon eisceacht ina leith seo ná i gcás an Phríomh-Bhreithimh agus Uachtarán na n-Ard-Chúirteanna, a dtugtar aitheasc dóibh de réir a dteideal.

Rialacha

Ceapann an tUachtarán breithiúna in Éirinn a ghníomhaíonn de réir chomhairle an Rialtais.

I bhformhór na gcásanna, déanann an Rialtas cinneadh ar an duine atá le ceapadh ina b(h)reitheamh i ndiaidh gur mhol an Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha amhlaidh. Déanann an Bord seo abhcóidí agus aturnaetha oiriúnacha a shainaithint a rinne iarratas ar an bpost agus an Rialtas a chur ar an eolas orthu. Bunaíodh an Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha faoin dlí faoi Alt 13 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995. Is éard atá i gceist le ballraíocht an Bhoird um Cheapacháin Bhreithiúnacha ná an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Dúiche, an tArd-Aighne, abhcóide cleachtach, aturnae agus trí cheapachán ón Aire.

Ní mór go bhfuil ar a laghad 10 mbliana de thaithí ag breithiúna feidhmiú mar abhcóide nó mar aturnae agus is gnách go mbíonn i bhfad níos mó blianta de thaithí acu sula gceaptar iad.

Page edited: 24 November 2015