Tá ról an-tábhachtach ag giúróirí sa chóras dleathach. Le linn trialach coiriúil, bíonn ar na giúróirí imscrúdú a dhéanamh ar fhíorais an chás, chun a fháil amach an bhfuil an duine cúisithe ciontach as an gcion.
Ní mór don choiste dháréag cinneadh a dhéanamh bunaithe ar an fhianaise a chuirtear i láthair sa chúirt agus ar threoracha an bhreithimh. Níl an coiste dháréag freagrach as an dlí a léirmhíniú agus glacann sé le treoracha an bhreithimh maidir le hábhair dhleathacha.
Le linn na trialach ar fad, tá cead ag giúróirí nótaí a thógáil de na himeachtaí. Tá cead acu freisin nótaí a thabhairt do chainteoir an choiste dháréag agus is féidir leo siúd ceist a chur ar an mbreitheamh cur síos a thabhairt ar ghnéithe an cháis.
Ag deireadh na trialach, tugtar bileog speisialta do na giúróirí a thaispeánann na saincheisteanna go gcaithfear breithniú a dhéanamh orthu roimh chinneadh a dhéanamh.
Níl ar an gcoiste dháréag cinneadh d’aon ghuth a dhéanamh. Nuair a bhíonn triail shibhialta ar siúl, bíonn ar 9 den 12 giúróir glacadh leis an gcinneadh céanna.
Nuair a bhíonn cás coiriúil ar siúl, níl ar an gcoiste dháréag cinneadh d’aon ghuth a dhéanamh nuair a bhíonn 11 giúróir nó níos mó i gceist, nuair a aontaíonn 10 acu i ndiaidh breithniú a dhéanamh ar an gcás ar feadh tréimhse ama réasúnta (dhá uair nó níos mó).
I ndiaidh cinnidh a dhéanamh, téann an coiste dháréag ar ais chuig seomra na cúirte agus léitear an cinneadh os ard.
Ag deireadh an cháis, bíonn ar Gharda na Cúirte nó ar oifigeach eile an coiste dháréag a choimeád le chéile go dtí go ndéantar cinneadh.
Bíonn ar na giúróirí an cás a phlé sa seomra giúiréithe agus níl cead acu teagmháil a dhéanamh le haon duine eile, ach amháin chun nótaí a thabhairt don Chláraitheoir Cúirte. Is féidir leo cóipeanna a choimeád den díotáil, de na taispeántáin agus na nótaí.
Is féidir le giúróirí nóta a thabhairt don bhreitheamh chun níos mó faisnéise a lorg ar an dlí nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí na fianaise. Tagann na giúróirí ar ais chuig seomra na cúirte chun cúnamh a fháil ón mbreitheamh, ach ní fhéadtar breithniú a dhéanamh ar fhianaise nua ag an gcéim seo.
Níl an coiste dháréag freagrach as pianbhreitheanna a leagadh amach. Is é an breitheamh atá freagrach as chinneadh a dhéanamh i ndiaidh aighneachtaí a fháil ón dá thaobh.
Baineann pianbhreitheanna sainordaitheacha le cionta áirithe. Mar shampla, nuair a fhaigheann an coiste dháréag duine ciontach as dúnmharú, bíonn ar an mbreitheamh téarma príosúnachta saoil a thabhairt amach.
Ní mór do ghiúróirí
Caithfear fíneáil a íoc do na cionta seo a leanas, a leagadh amach in Acht na nGiúrithe, 1976;
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.