Anseo atá tú: Baile > Dlí > Seomra Cúirte > Incháilitheacht do sheirbhís ghiúiré agus an próiseas roghnaithe

Print Page Send to a Friend

Incháilitheacht do sheirbhís ghiúiré agus an próiseas roghnaithe

Eolas

Incháilitheacht do sheirbhís ghiúiré

Bíonn gach saoránach na hÉireann nó na Breataine in Éirinn ó 18 bliain d’aois atá ar Chlár na dToghthóirí Dála incháilithe do sheirbhís ghiúiré cé is moite de:

  • Iad siúd a mbíonn baint acu in aon slí le riaradh an cheartais. Áirítear leo seo breithiúna, iar-bhreithiúna, an tUachtarán, an tArd-Aighne, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, baill den Gharda agus Óglaigh na hÉireann, oifigigh phríosúin, abhcóidí cleachtais, aturnaetha, oifigigh na cúirte ar nós cláraitheoirí agus pearsanra sna Ranna Rialtais a mbíonn baint acu le cúrsaí ceartais nó leis na cúirteanna.
  • Iad siúd nach mbíonn in ann freastal ar ghiúiré de bharr thinneas colainne nó meabhrach, iad siúd a bhíonn san ospidéal nó a chaithfidh freastal ar ospidéal go rialta, iad siúd le míchumas a chuirfeadh cosc orthu freastal ar ghiúiré ar nós daille, bodhaire nó neamhlitearthachta.

Leagtar síos na rialacha i gcomhair incháilitheachta do sheirbhís ghiúiré i Alt 6 de Acht na nGiúiréithe, 1976.

Dícháiliú

Bíonn na daoine seo a leanas dícháilithe ó sheirbhís ghiúiré:

  • Iad siúd a ciontaíodh i gcion tromchúiseach in Éirinn.
  • Iad siúd ar gearradh téarma príosúnachta de chúig bliana nó ní ba mhó orthu riamh.
  • Iad siúd ar gearradh téarma príosúnachta de thrí mhí orthu raimh le deich mbliana anuas.
  • Daoine a chónaíonn in Éirinn nach saoránaigh na hÉireann nó na Breataine iad.

Iad siúd a scaoiltear ón giúiré de bharr a gceart

Féadfar scaoileadh leis na daoine seo a leanas ó sheirbhís ghiúiré de bharr a gceart:

  • Ó Eanáir 2009, siúd atá 65 bliain d'aois nó os a chionn.
  • Baill de Thithe an Oireachtais (ceachtar teach), baill den Chomhairle Stáit, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Cléirigh Dháil Éireann agus Seanad Éireann, duine in Ord Beannaithe, ministéir d’aon sainchreideamh nó pobal creidimh, baill de mhainistreacha nó clochair, piolótaí aerárthaigh, mic léinn lán-aimseartha agus máistirí loinge.
  • Iad siúd a sholáthraíonn seirbhís thábhachtach don phobal, ar nós dochtúirí, altraí, cnáimhseacha (mná cabhrach), fiaclóirí, tréidlianna, poitigéirí srl.
  • Na daoine seo a leanas má dheimhnítear nach féidir le duine eile a bhfeidhmeanna a dhéanamh go réasúnta nó nach fhéidir iad a chur siar; baill fhoirne de cheachtar Teach an Oireachtais, Cinn de Ranna Rialtais, státseirbhísigh eile, príomhoifigigh fheidhmiúcháin agus fostaithe na n-údarás áitiúil, na mbord sláinte agus údaráis na gcuanta, múinteoirí scoile agus léachtóirí ollscoile.
  • Iad siúd a bhí ar ghiúiré cheana le trí bliana anuas nó ar scaoil breitheamh leo ag deireadh thréimhse seirbhíse roimhe seo do thréimhse seirbhíse nach bhfuil críochnaithe.

Ócáidí eile ar ar féidir scaoileadh leat

Áirítear leis na hócáidí eile ar ar féidir scaoileadh leat:

  • Féadann an Cláraitheoir Contae nó breitheamh na trialach scaoileadh leat má cheapann siad go bhfuil "cúis mhaith" ann leis.
  • Ag deireadh cáis "de mianach dian eisceachtúil", féadann breitheamh na trialach scaoileadh leis an ngiúiré ó sheirbhís ghiúiré ar feadh chomh fada agus is oiriúnach leo é.

Leagtar amach na rialacha faoi neamh-incháilitheacht agus dícháiliú ó sheirbhís ghiúiré in Alt 7 d’Acht na nGiúiréithe, 1976 agus in Alt 8 d’Acht na nGiúiréithe, 1976.

Roghnú na nGiúróirí

Gach giúróir a dtugtar toghairm dóibh, ní mór dóibh freastal ar an gcúirt ar an gcéad lá a chuirtear painéal an ghiúiré le chéile. Glaoitear ainm gach giúróir agus caithfidh tú freagairt chun a léiriú go bhfuil tú i láthair.

Tarraingítear ainmneacha ó bhosca ballóide chun is go gcuirfí painéal dháréag giúróir le chéile. Má ghlaoitear d’ainm rachaidh tú i mbosca na ngiúróirí agus tabharfar deis duit le maíomh más neamh-incháilithe nó dícháilithe ó sheirbhís giúiré tú nó más aithnid duit aon duine de na finnéithe sa chás.

B’fhéidir nach ndéanfaidh tú seirbhís ghiúiré fiú má ghlaoitear ort chun seirbhís ghiúiré. Glaoitear ar níos mo daoine ná mar is gá de ghnáth. Caithfidh tú filleadh ar cúirt gach lá, is cuma an gcuirtear faoi mhionn ar phainéal giúiré nó nach gcuirtear, mura dtreoraíonn an chúirt a mhalairt duit.

Is féidir le ceachtar taobh den chás agóid a dhéanamh i do choinne sula dtugann tú do mhionn. Níl anseo ach agóid i gcoinne giúróra mholta. Féadann gach taobh agóid a dhéanamh i gcoinne 7 giúróirí féideartha gan aon chúis a thabhairt leis agus is féidir leo agóid a dhéanamh i gcoinne aon líon giúróirí más féidir leo "cúis a léiriú" leis.

Má bhíonn agóid déanta i do choinne agus gan cúis tugtha leis, fágfaidh tú bosca na ngiúróirí. Má thugtar cúis leis an agóid, is é an breitheamh a chinnfidh an dtabharfaidh tú seirbhís nó nach dtabharfaidh.

Tabharfaidh an dáréag ball den ghiúiré atá roghnaithe mionnú ina n-aonar nó dearbhóidh siad go dtriailfidh siad an cheist i gceart agus go dtabharfaidh siad breithiúnas fírinneach de réir na fianaise.

Nuair a bhíonn an giúiré curtha faoi mhionn agus sula dtosaíonn an cás, roghnaíonn sé príomhghiúróir oná bhaill. Gníomhaíonn an príomhghiúróir mar chathaoirleach neamhfhoirmiúil agus mar urlabharaí an ghiúiré.

Tuilleadh Eolais

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le giúiréithe agus dualgas giúiré déan teagmháil leis:

An tSeirbhís Chúirteanna

15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Feidhmeanna agus Dualgais Choiste Dháréag in Éirinn
    Tá ról an-tábhachtach ag lucht coistí dháréag in Éirinn. Cur síos ar do dhualgais agus ar conas a dhéantar an triail choiriúil a stiúradh.
  • Seirbhís Ghiúiré in Éirinn
    Cad is seirbhís ghiúiré ann in Éirinn? Faigh eolas ar conas a roghnaítear baill ghiúiré in Éirinn, conas a dhéantar teagmháil leo agus ar do chearta fostaíochta.
  • Ról an ghiúiré
    Cuireann an doiciméad seo síos ar ról agus feidhm giúiré i gcúirt dlí in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.