Anseo atá tú: Baile > Dlí > Seomra Cúirte > An luathscríbhneoir cúirte

Print Page Send to a Friend

An luathscríbhneoir cúirte

Eolas

Bíonn an luathscríbhneoir cúirte ina shuí/ina suí go hiondúil ar ardán ardaithe beagán faoin mbreitheamh, gar don chláraitheoir cúirte. Ní chaitheann sé nó sí aon éadach speisialta sa chúirt.

Coinníonn an luathscríbhneoir cúirte taifead scríofa focal ar fhocal den mhéid a ndeirtear le linn trialach. Úsáideann an luathscríbhneoir gléas atá cosúil le clóscríobhán ,a ligeann dó/di gach a ndeirtear le linn na trialach a thaifeadadh.

Tar éis na trialach, déanfaidh an luathscríbhneoir gach rud a taifeadadh a athscríobh i athscríbhinní arbh fhéidir iad a chur ar fáil do phaírtithe uilig an cháis agus don bhreitheamh.

Is iad comhlachtaí príobháideacha a fhostaíonn luathscríbhneoirí. Ina lán cásanna, leithéidí cásanna coiriúla, cásanna gnó agus dlí teaghlaigh, íocann an Stát as an luathscríbhneoir. I gcásanna eile, fágtar faoi na páirtithe féin an luathscríbhneoir a fhostú agus a íoc.

Coinnítear cuntas scríofa go príomha chun cabhrú leis na páirtithe má theastaíonn uathu cinneadh an bhreithimh a achomarc níos deireanaí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 March 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ról an bhreithimh
    Cuireann an doiciméad seo síos ar ról agus feidhm breithimh i gcúirt dlí in Éirinn.
  • Achomharc a dhéanamh maidir le torthaí do thástála tiomána
    Is féidir achomharc a dhéanamh ar thorthaí do thástála tiomána in Éirinn. Faigh amach faoin dlí a bhaineann leis seo agus léigh faoina dtarlóidh sa chúirt ar lá na héisteachta.
  • Fianaise a thabhairt le nasc teilifíse
    Tá reachtaíocht tugtha isteach le deireanas in Éirinn a thugann cead fianaise a thabhairt le nasc-físe i gcás cúirte. Tá cur síos sa cháipéis seo ar na hamanna inár féidir le finné i gcás cúirte fianaise a thabhairt tríd nasc teilifíse.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.