Tuairisceoirí cúirte

Eolas

Go hiondúil bíonn tuairisceoirí cúirte fostaithe ag nuachtáin agus comhlachtaí tuairiscí dlí. Bíonn siad i láthair sa chúirt chun nótaí a ghlacadh faoi chásanna spéisiúla nó tábhachtacha agus tuairisc a dhéanamh orthu sna nuachtáin nó sna tuairiscí dlí.

Is féidir le tuairisceoirí cúirte suí áit ar bith sa chúirt agus ní chaitheann siad aon éadach speisialta. Ní ghlacann siad páirt ar bith sna himeachtaí - níl siad ann ach le nótaí a scríobh agus le cásanna a thuairisciú.

Page edited: 21 April 2015