Cineál dlíodóra is ea abhcóide ar speisialtóir é in abhcóideacht chúirte agus i gcomhairle dlíthiúil.
Chun bheith i do abhcóide ní mór duit éirí leat i scrúduithe de chuid Kings Inns, caithfidh tú bheith "glaoite chun an Bharra" agus bliain a chaitheamh ag oibriú mar chúntóir d'abhcóide, ar cineál printíseachta é.
Ní mór do abhcóidí bónaí bána agus róba dubh a chaitheamh i bhformhór na gcúirteanna. Ní mór dóibh peiriúic a chaitheamh chomh maith. I gcúirteanna áirithe, mar shampla a i gcúirteanna dlí teaghlaigh, ní chaitheann abhcóidí peiriúic nó róbaí.
In Éirinn ní ligtear do abhcóidí seomraí nó comhpháirtíochtaí a bhunú. Tá gach abhcóide féin-fhostaithe agus oibríonn sé mar dhuine aonair.
Má tá tú páirteach i gcás dlí d'fhéadfá bualach le abhcóidí sóisir agus sinsir.
Tá réimse leathan feidhmeanna an ag abhcóidí:
Ní féidir teagmháil a dhéanamh go díreach le abhcóide - déanann aturnaetha iad a fhostú chun obair ar chás. Nuair a theann tú i dteagmháil le aturnae ag lorg comhairle dlithiúla, d'fhéadfadh do aturnae moladh duit go ndéanfaí abhcóide a fhostú chun seirbhísí a sholáthar.
Má shocraíonn tú agus do aturnae ar abhcóide a úsáid i do chás, cuirfidh an aturnae mionteagasc chuig an abhcóide leis an eolas ábhartha agus na doiciméid uilig chun cabhrú leis nó léi an cás a chur i láthair.
Caithfidh abhcóidí feidhmiú de réir Cód Proifisiúnta Iompair Chomhairle an Bharra. Caitheann abhcóidí cuid mhaith rialacha ginearálta a leanúint, mar shampla:
Tá rialacha níos sainiúla ann faoi dhualgais abhcóidí i gcásanna coiriúla.
Tá difríochtaí móra sna rátaí agus táillí a iarrann abhcóidí. Ba chóir ceist a chur ar do aturnae faoin gcostas a bheidh ar abhcóide a fhostú chun feidhmiú ar do shon.
Chun abhcóide a fhostú, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le aturnae, agus cuirfidh sé sin mionteagasc chuig an abhcóide.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.