Doiciméid cúirte is ea pleadálacha (a gcuirtear eascairí orthu scataí) a ndéanann na páirtithe i gcás a mhalartú. Cuirtear an "Comhghearánaí" ar an té atá ag agairt an cháis. Cuirtear an "Cosantóir" ar an duine a bhfuil cás á agairt leis.
Má fhaigheann tú eascaire nó pleadáil trí dhearmad, níor mhór duit dul i dteagmháil leis an aturnae a bhfuil a ainm ar an doiciméad.
Más mian leis an gComhghearánaí imeachtaí a thosú sa Chúirt Dúiche, déanfaidh a aturnae toghairm shibhialta a ullmhú don Chosantóir.
Ansin cuirfidh an Cosantóir (nó a aturnae) Fógra go bhfuiltear chun an cás a chosaint chuig an Comhghearánaí nó a aturnae le cur in iúl go bhfuil sé ar a intinn an cás a chosaint.
Má chreideann an Cosantóir go bhfuil éileamh aige ar an gComhghearánaí, déanfaidh an Cosantóir Fógra Frithéilimh a eisiúint a leagfaidh amach an t-éileamh atá aige ar an gComhghearánaí.
Más cás a bhaineann leis an Ard Chúirt nó cás de chuid na Cúirte Cuarda atá i gceist, is iondúil go gceapfaidh aturnae an Chomhghearánaí abhcóide chun pleadálacha an cháis a dhréachtú.
Déanfaidh abhcóide an Chomhghearánaí Bille Sibhialta a ullmhú más cás a bhaineann leis an gCúirt Chuarda atá i gceist agus Ráiteas Éilimh má bhaineann an cás leis an Ard Chúirt.
Is é an cuspóir atá ag na doiciméid seo ná an cás in aghaidh an Chosantóra a chur in iúl. Mar shampla, má bhaineann an cás le timpiste bhóthair ba chóir don eascaire cúinsí na timpiste a thaispeáint go soiléir agus a chur in iúl cén chaoi a bhfuil an locht ar an gCosantóir. Léireoidh an doiciméad go mion an díobháil a tharla don Comhghearánaí.
Nuair a fhaigheann an Cosantóir an doiciméad caithfidh sé láithreas a thaifeadadh le cur in iúl go bhfuil sé bainteach leis an gcás agus go bhfuil sé ar intinn aige é a chosaint. Is féidir leis an gCosantóir Fógra Sonraí a chur chuig an Comhghearánaí ag iarraidh tuilleadh sonraí agus eolais.
Nuair atá na Freagraí ar Shonraí faighte ag an gCosantóir, déanfar a Chosaint a eisiúint, ag cur in iúl cén fáth nach bhfuil an locht ar an gCosantóir. Má chreideann an Cosantóir go bhfuil éileamh aige ar an gComhghearánaí, déanfaidh an Cosantóir "fógra frithéilimh" a eisiúint a leagfaidh amach an t-éileamh atá aige ar an gComhghearánaí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.