Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Cinéalacha Éileamh

Print Page Send to a Friend

Cinéalacha Éileamh

Eolas

Tógtar go leor cásanna sibhialta de bharr timpistí bóithre, timpistí ag an láthair oibre agus sleamhnú nó titim i siopa, ar an mbóthar nó in áit phoiblí.

Is féidir freisin éileamh a bhunú ar shárú conartha nó ar an mbealach ina bhfuil comharsa ag cur isteach ort sásamh a bhaint as do mhaoin - éilimh "chrá".

I measc na gcineálacha eile éileamh tá éileamh ar dhamáistí de bharr clúmhillte, i.e., nuair a dhéantar damáiste d'ainm nó clú duine de bharr bréaga a chur i gcló ar bhealach buan (mar shampla, i nuachtán). Tarlaíonn béadchaint nuair a dhéantar damáiste d'ainm nó clú duine de bharr bréaga a fhoilsiú ar bhealach nach bhfuil buan (mar shampla, i gcomhrá).

D'fhéadfadh sé go mbeadh éileamh agat i dtaobh úinéireachta talún nó go mbeadh ort dul i muinín na cúirte le ceisteanna a bhaineann le briseadh síos pósta a shocrú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.